Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Getty Images / Sergei Supinsky
An tSaoráid don Úcráin

Tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, agus lena conair i dtreo aontachas leis an Aontas Eorpach

Cad é an tSaoráid don Úcráin?

Chun cabhrú leis an Úcráin maidir lena hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe, seolfaidh an tAontas Eorpach sásra tacaíochta nua do na blianta 2024 go 2027. Is ionstraim thiomnaithe í an tSaoráid don Úcráin lena bhféadfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha suas le €50 billiún a chur ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse sin.  

Is léiriú í an tSaoráid ar ghealltanas an Aontais chun tacú leis an Úcráin agus í ag tabhairt aghaidh ar chogadh foghach leanúnach na Rúise agus í ar a bealach ionsar bhallraíocht san Aontas. 

Seasfaidh an Eoraip taobh leis an Úcráin gach aon lá den chogadh, agus gach lá ina dhiaidh sin freisin. Is amhlaidh a dhéanann an Eoraip beart de réir a briathair. Leanfaimid de mhaoiniú agus intuarthacht a chur ar fáil, rudaí a bhfuil géarghá leo, dár gcomhpháirtí cróga ar mian leis teacht isteach san Aontas.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Aidhmeanna na Saoráide

  • Tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine

  • Tacú le riachtanais mhaoinithe na hÚcráine chun go mbeidh an rialtas in ann seirbhísí poiblí gan bhriseadh a chur ar fáil

  • Infheistíochtaí a shlógadh in earnáil phríobháideach na hÚcráine le haghaidh téarnamh eacnamaíoch agus atógáil ghasta

  • Tacú leis an Úcráin na hathchóirithe is gá a dhéanamh ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas

  • Tacú le sochaí na hÚcráine i gcoitinne trí aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta an chogaidh

Cén dóigh a n-oibríonn an tSaoráid?

Is ar thrí cholún atá an tSaoráid bunaithe: 

Cén dóigh a maoineofar an tacaíocht?

Chun na hiasachtaí don Úcráin a mhaoiniú, tiomsóidh an tAontas Eorpach suas le €33 bhilliún ar an margadh airgeadais go dtí deireadh 2027 trí bhannaí an Aontais a eisiúint faoin straitéis aontaithe mhaoiniúcháin.  

Maoineofar deontais trí bhuiséad bliantúil an Aontais faoi ionstraim speisialta nua ar a dtugtar an Cúlchiste don Úcráin. Bainfear leas as an ionstraim sin gach bliain mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil chun an dul chun cinn a dhéanann an Úcráin maidir le hathchóirithe a chur i bhfeidhm agus infheistíochtaí a úsáid a chur san áireamh.

Cad iad na coinníollacha a bhaineann leis an tacaíocht?

Chun an tacaíocht a fháil, ní mór don Úcráin a plean téarnaimh agus athchóirithe a chur i bhfeidhm agus seasamh leis an méid seo a leanas freisin 

  • sásraí daonlathacha, córas parlaiminteach ilpháirtí san áireamh 
  • an smacht reachta 
  • cearta an duine, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad san áireamh 

A luaithe is féidir leis an gCoimisiún a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha, déanfar íocaíochtaí leis an Úcráin ar sceideal seasta gach ráithe. Agus gnéithe den tSaoráid á gcur i bhfeidhm, is féidir leis an Aontas maoiniú láithreach suas le €1.5 billiún in aghaidh na míosa a chur ar fáil don Úcráin go ceann tréimhse theoranta. 

Beidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an Úcráin leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chalaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chomhrac. Cuideoidh Bord Iniúchóireachta tiomnaithe leis an gCoimisiún trí thuairisciú rialta a dhéanamh ar na cistí a chaitear chun aidhmeanna na Saoráide a bhaint amach. 

Ina theannta sin, féadfaidh an Chomhairle Eorpach díospóireacht a reáchtáil gach bliain maidir le cur chun feidhme na Saoráide, í bunaithe ar thuarascáil ón gCoimisiún. Más gá, i gceann dhá bhliain iarrfaidh an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh le haghaidh athbhreithniú ar an tSaoráid i gcomhthéacs an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais. Reáchtálfar Idirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin go rialta le Parlaimint na hEorpa gach 4 mhí ar a laghad freisin.

Amlíne

  1. 28 Meitheamh 2024

    D’eisíoc an Coimisiún réamh-mhaoiniú breise €1.9 billiún leis an Úcráin faoin tSaoráid don Úcráin, rud a fhágann gur €7.9 billiún atá sa tacaíocht iomlán ón Aontas atá aistrithe chuig an Úcráin cheana féin.

  2. 11 Meitheamh 2024

    Shínigh an tAontas comhaontuithe nua ráthaíochta chun tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine. Is éard atá sna comhaontuithe, a fógraíodh le linn na Comhdhála ar Théarnaimh na hÚcráine in 2024 i mBeirlín, ráthaíochtaí agus deontais dar luach €1.4 billiún agus is iad na chéad chomhaontuithe a síníodh faoi Chreat Infheistíochta na Saoráide iad. 

  3. 24 Aibreán 2024

    D’eisíoc an Coimisiún an dara tráthchuid de mhaoiniú eisceachtúil idirlinne leis an Úcráin faoin tSaoráid don Úcráin, dar luach €1.5 billiún.

  4. 18 Aibreán 2024

    Bhunaigh an tAontas an Creat Infheistíochta don Úcráin chun borradh a chur faoi infheistíochtaí ar mhaithe le téarnamh agus atógáil na tíre.

  5. 15 Aibreán 2024

    D’fhormhuinigh an Coimisiún Plean na hÚcráine, straitéis chuimsitheach athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine do na 4 bliana amach romhainn. 

  6. 6 Feabhra 2024

    Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an tSaoráid don Úcráin, rud a mhol an Coimisiún ar dtús i mí an Mheithimh 2023.