Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Seasann an tAontas le chéile leis an Úcráin

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Tá an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta aontaithe agus ionsaí Putin ar an Úcráin á cháineadh acu. Cuirfimid tacaíocht ar fáil dóibh siúd atá ag lorg dídine agus cabhróimid leo siúd atá ag lorg slí shábháilte abhaile. Leanfaidh an tAontas de chúnamh láidir polaitiúil, airgeadais agus daonnúil a chur ar fáil don Úcráin agus de smachtbhannaí a chur ar an Rúis agus orthu siúd atá comhpháirteach sa chogadh.

Ag seasamh leis an Úcráin, feadh an bhealaigh

Sa spotsolas

Gníomhaíochtaí an Aontais

Amlíne

  1. 1 Feabhra 2024

    Chomhaontaigh ceannairí an Aontais tacaíocht rialta intuartha a chur ar fáil don Úcráin trí ionstraim airgeadais thiomnaithe nua. Cuirfidh an tSaoráid don Úcráin suas le €50 billiún ar fáil i bhfoirm deontas agus iasachtaí go dtí 2027.

  2. 31 Eanáir 2024

    Mhol an Coimisiún fionraí na ndleachtanna agus na gcuótaí iompórtála na hÚcráine chuig an Aontas a athnuachan go ceann bliana eile.

  3. 20 Nollaig 2023

    D’oscail an Coimisiún Oifig nua Fís Eorpach i gCív.

  4. 18 Nollaig 2023

    Ghlac an tAontas an 11ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair i gcoinne na Rúise.

  5. 14 Nollaig 2023

    Chinn ceannairí an Aontais tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin.

  6. 14 Nollaig 2023
  7. 24 Samhain 2023

    D’íoc an Coimisiún €1.5 billiún breise leis an Úcráin. Fágann an íocaíocht sin go bhfuil €16.5 billiún faighte go dtí seo ag an Úcráin as na €18 mbilliún atá beartaithe faoi Chúnamh Macrairgeadais+ do 2023.

  8. 8 Samhain 2023

    Mhol an Coimisiún go gcuirfeadh an Chomhairle tús le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, mar chuid de Phacáiste um Méadú 2023.

  9. 22 Meán Fómhair 2023

    €1.5 billiún breise íoctha ag an gCoimisiún leis an Úcráin. Tar éis na híocaíochta seo, tá €13.5 billiún faighte ag an Úcráin go dtí seo i mbliana faoin gCúnamh Macrairgeadais ‘Plus’.

  10. 19 Meán Fómhair 2023

    Mhol an Coimisiún síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do dhaoine atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine go dtí mí an Mhárta 2025.

  11. 15 Meán Fómhair 2023

    Tar éis dhul in éag na mbeart sriantach maidir le heaspórtálacha gráin agus táirgí bia eile ón Úcráin chuig an Aontas, d’aontaigh an Úcráin bearta a thabhairt isteach chun borradh athnuaite faoi iompórtálacha an Aontais a sheachaint.

  12. 3 Lúnasa 2023

    D’fhorchuir an tAontas bearta srianta spriocdhírithe breise ar an mBealarúis.

  13. 23 Meitheamh 2023

    Ghlac an tAontas an 11ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair i gcoinne na Rúise

  14. 22 Meitheamh 2023

    D’íoc an Coimisiún €1.5 billiún faoin bpacáiste de Thacaíocht Macrairgeadais (MFA)+ don Úcráin. Leis an tráinse sin, tá €9 mbilliún as an €18 mbilliún atá beartaithe do 2023 eisíoctha cheana féin.

  15. 14 Meitheamh 2023

    Shlóg an tAontas stoc-chairn éigeandála agus cistiú chun tacú leis an bhfreagairt ghéarchéime ar bhearnú dhamba Nova Kakhovka.

  16. 6 Meitheamh 2023

    Chomhtháthaigh an Coimisiún an Úcráin tuilleadh i Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh maoiniú bonneagair

  17. 23 Bealtaine 2023

    D’íoc an Coimisiún €1.5 billiún breise i gcúnamh macrairgeadais don Úcráin. Leis an tráinse sin, tá €7.5 billiún eisíoctha ag an gCoimisiún go dtí seo as pacáiste tacaíochta ar fiú suas le €18 mbilliún é do 2023.

  18. 9 Bealtaine 2023

    Thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen cuairt ar Chív agus d’fhógair sí an 11ú phacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.

  19. 5 Bealtaine 2023

    Chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh tacaíocht €1 bhilliún faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

  20. 25 Aibreán 2023

    D’íoc an Coimisiún €1.5 billiún breise i gcúnamh macrairgeadais don Úcráin

  21. 20 Aibreán 2023

    Tháinig an Úcráin isteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, an creat dlúthpháirtíochta Eorpach a chabhraíonn le tíortha atá thíos le tubaiste

  22. 13 Aibreán 2023

    Ghlac an Chomhairle beart cúnaimh ar fiú €1 bhilliún é faoin tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine. Fágann an beart sin gurb é €4.6 billiún méid iomlán na ranníocaíochta atá tugtha ag an Aontas don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána go dtí seo.

