Más duine aonair thú
Smaoinigh ar airgead a thabhairt trí Global Citizen chun tacú le heagraíochtaí neamhbhrabúis grinnfhiosraithe a thacaíonn le daoine a easáitíodh de thoradh an ionraidh.
Más cuideachta thú
Is féidir leat airgead a thabhairt tríd an gcóras nua atá cruthaithe ag an gCoimisiún chun tabhartais chomhchineáil a ghlacadh ón earnáil phríobháideach a thabhairt don Úcráin, an Moldóiv agus na Ballstáit chomharsanachta, le cuidiú chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá easáitithe san Úcráin agus ar riachtanais na ndídeanaithe.