Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Cúnamh ón Aontas Eorpach don Úcráin

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Ucráinis | українська | Rúisis | русский

Seasann an tAontas le chéile ina thacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise agus a hiarrachtaí neamhdhleathacha chun críocha na hÚcráine a ionghabháil. Táimid tiomanta leanúint de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá.

Freagairt láidir chuimsitheach ón Aontas

San iomlán, is fiú beagnach €98 mbilliún tacaíocht an Aontais don Úcráin ó thosaigh cogadh foghach na Rúise. Tá an méid seo a leanas san áireamh ann: 

€47.9 billiún a chuir Team Europe ar fáil go dtí seo chun tacú le hathléimneacht fhoriomlán eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine 

€33.1 billiún i mbearta cúnaimh mhíleata, a bhfuil €11.1 billiún de curtha ar fáil faoin tSaoráid Eorpach Síochána 

suas le €17 mbilliún chun cabhrú leis na Ballstáit freastal ar riachtanais mhuintir na hÚcráine atá ar a dteitheadh ón gcogadh chuig an Aontas 

Chinn an tAontas, a Bhallstáit agus a institiúidí airgeadais cur chuige ‘Team Europe’ a ghlacadh mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag obair le chéile agus ag comhthiomsú ár n-acmhainní agus ár saineolais chun tionchar níos mó a bheith againn don Úcráin. 

Ó thús an ionsaithe, tá € 43.4 billiún curtha ar fáil ag Team Europe chun tacú leis an Úcráin. Tá an méid seo a leanas san áireamh ann:

  • cúnamh macrairgeadais 
  • tacaíocht bhuiséadach 
  • cúnamh éigeandála 
  • cistí freagartha géarchéime 
  • cabhair dhaonnúil 

Cúnamh macrairgeadais agus tacaíocht bhuiséadach

In 2023, chun leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin, cuireadh €19.5 billiún ar fáil le buiséad an Aontais mar chúnamh gearrthéarma, pacáiste tacaíochta san áireamh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo dar luach €18 mbilliún in iasachtaí lamháltais. Bhí an méid sin sa bhreis ar na hiasachtaí agus na deontais dar luach € 11.6 billiún a cuireadh ar fáil in 2022. A bhuí leis sin, bhí an Úcráin in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • leanúint de phánna agus pinsin a íoc
  • athbhunú a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil a ndearnadh damáiste dó de bharr an chogaidh
  • seirbhísí poiblí riachtanacha a choinneáil ag dul, amhail ospidéil, scoileanna agus tithe do dhaoine athlonnaithe
  • cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chinntiú

An tSaoráid don Úcráin: tacú le téarnamh agus atógáil na tíre, agus lena bealach i dtreo aontachais leis an Aontas Eorpach

Chun tacú leis an Úcráin ina hiarrachtaí fadtéarmacha chun téarnamh ón gcogadh agus chun obair a dhéanamh chun ballraíocht san Aontas a bhaint amach, sheol an tAontas ionstraim airgeadais thiomnaithe do na blianta 2024 go dtí 2027. Leis an tSaoráid don Úcráin beidh an tAontas in ann suas le €50 billiún de thacaíocht airgeadais intuartha sholúbtha a chur ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse sin.

Cé go bhfuil coinníollacha na Saoráide á gcur i bhfeidhm, is féidir leis an gCoimisiún maoiniú idirlinne éigeandála suas le €1.5 billiún in aghaidh na míosa a chur ar fáil don Úcráin ar feadh tréimhse theoranta. Cinnteofar leis sin gur féidir leis an Úcráin a hiarrachtaí a dhíriú ar an gcogadh a bhuachan, sin agus gur féidir léi leanúint de thuarastail agus pinsin a íoc agus seirbhísí poiblí bunúsacha a chur ar fáil. Go dtí seo, tá €4.5 billiún den tacaíocht ríthábhachtach sin faighte ag an Úcráin cheana féin.