  23. 21 Márta 2023

    €1.5 billiún breise eisíoctha ag an gCoimisiún i gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

  24. 20 Márta 2023

    Chomhaontaigh Ballstáit an Aontais dlús a chur le seachadadh agus soláthar comhpháirteach armlóin don Úcráin

  25. 16 Márta 2023

    Bauhaus Eorpach Nua: seoladh clár fothaithe acmhainneachta chun tús a chur le hatógáil na hÚcráine

  26. 8 Márta 2023

    D’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht faoin gcosaint shealadach atá á cur ar fáil le bliain anuas do dhaoine atá ar a dteitheadh ó fhogha na Rúise faoin Úcráin

  27. 4 Márta 2023

    Ba dhíol sásaimh d’Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, bunú an Lárionaid Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choireanna an Fhogha faoin Úcráin

  28. 3 Márta 2023

    Mar chuid de chomhthionscadal leis an gCoimisiún Eorpach, gheall an chuideachta fuinnimh Enel 5,700 grianphainéal fótavoltach a bhronnadh ar an Úcráin. Tá an tionscnamh sin mar chuid d’iarracht níos leithne an Aontais chun réitigh lasmuigh den eangach a chinntiú lena soláthrófaí leictreachas do phríomhfhoirgnimh shibhialta phoiblí san Úcráin.

  29. 25 Feabhra 2023

    Tháinig an tAontas ar chomhaontú faoin 10ú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise

  30. 24 Feabhra 2023

    Bliain amháin de fhrithbheartaíocht na hÚcráine: Cuireann an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht tiomantas agus dlúthpháirtíocht bhuanseasmhach an Aontais leis an Úcráin agus lena muintir

  31. 23 Feabhra 2023

    Mhol an Coimisiún fionraí na ndleachtanna iompórtála, na gcuótaí agus na mbeart cosanta trádála ar easpórtálacha na hÚcráine chuig an Aontas a athnuachan go ceann bliana eile

  32. 3 Feabhra 2023

    Tionóladh an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gCív

  33. 2 Feabhra 2023

    Thaistil Coláiste na gCoimisinéirí go Cív chun borradh a chur faoi tacaíocht agus faoi chomhar earnálach an Aontais leis an Úcráin

  34. 26 Eanáir 2023

    Sheol an tAontas ardán deontóirí chun téarnamh na hÚcráine a éascú

  35. 17 Eanáir 2023

    D’eisíoc an Coimisiún an chéad tráthchuid de €3 bhilliún don Úcráin ón bpacáiste maidir le Cúnamh Macrairgeadais+, pacáiste ar fiú suas le €18 mbilliún é

  36. 13 Nollaig 2022

    Sa chomhdháil ‘Seasaimis le muintir na hÚcráine’ i bPáras, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, seachadadh nua gineadóirí cumhachta ón Aontas, mol sláinte agus fuinnimh rescEU a bhunú sa Pholainn agus bolgáin solais sábhála fuinnimh a dheonú.

  37. 7 Nollaig 2022

    D’fhógair an Coimisiún an 9ú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise

     

  38. 30 Samhain 2022

    Mhol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen cúirt speisialaithe a chur ar bun chun coir fhoghach na Rúise a imscrúdú agus í a ionchúiseamh. D’fhógair sí freisin comhaontú idirnáisiúnta le comhpháirtithe an Aontais chun a chinntiú go n-íocfaidh an Rúis cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh don Úcráin

  39. 26 Samhain 2022

    Ghlac Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen páirt sa chruinniú mullaigh ‘Grán ón Úcráin’ agus d’fhógair sí tacaíocht an Choimisiúin chun 40,000 tonna gráin a iompar chuig na tíortha is mó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda bia

     

  40. 22 Samhain 2022

    D’eisíoc an Coimisiún €2.5 billiún breise i gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil

  41. 20 Samhain 2022

    Sheol an Coimisiún feachtas dlúthpháirtíochta an Aontais ‘Busanna scoile don Úcráin’

  42. 11 Samhain 2022

    Shlóg an Coimisiún Eorpach agus a chomhpháirtithe €1 bhilliún le haghaidh na Lánaí Dlúthpháirtíochta chun an tslándáil bia a fheabhsú ar fud an domhain agus líne tharrthála a thabhairt do gheilleagar na hÚcráine

  43. 9 Samhain 2022

    Pacáiste tacaíochta cobhsaí intuartha dar luach suas le €18 mbilliún molta ag an gCoimisiún don Úcráin le haghaidh 2023

