Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Téarnamh agus atógáil na hÚcráine

Construction workers work on a building in Ukraine
SERGEI SUPINSKY/AFP via Getty Images
Téarnamh agus atógáil na hÚcráine

Tacaíocht leanúnach ón Aontas

Ní mór iarracht mhór airgeadais a dhéanamh go domhanda chun an Úcráin a atógáil nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh. Tá an tAontas ag cur go mór le hathléimneacht leanúnach na tíre cheana féin, ach beidh gá le tuilleadh tacaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma: chun bunchlocha tíre saoire rathúla a athbhunú, tír atá fréamhaithe i luachanna na hEorpa agus atá lánpháirtithe go maith i ngeilleagar na hEorpa agus i ngeilleagar an domhain, agus chun tacú léi ar a conair Eorpach.

Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise, tá tacaíocht airgeadais, dhaonnúil, éigeandála, bhuiséadach agus mhíleata dar luach beagnach €88 mbilliún á cur ar fáil ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag institiúidí airgeadais na hEorpa, faoi chur chuige Team Europe

  • €47.9 billiún chun tacú le hathléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na tíre ar an iomlán. Áirítear leis sin pacáiste tacaíochta airgeadais gan fasach dar luach €18 mbilliún in 2023
  • cuireadh cúnamh míleata dar luach €33.1 mbilliún ar fáil chomh maith faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus ag na Ballstáit go díreach
  • suas le €17 mbilliún curtha ar fáil do na Ballstáit chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh

Tá athchóirithe glasa á gcur chun cinn ag an Aontas freisin, chomh maith le hatógáil ghlas agus nuachóiriú déthaobhach na hÚcráine, laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir agus den Chomhphobal Fuinnimh.

Fad agus atá cogadh foghach ar siúl ag an Rúis, ní fios go fóill cé na riachtanais fhoriomlána a mbeidh gá leo maidir le hatógáil na hÚcráine. Mar sin féin, tá sé tábhachtach príomhbhloic thógála na hiarrachta idirnáisiúnta seo a leagan amach anois.

An tSaoráid don Úcráin

Chun cabhrú leis an Úcráin ina hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe, seolfaidh an tAontas sásra tacaíochta nua do na blianta 2024 go 2027. Is ionstraim thiomnaithe í an tSaoráid don Úcráin a chuirfidh ar chumas an Aontais suas le €50 billiún de thacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha a chur ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse sin.

Is léiriú í an tSaoráid ar ghealltanas an Aontais chun tacú leis an Úcráin agus í ag tabhairt aghaidh ar chogadh foghach leanúnach na Rúise agus í ar a bealach ionsar bhallraíocht san Aontas.

Faigh tuilleadh eolais faoin tSaoráid don Úcráin

An tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí

An 26 Eanáir 2023 seoladh an tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí chun tacú le próiseas deisiúcháin, téarnaimh agus atógála na hÚcráine. Éascaíonn an tArdán dlúth-chomhordú i measc deontóirí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí airgeadais agus cinntíonn sé tacaíocht chomhleanúnach thrédhearcach chuntasach.

Is é is aidhm dó comhordú feabhsaithe a chinntiú i measc na bpríomhghníomhaithe uile a chuireann tacaíocht airgeadais ghearrthéarmach ar fáil chomh maith le cúnamh níos fadtéarmaí a chinntiú freisin do chéim na hatógála. Ar an gcaoi sin, déanann sé forbairt ar thorthaí na gComhdhálacha i Lugano, i mBeirlín agus i bPáras, chun cabhrú leis an mbearna idir riachtanais agus acmhainní a líonadh.

Tuilleadh eolais faoin Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí don Úcráin

Tacaíocht idirnáisiúnta a shlógadh

Tá cabhair de dhíth ar an Úcráin anois níos mó ná riamh. Tá tacaíocht idirnáisiúnta á slógadh ag an gCoimisiún Eorpach agus a chomhpháirtithe le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta na hÚcráine, chomh maith lena hatógáil agus a téarnamh ó éifeachtaí an chogaidh. 

An Chomhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine

I mí Dheireadh Fómhair rinne an Coimisiún Eorpach agus an Ghearmáin, mar chathaoirleach ar an G7, an Chomhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine a chomhóstáil i mBeirlín. Céim thábhachtach eile a bhí sa chomhdháil a léirigh tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas agus ón gcomhphobal idirnáisiúnta don Úcráin. Cuireadh i dtreis ann freisin go leanfaidh an Coimisiún agus an comhphobal idirnáisiúnta de thacaíocht a thabhairt don Úcráin thar a riachtanais láithreacha, agus ar a bealach i dtreo aontachas leis an Aontas.

Leag Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, béim ar thrí ghné atá ríthábhachtach le go n-éireoidh le hatógáil na hÚcráine:

  • cinnte a dhéanamh de go bhfaigheann an Úcráin an tacaíocht a theastaíonn uaithi i gcónaí – fóirithint, athshlánú agus atógáil fhadtéarmach
  • an sásra ceart a bheith i bhfeidhm ionas go mbíonn an tacaíocht chomh leathan agus chomh hionchuimsitheach agus is féidir
  • iarrachtaí atógála na hÚcráine a leabú go daingean mar chuid dá conair i dtreo an Aontais Eorpaigh

I bhfianaise scála an dúshláin atá i gceist, is gá gur próiseas ionchuimsitheach a bheidh sna hiarrachtaí téarnaimh, próiseas ina mbeidh an iliomad páirtithe leasmhara ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon rannpháirteach, mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Sin an fáth ar thug an chomhdháil le chéile saineolaithe a bhfuil cáil dhomhanda orthu i ndisciplíní agus cúlraí éagsúla, chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach, in éineacht le rialtas na hÚcráine.

Tacaíocht do scoileanna na hÚcráine

Toisc gur sna scoileanna a thosaíonn todhchaí na hÚcráine, tá an tAontas Eorpach ag tacú le hathshlánú scoileanna a ndearnadh damáiste dóibh trí €100 milliún a chur ar fáil, rud a d’fhógair an tUachtarán ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2022.

Tá thart ar €14 mhilliún leithdháilte ag an gCoimisiún Eorpach chun busanna scoile a cheannach agus chun leanaí ón Úcráin a thabhairt ar scoil go sábháilte. Chomh maith leis sin, sheol an Coimisiún feachtas uile-Aontais chun busanna scoile a bhronnadh ar an Úcráin, busanna a chuirtear ar fáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Ag an am céanna, oibreoidh an Coimisiún leis an Úcráin chun rochtain shaoráideach na tíre ar an margadh aonair a chinntiú, lena gcumhachtófar an Úcráin an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht na tíre, chun cuidiú le dlús a chur leis an bhfás agus chun deiseanna a chruthú.

Faigh tuilleadh eolais faoi na busanna scoile don Úcráin