Is léiriú í an tSaoráid ar ghealltanas an Aontais chun tacú leis an Úcráin agus í ag tabhairt aghaidh ar chogadh foghach leanúnach na Rúise agus í ar a bealach ionsar aontachas leis an Aontas.

Tuilleadh eolais faoin tSaoráid don Úcráin

Bearta chun tacú le geilleagar na hÚcráine

I mí Feabhra 2023, shínigh an Coimisiún Eorpach agus an Úcráin comhaontú go dtiocfadh an Úcráine isteach i gClár an Mhargaidh Aonair (SMP). Tacóidh an comhaontú sin le gnólachtaí na hÚcráine tríd an méid seo a leanas a éascú: 

  • rochtain ar mhargaí  
  • timpeallacht fhabhrach ghnó 
  • fás inbhuanaithe  
  • idirnáisiúnú 

Chomh maith leis sin, i mí Eanáir 2024 mhol an Coimisiún Eorpach athnuachan a dhéanamh ar fhionraí na ndleachtanna custaim, na gcuótaí agus na mbeart cosanta trádála uile ar easpórtálacha na hÚcráine chuig an Aontas go dtí mí an Mheithimh 2025 Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ó shin an fhionraíocht a athnuachan go ceann bliain eile.

Cuireann an tAontas tacaíocht ar fáil chomh maith trí ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag institiúidí airgeadais, amhail BEI agus BEAF. Cuirfidh sé sin ar a chumas do rialtas na hÚcráine creidmheas a chur ar fáil agus cuirfidh sé ar a gcumas do chuideachtaí seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil. 

Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta

32 thír
líon na dtíortha a bhfuil cúnamh tairgthe acu
breis agus 145,000 tona
méid na cabhrach comhchineáil atá seolta chun na hÚcráine

    Ina theannta sin, seachadadh os cionn 145,000 tona de chúnamh comhchineáil dar luach measta os cionn €798 milliún chuig an Úcráin ó Bhallstáit an Aontais agus ó chomhpháirtithe trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Chuir an tAontas agus na Ballstáit breis agus €110 milliún ar fáil freisin le haghaidh dímhianú daonnúil, a bhfuil €21.5 milliún san áireamh ó bhuiséad an Aontais.

    In 2022 shlóg an tAontas €330 milliún le haghaidh clár tacaíochta éigeandála a chuidigh chun rochtain a chinntiú ar earraí agus seirbhísí bunúsacha, amhail oideachas, cúram sláinte agus bia. Chuidigh an clár tacaíochta freisin leis an daonra a chosaint, daoine atá easáitithe ina dtír féin agus na pobail óstacha san áireamh, agus chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus leis an talmhaíocht.  

    Spriocanna tábhachtacha eile is ea bonneagar sibhialtach ar mhionscála a athchruthú, slándáil fuinnimh a chinntiú, agus neartú a dhéanamh ar an gcibearshlándáil, ar shaoirse na meán agus ar ghníomhaíochtaí i gcoinne an bhréageolais. Tionscadail dar luach €286 mhilliún atá ar siúl faoi láthair, rinneadh coigeartú orthu chun freastal ar riachtanais phráinneacha ar an láthair. 

    Moil lóistíochta éigeandála agus cabhair rescEU

    Mar gheall ar an méadú gasta atá ag teacht ar na riachtanais san Úcráin, tá soláthairtí leighis, aonaid shealadacha dídine agus gineadóirí cumhachta curtha ar fáil againn trí stoc-chairn rescEU, sin agus trealamh speisialaithe le haghaidh rioscaí don tsláinte phoiblí amhail bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha.  

    Ar an iomlán, chuireamar tacaíocht rescEU €127 milliún ar fáil don Úcráin ó thús an chogaidh.