  44. 25 Deireadh Fómhair 2022

    Rinne an Coimisiún Eorpach agus an Ghearmáin, mar Chathaoirleach ar G7, comhóstáil i mBeirlín ar an gComhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine

  45. 18 Deireadh Fómhair 2022

    D’eisíoc an Coimisiún €2 bhilliún breise i gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

  46. 17 Deireadh Fómhair 2022

    Ghlac an Chomhairle bearta breise cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chumais agus d’athléimneacht Fhórsaí Armtha na hÚcráine. Is é €3.1 billiún an ranníocaíocht iomlán atá déanta ag an Aontas go dtí seo faoin tSaoráid Eorpach Síochána don Úcráin

  47. 17 Deireadh Fómhair 2022

    Chomhaontaigh an Chomhairle Misean Cúnaimh Mhíleata a bhunú chun tacú leis an Úcráin (EUMAM Ukraine). Is é is aidhm don mhisean rannchuidiú le cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine a fheabhsú chun oibríochtaí míleata a stiúradh go héifeachtach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, sin agus a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh a chosaint.

  48. 6 Deireadh Fómhair 2022

    Chomhaontaigh an tAontas an 8ú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise

  49. 7 Meán Fómhair 2022

    Mhol an Coimisiún iasachtaí cúnaimh macrairgeadais (MFA) breise dar luach €5 bhilliún don Úcráin mar an dara cuid den phacáiste eisceachtúil MFA suas le €9 mbilliún a fógraíodh i mí na Bealtaine 2022.

  50. 6 Meán Fómhair 2022

    Mhol an Coimisiún Comhaontú an Aontais Eorpaigh um Eisiúint Víosaí a Éascú leis an Rúis a chur ar fionraí go hiomlán. Tá an méid sin mar fhreagairt ar rioscaí agus bagairtí méadaithe do leasanna slándála an Aontais agus do shlándáil náisiúnta a Bhallstát mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

  51. 1 Meán Fómhair 2022

    D’oscail an tAontas mol aslonnaithe leighis sa Pholainn chun aistrithe othar ón Úcráin a éascú. Cuirfidh an Mol spás sábháilte ar fáil do na hothair a thagann ón Úcráin sula gcuirfear ar aghaidh iad chun cóireáil a fháil in ospidéal i dtír Eorpach eile.

  52. 22 Iúil 2022

    Ghlac an Chomhairle dhá bheart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) arb é is aidhm dóibh dlús a chur le tacaíocht an Aontais d’acmhainneachtaí agus d’athléimneacht Fhórsaí Armtha na hÚcráine chun iomláine chríochach agus ceannasacht na tíre a chosaint, agus an pobal sibhialtach a chosaint ar fhogha míleata leanúnach na Rúise. Is é €2.5 billiún an ranníocaíocht atá déanta ag an Aontas go dtí seo faoin tSaoráid Eorpach Síochána don Úcráin.

    Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar 54 dhuine aonair agus ar 10 n-eintiteas breise mar fhreagairt ar fhogha míleata leanúnach na Rúise faoin Úcráin gan chúis gan údar.

  53. 15 Iúil 2022

    Shínigh an Coimisiún agus Rialtas na hÚcráine comhaontú lena ndearnadh an Úcráin a chomhlachú leis an gclár EU4Health. Leis an gcomhaontú sin, tabharfar rochtain don Úcráin ar mhaoiniú ón Aontas i réimse na sláinte agus cuirfear ar chumas chóras sláinte na hÚcráine freagairt do riachtanais láithreacha agus cuidiú leis an téarnamh fadtéarmach.

    Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh pacáiste nua beart chun éifeachtacht na sé phacáiste leathana smachtbhannaí gan fasach i gcoinne na Rúise a choinneáil agus a neartú. Leis an bpacáiste nua, tabharfar isteach toirmeasc nua ar iompórtáil ór na Rúise, agus treiseofar san am céanna an dé-úsáid agus na rialuithe easpórtála ardteicneolaíochta. D’fhormheas an Chomhairle na bearta sin an 21 Iúil. 

  54. 1 Iúil 2022

    Mhol an Coimisiún oibríocht nua tacaíochta macrairgeadais (MFA) don Úcráin ar fiú €1 bhilliún é, agus is í an chéad chuid den phacáiste eisceachtúil MFA suas le €9 mbilliún a fógraíodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2022. Eisíocadh na cistí leis an Úcráin go luath i mí Lúnasa.

    Ghlac an Coimisiún Cinneadh lena gcuirtear ar chumas na mBallstát dleachtanna custaim agus CBL a tharscaoileadh go sealadach maidir le bia, pluideanna, pubaill, gineadóirí leictreacha agus trealamh tarrthála eile, atá dírithe ar mhuintir na hÚcráine atá thíos leis an gcogadh, a iompórtáil ó thríú tíortha. Beidh feidhm chúlghabhálach ag an mbeart sin, a d’iarr na Ballstáit, ón 24 Feabhra 2022 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022.

