Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
An tAontas Eorpach, na Ballstáit agus muintir na hEorpa ar fud na mór-roinne, tá siad spreagtha chun tacú leis na daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Beidh an Eoraip ann dóibh sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Tá obair ar bun againn i ngach réimse chun tacú leis an Úcráin le cabhair, cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta. Tá an sásra um chosaint shealadach gníomhachtaithe againn chun stádas slán a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, sin chomh maith le rochtain ar scoileanna, ar chúram leighis agus ar fhostaíocht san Aontas. Táimid réidh chun tuilleadh cúnaimh agus tacaíochta a thabhairt dóibh siúd a d’fhág an Úcráin chun cosaint a lorg san Aontas agus dóibh siúd a d’fhan san Úcráin.