    Tá aslonnuithe leighis á gcomhordú ag an Aontas d’othair ón Úcráin a bhfuil cóireáil de dhíth orthu go práinneach. Go dtí seo tá os cionn 3 100 othar aistrithe ag an Aontas chuig ospidéil ar fud na hEorpa chun cúram speisialaithe a fháil.  

    I mí Mheán Fómhair 2022 osclaíodh Mol Medevac an Aontais in Rzeszów na Polainne. Leis an mol, cuirtear spás sábháilte ar fáil do na hothair atá ag teacht ón Úcráin sula gcuirfear ar aghaidh iad chun cóireáil a fháil in ospidéal i dtír Eorpach eile. 

    Sa bhreis air sin, bhunaigh an Coimisiún moil lóistíochta um chosaint shibhialta sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic chun cabhair a dháileadh ar an Úcráin chomh tapa agus is féidir. Cuideoidh na moil sin chun an cúnamh atá á chur ar fáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a sholáthar. 

    An 21 Aibreán 2023 tháinig an Úcráin chun bheith ina stát rannpháirteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, an creat dlúthpháirtíochta Eorpach a chabhraíonn le tíortha atá thíos le tubaistí. 

    Cosaint shealadach

    Tar éis thús an ionraidh chuir an tAontas an Treoir um Chosaint Shealadach i bhfeidhm láithreach. Tugann sé sin cearta áirithe san Aontas do dhaoine easáitithe atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, agus an méid seo a leanas san áireamh:

    Ceadanna cónaithe

    Modhanna chun rochtain a fháil ar chóiríocht oiriúnach

    Cúram leighis

    Oideachas do leanaí

    Ó shin i leith, chuir tíortha an Aontais fáilte roimh níos mó ná ceithre mhilliún duine ón Úcráin faoin scéim cosanta sealadaí seo, ar cuireadh síneadh léi go dtí mí an Mhárta 2025.  

    Thug an Coimisiún an tsolúbthacht is mó is féidir isteach ionas gur féidir leis na Ballstáit cistí comhtháthaithe nár caitheadh a úsáid freisin chun tacú le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh. A bhuí leis sin, tá suas le €17 mbilliún curtha ar fáil. 

    Eolas do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh

    Lánaí Dlúthpháirtíochta

    Mar chuid d’fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an tír na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin an 12 Bealtaine 2022. Is conairí riachtanacha iad na Lánaí Dlúthpháirtíochta d’easpórtálacha talmhaíochta na hÚcráine, chomh maith le heaspórtálacha earraí atá de dhíth uirthi, ó chabhair dhaonnúil go beatha ainmhithe agus leasacháin. 

    Ó mhí na Bealtaine 2022 i leith, tá an méid seo a leanas bainte amach a bhuí leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta: 

    • cuidigh siad chun 122 mhilliún tona d’earraí ón Úcráin a easpórtáil, ina bhfuil 64 mhilliún tona gráin, olashíolta agus táirgí gaolmhara eile san áireamh
    • cuidigh siad chun breis agus 45 mhilliún tona earraí atá de dhíth uirthi a iompórtáil isteach san Úcráin, ó chabhair mhíleata agus cabhair dhaonnúil go breosla agus táirgí eile.
    • chuir siad tacaíocht theicniúil ar fáil don Úcráin, don Mholdóiv agus do thíortha an Aontais chun nósanna imeachta a éascú agus dlús a chur leo, sin agus deireadh a chur le scrogaill ag an teorainn 
    • síníodh comhaontuithe lasta leis an Úcráin agus leis an Moldóiv an 29 Meitheamh 2022 a bhuí leo chun idirthuras agus iompar ón dá thír agus chucu a éascú a thuilleadh 

    Tá os cionn € 2 bhilliún slógtha ó shin chun na Lánaí Dlúthpháirtíochta a mhéadú, agus ranníocaíochtaí ón gCoimisiún, ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, agus ón mBanc Domhanda san áireamh.