  55. 28 Meitheamh 2022

    D’fhógair an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais go gcuirfear tús leis an trádáil leictreachais idir an Úcráin agus an tAontas an 30 Meitheamh. Leanann an fhorbairt sin sioncrónú éigeandála rathúil eangacha na hÚcráine agus na Moldóive leis an Eangach Ilchríochach Eorpach i mí an Mhárta. Is é seo an chéad chéim eile chun córais fuinnimh an dá thír sin a chomhtháthú leis an Eoraip.

  56. 27 Meitheamh 2022

    Tar éis don Úcráin trealamh leighis, trealamh cosanta agus trealamh speisialaithe a iarraidh i leith rioscaí don tsláinte phoiblí amhail bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, shlóg an Coimisiún a chúltacaí éigeandála nua rescEU.

  57. 23 Meitheamh 2022

    Bhronn an tAontas stádas tír is iarrthóir ar an Úcráin agus ar an Moldóiv

  58. 17 Meitheamh 2022

    Chuir an Coimisiún a Thuairim i láthair maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas agus mhol sé don Chomhairle stádas mar iarrthóir a bhronnadh ar an tír ar an tuiscint go ndéanfar céimeanna i roinnt réimsí.

  59. 14 Meitheamh 2022

    Thug an Coimisiún treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an dóigh chun daoine atá ag teacht ón Úcráin a lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus tacú leis an rochtain atá acu ar oiliúint agus ar fhoghlaim aosach. Tá roinnt samplaí nithiúla sa treoir freisin de thionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a thacaíonn le comhtháthú i margadh an tsaothair.

  60. 11 Meitheamh 2022

    Bhuail an tUachtarán von der Leyen leis an Uachtarán Zelenskyy i gCív agus bhí plé acu mar ullmhúchán do thuairim an Choimisiúin maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas. 

  61. 9 Meitheamh 2022

    D’fhógair an tAontas €205 mhilliún breise i gcúnamh daonnúil don Úcráin. Fágann sé sin gur fiú os cionn €700 milliún maoiniú cabhrach daonnúla agus luach na cabhrach comhchineáil ón Aontas mar fhreagairt ar ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin, agus tá €13 mhilliún de sin curtha i leataobh do thionscadail sa Mholdóiv.

  62. 9 Meitheamh 2022

    Chuir an tAontas ar bun beart tacaíochta €20 milliún le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta san Úcráin tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach.

  63. 31 Bealtaine 2022

    Sheol an Coimisiún ardán an Aontais chun eolas a mhalartú faoi thairbhithe de chosaint shealadach agus de chosaint leordhóthanach. A bhuí leis an ardán beidh na Ballstáit in ann faisnéis a mhalartú i bhfíor-am faoi dhaoine atá cláraithe ionas gur féidir le daoine atá ag teitheadh ón Úcráin tairbhe éifeachtach a bhaint as a gcearta sna Ballstáit uile, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar chásanna ina bhfuil clárú dúbailte nó níos mó agus mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann a theorannú.  

  64. 30 Bealtaine 2022

    Ag teacht le chéile do cheannairí an Aontais ag an gComhairle Eorpach urghnách, tháinig siad ar chomhaontú maidir leis an séú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. 

  65. 25 Bealtaine 2022

    Chun cuidiú le bearta sriantacha an Aontais a chur i bhfeidhm, mhol an Coimisiún sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chur le liosta choireanna an Aontais, sin agus na rialacha maidir le sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú a threisiú. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear bearta sriantacha an Aontais i bhfeidhm ina n-iomláine agus nach gceadófar do shárú na mbeart sin. Tá sé mar aidhm leis na tograí sin a chinntiú go bhféadfar sócmhainní na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a sháraíonn na bearta sriantacha a choigistiú go héifeachtach amach anseo.

  66. 20 Bealtaine 2022

    D’eisíoc an Coimisiún Cúnamh Macrairgeadais éigeandála dar luach €600 milliún chun aghaidh a thabhairt ar ghéar-riachtanais airgeadais na hÚcráin, rud a chinnteofar gur féidir léi leanúint de sheirbhísí riachtanacha a fheidhmiú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhunúsacha laethúla. Is í an eisíocaíocht sin an tráinse deiridh den phacáiste cúnaimh airgeadais €1.2 billiún a d’fhógair an Coimisiún ag deireadh mhí Eanáir 2022. 

  67. 18 Bealtaine 2022

    Leag an Coimisiún amach pleananna maidir le freagairt láithreach an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine, agus d’fhógair sé suas le €9 mbilliún de chúnamh macrairgeadais do 2022, chomh maith leis an gcreat um atógáil níos fadtéarmaí

  68. 16 Bealtaine 2022

    Sheol an Coimisiún líne chabhrach ghutháin thiomnaithe in Úcráinis agus i Rúisis chun eolas a chur ar fáil agus chun cuidiú leo siúd a bhí ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.

