Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Tacaíocht mhíleata ón Aontas don Úcráin

Cadets Of The Military Institute Take The Oath In Kyiv

Aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine

Tá tacaíocht mhíleata thart ar €32 bhilliún curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit don Úcráin. Áirítear leis sin €6.1 billiún faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le trealamh míleata a sheachadadh.

I mí an Mhárta 2024, bhunaigh an Chomhairle Ciste Cúnaimh tiomnaithe don Úcráin ar fiú €5 bhilliún é. Fágann sin gurb é €11.1 billiún an tacaíocht airgeadais iomlán a leithdháileadh tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

Ina theannta sin, tá Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin, a fuair €362 mhilliún mar mhaoiniú, ag dul i ngleic le riachtanais oiliúna fhórsaí armtha na hÚcráine agus chuir sé oiliúint ar bhreis agus 47,000 saighdiúir Úcránach.

Borradh a chur faoi acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais

Tá tionscal cosanta na hEorpa tar éis méadú 40% a dhéanamh ar a acmhainneacht táirgeachta le haghaidh armlóin. Tá práinn le dlús a chur le seachadadh diúracán agus armlóin, go háirithe faoin tionscnamh chun 1 mhilliún urchar armlóin airtléire a chur ar fáil, agus níos mó córais aerchosanta a chur ar fáil don Úcráin. 

Cuirfidh an tAontas lena acmhainneacht táirgeachta armlóin agus diúracán freisin, tar éis ghlacadh an Ghnímh chun Tacú le Táirgeadh Armlón (‘ASAP’). A bhuí le ‘ASAP’, beidh tionscal cosanta an Aontais in ann níos mó a tháirgeadh agus ar bhealach níos tapúla toisc go dtacóidh an Rialachán leis an atreisiú tionsclaíoch ar fud na slabhraí soláthair armlóin agus diúracán san Aontas. Is freagairt dhíreach é ar an nglao chun armlón a sheachadadh go práinneach, chomh maith le diúracáin má iarrtar sin, chuig an Úcráin agus cuidiú leis na Ballstáit a gcuid stoc a athlíonadh trí bhearta spriocdhírithe a thabhairt isteach.