    Tuilleadh eolais faoi lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin

    Tacaíocht do pháistí scoile na hÚcráine

    Tacaíocht don earnáil fuinnimh

    I mí an Mhárta 2022 rinneadh eangach leictreachais na hÚcráine a shioncrónú leis an Aontas Eorpach. Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin san earnáil fuinnimh, trí shreafaí cúltreo gáis chuig an tír a chinntiú. Beidh an Úcráin in ann leas a bhaint as ceannach comhpháirteach gáis, gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus hidrigine san Aontas. 

    Ina theannta sin, tá níos mó ná 8 400 gineadóir cumhachta agus 35 mhilliún bolgán solais LED curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin. 

    Ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach, cuireadh breis agus €332 milliún ar fáil chun freastal ar riachtanais láithreacha earnáil fuinnimh na hÚcráine faoi Chiste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine arna bhunú ag an gComhphobal Fuinnimh.  

    Tacaíocht do nascacht agus teicneolaíocht fheabhsaithe

    I mí Iúil 2022 d’iarr an Coimisiún ar oibreoirí teileachumarsáide na hEorpa síneadh a chur lena gcomhaontú chun táillí fánaíochta a chur ar fionraí nó a laghdú go suntasach d’Úcránaigh san Aontas

    I mí an Mheithimh 2023, shínigh an tAontas agus an Úcráin comhaontú lena ndearnadh an Úcráin a chomhlachú le clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do thionscnóirí tionscadal na hÚcráine iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Aontas in earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach, rud a chuirfidh tuilleadh feabhais ar nascacht na hÚcráine lena comharsana san Aontas. 

    I mí na Nollag 2023 d’oscail an Coimisiún oifig nua Fís Eorpach i gCív. Cuideoidh rannpháirt na hÚcráine sa chlár Fís Eorpach agus i gClár Taighde agus Oiliúna Euratom le héiceachóras taighde agus nuálaíochta na tíre a chaomhnú agus a chothú.  

    Ó thús an chogaidh, tá dlús curtha ag an Aontas lena thacaíocht chun cibear-athléimneacht na hÚcráine a neartú le €10 milliún le haghaidh trealaimh, bogearraí agus tacaíocht ghaolmhar eile. Tá €19 milliún breise curtha ar fáil chun tacú leis an aistriú digiteach. 

    Tacaíocht don atógáil amach anseo

    Tacaíocht chun an Rúis a thabhairt chun cuntais

    Tá an tAontas ag tacú leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós san Úcráin trí thionscadal €7.25 milliún chun tacú le himscrúduithe na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh atá déanta ag an Rúis. Ina theannta sin, tá Eurojust ag tacú le Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú de chuid an Aontais, rud a bhunaigh an Pholainn, an Laitvia, an Eastóin, an tSlóvaic, an Rómáin, an Liotuáin agus an Úcráin (agus ICC agus Europol ann mar rannpháirtithe), agus é ag iarraidh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna idirnáisiúnta a rinneadh san Úcráin.

    Tá an ‘Lárionaid Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin’ seolta ag an gCoimisiún Eorpach chomh maith. Tá an Lárionad lonnaithe sa Háig agus leabaithe san Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú atá ann cheana, agus tacaíonn sé le comhordú imscrúduithe agus bailiú fianaise ar na coireanna cogaidh a rinneadh san Úcráin. 

    Tá isteach agus amach le €200 billiún de shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise blocáilte san Aontas. Go dtí seo, tá níos mó ná €28 mbilliún de shócmhainní príobháideacha daoine agus eintiteas liostaithe reoite.

    Tuilleadh eolais maidir leis an Rúis a thabhairt chun cuntais

    Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 20 Márta 2024.

    Doiciméid

    24 MÁRTA 2023
    Updated Ukraine Recovery and Reconstruction Needs Assessment
    English
    (6.03 KB - HTML)
    Íoslódáil