  69. 12 Bealtaine 2022

    Leag an Coimisiún amach plean gníomhaíochta chun Lánaí Dlúthpháirtíochta a bhunú chun a chinntiú go mbeidh an Úcráin in ann grán a easpórtáil, ach go mbeidh sí in ann na hearraí atá ag teastáil uaidh a iompórtáil freisin, ó chabhair dhaonnúil go beatha ainmhithe agus leasacháin.

  70. 5 Bealtaine 2022

    D’fhógair an Coimisiún pacáiste nua cabhrach €200 milliún chun tacú le daoine easáitithe san Úcráin i gcomhthéacs Chomhdháil Idirnáisiúnta na nDeontóirí a thionóil an Pholainn agus an tSualainn le chéile.

  71. 29 Aibreán 2022

    Tá breis agus €3.5 billiún i réamhíocaíochtaí íoctha ag an gCoimisiún leis na Ballstáit chun cuidiú leo bainistiú a dhéanamh ar theacht isteach ar a gcríocha daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Rinneadh na híocaíochtaí do REACT-EU faoi Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe an Aontais le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip.

  72. 27 Aibreán 2022

    Mhol an Coimisiún dleachtanna iompórtála ar na heaspórtálacha go léir ón Úcráin isteach san Aontas a chur ar fionraí ar feadh bliana. Leis an togra, chuirfí bearta frithdhumpála agus cosanta uile an Aontais ar fionraí freisin ar feadh bliana maidir le heaspórtálacha cruach na hÚcráine. Ceapadh an chéim fhorleathan sin chun cuidiú le borradh a chur faoi easpórtálacha na hÚcráine chuig an Aontas agus staid dheacair na dtáirgeoirí agus na n-easpórtálaithe ón Úcráin a mhaolú.

  73. 17 Aibreán 2022

    €50 milliún breise de mhaoiniú daonnúil leithdháilte ag an Aontas chun tacú leis na daoine atá thíos le cogadh na Rúise san Úcráin, €45 mhilliún san áireamh le haghaidh tionscadail dhaonnúla san Úcráin agus €5 mhilliún don Mholdóiv. Leis an méid sin, is é €143 mhilliún maoiniú cabhrach daonnúla iomlán an Aontais mar fhreagairt ar an gcogadh. Tá an maoiniú sin mar chuid den phacáiste tacaíochta €1 bhilliún a gheall an Coimisiún Eorpach ag an ócáid ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’.

  74. 9 Aibreán 2022

    Leis an ócáid gealltanais dhomhanda agus feachtas ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’, bailíodh €9.1 billiún do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise, laistigh den Úcráin agus thar lear, agus €1 bhilliún ón gCoimisiún Eorpach san áireamh ann. Anuas air sin, tá iasacht bhreise €1 bhilliún fógartha ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá easáitithe mar thoradh ar an ionradh.

  75. 8 Aibreán 2022

    Tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir leis an gcúigiú pacáiste de bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise inniu mar fhreagairt ar a hionsaí brúidiúil ar an Úcráin agus ar a muintir. In éineacht leis na 4 phacáiste a tháinig roimhe seo, cuirfidh na smachtbhannaí seo leis an mbrú eacnamaíoch atá á chur ar an gCreimil agus déanfaidh siad an-dochar dá cumas a hionradh ar an Úcráin a mhaoiniú. Is leithne agus is géire na bearta seo agus dá bhrí sin is mó an dochar a dhéanann siad do gheilleagar na Rúise. Rinneadh iad a chomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

  76. 8 Aibreán 2022

    Shínigh oibreoirí teileachumarsáide atá lonnaithe san Aontas agus san Úcráin ráiteas comhpháirteach maidir lena n-iarrachtaí comhordaithe chun fánaíocht agus glaonna idirnáisiúnta inacmhainne nó saor in aisce idir an tAontas agus an Úcráin a chinntiú agus a chobhsú. Tá sé mar aidhm leis an ráiteas comhpháirteach creat níos cobhsaí a bhunú chun cabhrú le muintir na hÚcráine atá easáitithe ar fud na hEorpa fanacht i dteagmháil lena muintir agus lena gcairde sa bhaile.

  77. 6 Aibreán 2022

    D’fhoilsigh an Coimisiún moladh maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuirfidh sé treoraíocht agus comhairle phraiticiúil ar fáil do na Ballstáit chun próiseas aitheantais gasta, cóir agus solúbtha a chinntiú.

  78. 5 Aibreán 2022

    D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an cúigiú babhta de smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise. Leis na bearta sriantacha níos leithne agus níos géire, díreofar ar 6 cholún, rud a dhéanfaidh difear suntasach do gheilleagar na Rúise agus a choinneoidh an brú ar rialtas na Rúise.

