Is é an t-oideachas bunchloch ár dtodhchaí. Tá rochtain shábháilte ar scoil ríthábhachtach i ngeall go dtugann sé tuiscint do pháistí ar ghnáthshaol agus go bhfuil sé riachtanach dá leas agus dá dtodhchaí. Meastar go bhfuil tionchar ag ionsaí gan údar na Rúise ar 5.7 milliún páiste in aois scoile san Úcráin, agus go ndearnadh damáiste do na mílte scoileanna agus áiseanna.
Feachtas dlúthpháirtíochta chun busanna a bhronnadh
Tá an Coimisiún ag iarraidh ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha san Aontas agus níos faide i gcéin teacht le chéile agus dlúthpháirtíocht a léiriú trí bhusanna a bhronnadh sna míonna amach romhainn, ar busanna iad atá riachtanach chun páistí na hÚcráine a thabhairt ar ais go dtí a scoileanna go sábháilte.
Is féidir le deontóirí féideartha é sin a dhéanamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), sásra ar baineadh úsáid chriticiúil as cheana féin chun tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir, dídean, bia, trealamh ospidéil, otharchairr, innill dóiteáin agus go leor eile ina measc.
Tacaíocht leanúnach ón Aontas
Tá an Eoraip ag tacú leis an Úcráin ó thús ionsaí gan údar na Rúise. D’oscail muintir na hEorpa a gcroíthe agus a ndoirse do bhreis ag 8 milliún Úcránach a theith ó bhuamaí Putin, breis agus 4 mhilliún Úcránach ina measc a d’iarr cosaint shealadach i mBallstáit an Aontais. Chuir scoileanna na hEorpa fáilte roimh na céadta mílte páistí Úcránach. In ainneoin an scriosta agus na n-íobairtí, tá muintir na hÚcráine ag féachaint chun cinn le muinín agus le dóchas. Agus tosaíonn an todhchaí sin le cinnte a dhéanamh de go bhfuil scoileanna ar oscailt agus gur féidir le páistí iad a rochtain.
Ina haitheasc ar Staid an Aontais, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, tionscnamh comhpháirteach in éineacht le Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, maidir le hathshlánú scoileanna de chuid na hÚcráine a ndearnadh damáiste dóibh. I mí na Nollag 2022 shínigh an Coimisiún agus Rialtas na hÚcráine pacáiste tacaíochta €100 milliún chun na críche sin. Bainfidh an tacaíocht an Úcráin amach trí chomhpháirtithe daonnúla an Aontais agus cuid eile mar thacaíocht bhuiséadach do Rialtas na hÚcráine.
Ag an am céanna, in éineacht le hAireacht Chlaochlaithe Dhigitigh na hÚcráine agus DIGITALEUROPE, eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar thionscal na teicneolaíochta digití, d’eagraigh an Coimisiún tionscnamh dar teideal Ríomhairí glúine don Úcráin. Is é an aidhm atá ann ríomhairí glúine, fóin chliste agus táibléid a bhailiú agus a sheachadadh agus freagairt ar riachtanais bhunúsacha na scoileanna, na n-ospidéal agus na riarachán poiblí sna réigiúin chogaidh is mó atá buailte san Úcráin.
How to donate
If you are a public entity or a private company based in the EU and wish to donate buses, please first read carefully the FAQs below. You may also contact the EU Commission Representation in the country that can provide you with additional information about the campaign.
If you are ready to offer buses you should prepare the details of your offer by filling in the document called Technical specifications for bus offers below and send it to: EU-BUSES-UKRAINEec [dot] europa [dot] eu (EU-BUSES-UKRAINE[at]ec[dot]europa[dot]eu). Please read carefully the Explanations tab in the Excel file.
For any additional questions, the Emergency Response Coordination Centre (ERCC) at the European Commission has a dedicated team to help you. You can contact it via email at EU-BUSES-UKRAINEec [dot] europa [dot] eu (EU-BUSES-UKRAINE[at]ec[dot]europa[dot]eu).
- Íoslódáilбългарски
- Íoslódáilespañol
- Íoslódáilčeština
- Íoslódáildansk
- ÍoslódáilDeutsch
- Íoslódáileesti
- Íoslódáilελληνικά
- ÍoslódáilEnglish
- Íoslódáilfrançais
- Íoslódáilhrvatski
- Íoslódáilitaliano
- Íoslódáillatviešu
- Íoslódáillietuvių
- Íoslódáilmagyar
- ÍoslódáilMalti
- ÍoslódáilNederlands
- Íoslódáilpolski
- Íoslódáilportuguês
- Íoslódáilromână
- Íoslódáilslovenčina
- Íoslódáilslovenščina
- Íoslódáilsuomi
- Íoslódáilsvenska
- Íoslódáilyкраїнська