Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

An tAontas Eorpach, na Ballstáit agus muintir na hEorpa ar fud na mór-roinne, tá siad spreagtha chun tacú leis na daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Beidh an Eoraip ann dóibh sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Tá obair ar bun againn i ngach réimse chun tacú leis an Úcráin le cabhair, cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta. Tá an sásra um chosaint shealadach gníomhachtaithe againn chun stádas slán a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, sin chomh maith le rochtain ar scoileanna, ar chúram leighis agus ar fhostaíocht san Aontas. Táimid réidh chun tuilleadh cúnaimh agus tacaíochta a thabhairt dóibh siúd a d’fhág an Úcráin chun cosaint a lorg san Aontas agus dóibh siúd a d’fhan san Úcráin.
Conas is féidir leat cuidiú
Ba mhaith le gach duine tacú le daoine arbh éigean dóibh teitheadh ón Úcráin mar gheall ar an ionradh nó a leo siúd d’fhan san Úcráin agus a bhfuil cabhair de dhíth orthu.
Is féidir leat cabhrú trí thabhartas a thabhairt don iliomad eagraíochtaí atá ag gníomhú i mBallstáit an Aontais Eorpaigh chun tacú le daoine ón Úcráin atá ag lorg cosanta san Aontas Eorpach. Ina measc sin tá craobhacha náisiúnta na ngníomhaireachtaí idirnáisiúnta, brateagraíochtaí agus réimse grúpaí carthanacha agus daonnúla eile. Cliceáil ar do thír féin chun eolas a fháil faoi na heagraíochtaí ar féidir leat tabhartas a thabhairt dóibh:
Is féidir leat tacaíocht a thabhairt do dhaoine san Úcráin freisin. Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi le tabhartas a thabhairt trí shuíomh gréasáin oifigiúil rialtas na hÚcráine do chabhair dhaonnúil. Is féidir leat freisin tabhartas a thabhairt do na móreagraíochtaí fóirithinte atá gníomhach ar an láthair agus atá ag comhordú an chúnaimh don Úcráin. Tabhair cuairt ar a suíomhanna gréasáin le fáil amach conas cabhrú leo.
Is liostaí táscacha neamh-uileghabhálacha iad seo. D’fhéadfadh sé go bhfuil níos mó eagraíochtaí gníomhach i do réigiún. Téigh i dteagmháil le d’údaráis áitiúla chun tuilleadh eolais a fháil.
Tabhartais ón earnáil phríobháideach
Tá córas nua curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach trínar féidir leis an earnáil phríobháideach tabhartais chomhchineáil a bhronnadh ar an Úcráin, ar an Moldóiv agus ar thíortha de chuid an Aontais sa réigiún. Trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta déanfaidh an tAontas comhordú ar sheachadadh tráthúil sábháilte na n-earraí éigeandála a bhronntar, cuir i gcás cógais, trealamh leighis, frithbhearta ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha agus earraí dídine. Eintitis phríobháideacha ó gach cearn den Aontas Eorpach ar mhaith leo tabhartas a thabhairt, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún trí ríomhphost: ECHO-private-donations@ec.europa.eu
Ag teitheadh ón ionradh: guthanna na hÚcráine
De réir mar a leanann an cogadh san Úcráin ar aghaidh, is mó an líon daoine a bhfuil iallach á chur orthu teitheadh óna dtithe. Cuir eolas ar chuid dá scéalta crógachta agus athléimneachta agus iad ag labhairt faoina gcásanna féin, sin agus na heispéiris choscracha a bhí orthu a fhulaingt.
21 Márta 2022- D’inis Teresa dúinn gur tháinig sí ón Úcráin go dtí an Pholainn in éineacht lena páistí agus gur thóg Barbara isteach iad, mar aon le triúr ban eile agus a gcuid páistí, ina teach féin i Vársá.
Tacaíonn muintir na hEorpa le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh
Inniu tá an tAontas, a bhfuil cónaí ar bheagnach leathbhilliún duine ann, ag gníomhú ar son na hÚcráine. Tá muintir na hEorpa ag léirsiú ar fud ár mór-roinne agus tá cabhair tairgthe ag go leor acu agus a ndoirse oscailte acu do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.
“In Snina na Slóvaice, thiomáin Štefan timpeall an bhaile chun soláthairtí a bhailiú – piliúir, pluideanna, bia – agus bhunaigh sé suanlios san ionad aclaíochta áitiúil. In Svidník, tá a dteach á roinnt anois ag Jaroslav agus Svitlana le ceathrar ban as an Úcráin agus a bpáistí, le linn d’fhir chéile na mban fanacht san Úcráin chun troid ar son na tíre. Cuireadh tiománaí bus go dtí an teorainn chun ochtar mac léinn a bhailiú, agus chuaigh an eachtra i bhfeidhm air an oiread sin gur fhill sé le 50 duine eile a phiocadh suas chun cabhrú leis na hiarrachtaí.”
Seo mar a labhair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
In Motel Plitvice in Zagreb (Croatia) refugees stay a night or two Ukrainian family hosted in Brussels, Belgium Ukrainian refugee woman and children in the refugee camp of Brugas, Bulgaria. Dorina, Romanian and Ukrainian speaker, travels 10km daily to Siret border point (Romania) to provide assistance to refugees. A 2 year-old Irish girl with Ukrainian roots, holding a protest poster that says "Peace for Ukraine".
Físeáin teistiméireachta
Féach ar fhíseáin de mhuintir na hEorpa agus iad ag cabhrú le daoine atá ag teitheadh ón Úcráin.
21 Márta 2022- D’inis Luisa, príomhoide scoile in Varese, dúinn faoi conas a comhtháthaíodh páistí ón Úcráin ina scoil.

Déan an comhad zip a íoslódáil le clúdaigh, suaitheantais agus scagairí le húsáid ar do chuntais ar na meáin shóisialta.
Lean cainéal Telegram an Choimisiúin Eorpaigh
Léirigh do thacaíocht don Úcráin trí do phictiúr próifíl Facebook a nuashonrú lenár bhfráma nua