  79. 4 Aibreán 2022

    Chuir an tAontas Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú in éineacht leis an Úcráin ar bun chun fianaise a bhailiú agus chun imscrúdú a dhéanamh ar choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna. Tá an tAontas réidh leis an iarracht sin a threisiú trí fhoirne imscrúdaithe a sheoladh ar an láthair chun tacú le Seirbhísí Ionchúisimh na hÚcráine. 

  80. 1 Aibreán 2022

    Ghlac an Coimisiún togra maidir le nótaí bainc hryvnia á gcomhshó in airgeadra na mBallstát óstach ag daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin. Is é is aidhm dó cur chuige comhordaithe a chur chun cinn chun na coinníollacha céanna a chur ar fáil dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón Úcráin chun a nótaí bainc hryvnia a chomhshó ina n-airgeadra áitiúil gan beann ar an mBallstát atá á n-óstáil.

  81. 28 Márta 2022

    Ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, chuir an Leas-Uachtarán um ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn, Margaritis Schinas, agus an Coimisinéir um Ghnóthaí Baile, Ylva Johansson, i gcomhar le hUachtaránacht na Fraince ar an gComhairle dá ndearna an tAire Gérald Darmanin ionadaíocht, Plean 10 bPointe i láthair le haghaidh comhordú Eorpach níos láidre i dtaca le fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh i gcoinne na hÚcráine.

  82. 25 Márta 2022

    D’fhógair an Coimisiún Eorpach agus Rialtas Cheanada feachtas domhanda chun maoiniú a thiomsú a thacóidh le daoine atá ag teitheadh ón ionradh ar an Úcráin, i gcomhar leis an eagraíocht idirnáisiúnta abhcóideachta Global Citizen.

  83. 23 Márta 2022

    Leag an Coimisiún amach na bearta atá á ndéanamh chun tacú leis na Ballstáit le freastal ar riachtanais na ndaoine sin atá ag teitheadh ón gcogadh i gcoinne na hÚcráine. Seachas an tacaíocht láithreach a chuirtear ar fáil maidir le cúnaimh ag an teorainn, glacadh agus cosaint shibhialta, tá céimeanna breise glactha ag an Aontas chun cuidiú leis na Ballstáit a chinntiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag tairbhithe ar an gceart atá acu ar oideachas, ar chúram sláinte, ar chóiríocht agus ar phoist.  

  84. 22 Márta 2022

    Sheol an Coimisiún an tairseach ‘Limistéar Eorpach Taighde don Úcráin’, tairseach ilfhreastail le haghaidh seirbhísí eolais agus tacaíochta do thaighdeoirí atá lonnaithe san Úcráin agus atá ag teitheadh ón Úcráin.

  85. 17 Márta 2022

    Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ an Choimisiúin, rud a bunaíodh chun comhordú ar leibhéal an Aontais a chinntiú chun smachtbhannaí a chur chun feidhme i gcoinne olagarcaí na Rúise agus na Bealarúise, chuir sé dlús lena ghníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta.  Oibreoidh sé in éineacht leis an ‘Tascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise (REPO)’, faoina n-oibríonn an tAontas Eorpach i gcomhar le tíortha G7 agus leis an Astráil chomh maith.

  86. 15 Márta 2022

    Mar thoradh ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag ceannairí stáit nó rialtais an Aontais an 10-11 Márta, chinn an Chomhairle an 4ú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí aonair a fhorchur i ndáil le fogha míleata na Rúise faoin Úcráin. Leis na smachtbhannaí sin, cuirfear tuilleadh brú eacnamaíoch ar an gCreimil agus déanfar an-dochar dá cumas a hionradh ar an Úcráin a mhaoiniú.

  87. 11 Márta 2022

    D’eisíoc an Coimisiún €300 milliún i gCúnamh Macrairgeadais éigeandála leis an Úcráin. Is é sin an chéad chuid de thráthchuid €600 milliún faoi chlár éigeandála MFA nua na hÚcráine dar luach €1.2 billiún. Is léiriú nithiúil é an clár ar thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin.

  88. 9 Márta 2022

    Chinn an Chomhairle smachtbhannaí spriocdhírithe breise a fhorchur i bhfianaise na staide san Úcráin agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha. Ina measc tá bearta sriantacha maidir le 160 duine breise. In éineacht leis na bearta earnála lena ndírítear ar an mBealarúis agus ar an Rúis a ghlac an Chomhairle, leis na bearta nua sin dúntar bealaí éalaithe agus déantar na bearta atá ann cheana a chomhdhlúthú mar a chomhaontaigh an tAontas chun freagairt ar fhogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

  89. 8 Márta 2022

    Thug an Coimisiún achoimre ar an tacaíocht shuntasach atá á cur ar fáil ag an Aontas chun cuidiú leis na daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, sin agus chun cuidiú leis na tíortha de chuid an Aontais atá ag glacadh leo. Agus an dlúthpháirtíocht Eorpach á cur i ngníomh, táthar ag cuidiú le daoine trí chabhair dhaonnúil dhíreach, cúnamh éigeandála cosanta sibhialta, tacaíocht ag an teorainn, chomh maith le stádas soiléir dlíthiúil lena gcuirfear ar a gcumas dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh cosaint láithreach a fháil san Aontas.

