Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Físeáin

Teistiméireachtaí ó dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin

De réir mar a leanann an cogadh san Úcráin ar aghaidh, is mó an líon daoine a bhfuil iallach á chur orthu teitheadh óna dtithe. Cuir eolas ar chuid dá scéalta crógachta agus athléimneachta agus iad ag labhairt faoina gcásanna féin, sin agus na heispéiris choscracha a bhí orthu a fhulaingt.

Teistiméireachtaí ó mhuintir na hEorpa atá ag tacú le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh

Féadfaidh gach duine a gcion a dhéanamh chun cabhrú leo siúd atá ag teitheadh ón ionradh ar an Úcráin agus tá tábhacht le gach iarracht. Idir fháilte a chur roimh dhídeanaithe ag stáisiúin traenach, agus iad a thiomáint ar fud an Aontais, féach an chaoi a bhfuil muintir na hEorpa ag oscailt a gcroí agus a dtithe chun cineáltas agus cairdiúlacht a léiriú do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.