  90. 8 Márta 2022

    Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip chun go mbeidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.

  91. 4 Márta 2022

    Chuir an Coimisiún comhar le heintitis de chuid na Rúise ar fionraí maidir le taighde, an eolaíocht agus an nuálaíocht. Ní thabharfaidh an Coimisiún aon chonradh nua ná aon chomhaontú nua i gcrích le heagraíochtaí Rúiseacha faoin gclár Fís Eorpach. Ar an gcaoi chéanna, chuir an Coimisiún comhar ar fionraí leis an Rúis agus lena comhghuaillí, an Bhealarúis, sna cláir um chomhar trasteorann de chuid na hIonstraime Eorpaí um Chomharsanacht, chomh maith leis an gclár réigiúnach Interreg Mhuir Bhailt, a chur ar fionraí.

  92. 2 Márta 2022

    Tar éis an fhógra ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh dáileadh na n-ardán bréagaisnéise Russia Today agus Sputnik, atá faoi úinéireacht Stát na Rúise, a chur ar fionraí ar fud an Aontais. Clúdaíonn na smachtbhannaí gach modh tarchurtha agus dáilte, mar shampla thar chábla, satailít, IPTV, ardáin, suíomhanna gréasáin agus aipeanna. Cuireadh gach ceadúnas, údarú agus comhshocrú dáilte ábhartha ar fionraí. Clúdaíonn na bearta sin gach Ballstát den Aontas agus beidh siad infheidhme go díreach láithreach.

  93. 2 Márta 2022

    Mhol an Coimisiún an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú chun cúnamh tapa éifeachtach a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Faoin togra seo, tabharfar cosaint shealadach san Aontas dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh, rud a chiallaíonn go dtabharfar cead cónaithe dóibh agus go mbeidh rochtain ar oideachas agus ar mhargadh an tsaothair acu.

  94. 2 Márta 2022

    Chomhaontaigh an tAontas príomhbhainc na Rúise a eisiamh ó chóras SWIFT, príomhchóras teachtaireachta airgeadais an domhain. Cuirfidh an beart sin bac ar na bainc sin idirbhearta airgeadais a dhéanamh ar fud an domhain ar bhealach tapa agus éifeachtúil. Rinneadh cinneadh an lae inniu a chomhordú go dlúth le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais, cuir i gcás na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe.

  95. 28 Feabhra 2022

    D’fhógair an Coimisiún €90 milliún breise do chláir chabhrach éigeandála mar chuid d’éileamh práinneach ar chabhair ó na Náisiúin Aontaithe chun cuidiú le sibhialtaigh atá thíos leis an gcogadh san Úcráin. Cuideoidh an maoiniú le daoine laistigh den Úcráin agus sa Mholdóiv.

    Tá comhordú á dhéanamh freisin ag an gCoimisiún chun cúnamh ábhartha a chur ar fáil chuig an Úcráin tríd an Sásra um Chosaint Shibhialta, le tairiscintí ó 20 mBallstát faoi láthair, 8 milliún earra cúraim leighis agus tacaíocht don chosaint shibhialta ina measc.

    Is í an Mholdóiv a ghníomhachtaigh an sásra chun tacú leis na daoine ón Úcráin a thagann isteach sa tír. Tá tacaíocht éigeandála, cuir i gcás earraí dídine agus cúnamh leighis, curtha ar fáil cheana féin ag an Ostair, an Fhrainc agus an Ísiltír don Mholdóiv.

  96. 27 Feabhra 2022

    Mhol an Coimisiún bearta tacaíochta breise don Úcráin chomh maith le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, a bhfuil an méid seo a leanas san áireamh:

    • maoiniú a chur ar fáil chun airm agus trealamh a cheannach don Úcráin agus iad a sheachadadh chun na tíre
    • aerspás an Aontais a dhúnadh ar gach aerárthach atá faoi úinéireacht na Rúise, atá cláraithe sa Rúis nó atá faoi rialú na Rúise [i bhfeidhm ó bhí an 28 Feabhra ann]
    • cosc a chur san Aontas ar Russia Today agus Sputnik, eagraíochtaí meán atá faoi úinéireacht an stáit, chomh maith lena bhfochuideachtaí [i bhfeidhm ó bhí an 2 Márta ann]

    Mhol an Coimisiún freisin pacáiste nua i gcoinne Réimeas Lukashenko sa Bhealarúis lena ndírítear ar na hearnálacha is tábhachtaí, lena gcuirtear srian le hearraí dé-úsáide a easpórtáil agus lena gcuirtear smachtbhannaí ar na Bealarúisigh a chuidíonn le hiarracht cogaidh na Rúise.

  97. 26 Feabhra 2022

    I gcomhar leis an bhFrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, mhol an Coimisiún sraith nua beart mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin. Tá na bearta dírithe ar an méid seo a leanas:

    • bainc thábhachtacha na Rúise a eisiamh ón gcóras SWIFT
    • toirmeasc a chur ar idirbhearta bhanc ceannais na Rúise agus a shócmhainní uile a chalcadh [i bhfeidhm ó bhí an 28 Feabhra ann]
    • díriú ar shócmhainní olagarcaí na Rúise [i bhfeidhm ó bhí an 28 Feabhra ann]
  98. 25 Feabhra 2022

    Mar obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Feabhra, ghlac an Chomhairle pacáiste de bhearta aonair agus eacnamaíocha atá bunaithe ar chúig cholún:

    • smachtbhannaí in earnáil an airgeadais lena laghdófar an rochtain atá ag an Rúis ar na margaí caipitil is tábhachtaí agus lena ndíreofar ar 70% de mhargadh baincéireachta na Rúise, ach freisin ar phríomhchuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit freisin, réimse na cosanta san áireamh
    • smachtbhannaí in earnáil an fhuinnimh lena gcuirfear toirmeasc ar earraí agus teicneolaíochtaí sonracha i scagadh ola a dhíol, a sholáthair, a aistriú nó a easpórtáil chun na Rúise agus lena dtabharfar isteach srianta maidir le soláthar seirbhísí gaolmhara
    • smachtbhannaí in earnáil an iompair lena gcuirfear cosc ar gach aerárthach, páirteanna spártha agus trealamh a dhíol d’aerlínte na Rúise. Déanfaidh sé sin dochar do phríomhearnáil gheilleagar na Rúise agus do nascacht na tíre.
    • smachtbhannaí in earnáil na teicneolaíochta lena gcuirfear srianta breise ar earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide a easpórtáil, chomh maith le srianta ar earraí agus teicneolaíochtaí áirithe a easpórtáil agus a d’fhéadfadh cuidiú leis an Rúis feabhas teicneolaíoch a chur ar an earnáil cosanta agus slándála.
    • smachtbhannaí do beartais víosaí, rud a fhágfaidh nach mbeidh rochtain phribhléideach ag taidhleoirí agus grúpaí gaolmhara, agus an lucht gnó ar an Aontas a thuilleadh.
  99. 24 Feabhra 2022

    Sa chruinniú urghnách de Chomhairle na hEorpa, cháin ceannairí an Aontais go neamhbhalbh an t-ionsaí míleata a rinne Cónaidhm na Rúise, gan chúis gan údar, i gcoinne na hÚcráine. Chomhaontaigh siad bearta sriantacha breise lena gcuirfear iarmhairtí ollmhóra tromchúiseacha i bhfeidhm ar an Rúis mar gheall ar a cuid gníomhaíochtaí, i dlúthchomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe an Aontais.

  100. 24 Feabhra 2022

    Cháin Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, fogha na Rúise ar an Úcráin go láidir. D’iarr sí ar an Rúis deireadh láithreacht a chur leis an bhforéigean agus a cuid trúpaí a tharraingt siar ó chríoch na hÚcráine. D’athdhearbhaigh sí freisin go dtacaíonn an tAontas go hiomlán leis an Úcráin agus lena muintir. Is éard a chuir sí i láthair ceannairí na hEorpa lena nglacadh pacáiste smachtbhannaí ollmhóra lena ndíreofar ar earnálacha straitéiseacha gheilleagar na Rúise trí bhac a chur ar an rochtain atá aici ar theicneolaíochtaí agus ar mhargaí.

  101. 23 Feabhra 2022

    Mar fhreagairt ar an aitheantas a thug an Rúis do na limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais in Donetsk agus in Luhansk na hÚcráine, agus ar chinneadh na Rúise trúpaí a chur chuig an réigiún, ghlac an tAontas pacáiste smachtbhannaí. Díríonn na smachtbhannaí sin ar an méid seo a leanas:

    • daoine aonair agus eintitis a raibh ról acu maidir leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
    • caidreamh eacnamaíoch idir an dá réigiún nach bhfuil faoi rialú an rialtais agus an tAontas, chun a chinntiú go mbraitheann na daoine freagracha iarmhairtí eacnamaíocha a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus ionsaitheacha go soiléir
    • cumas stát na Rúise agus rialtas na Rúise margaí agus seirbhísí caipitil agus airgeadais an Aontais a rochtain, chun teorainn a chur le maoiniú beartas atá géaraitheach agus ionsaitheach

Doiciméid