Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Tacaíocht mhíleata ón Aontas don Úcráin

Cadets Of The Military Institute Take The Oath In Kyiv

Aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine

Tá tacaíocht mhíleata €33.1 billiún curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit don Úcráin, €11.1 billiún faoin tSaoráid Eorpach Síochána san áireamh. 

Ina theannta sin, tá Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin, a fuair €362 mhilliún mar mhaoiniú, ag dul i ngleic le riachtanais oiliúna fhórsaí armtha na hÚcráine agus chuir sé oiliúint ar bhreis agus 40,000 saighdiúir Úcránach. 

Leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de bheith ag tabhairt aghaidh ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine, tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais, agus trí chúnamh déthaobhach díreach ó na Ballstáit.

Borradh a chur faoi acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais

Tá tionscal cosanta na hEorpa tar éis méadú 40% a dhéanamh ar a acmhainneacht táirgeachta le haghaidh armlóin. Tá práinn le dlús a chur le seachadadh diúracán agus armlóin, go háirithe faoin tionscnamh chun 1 mhilliún urchar armlóin airtléire a chur ar fáil, agus níos mó córais aerchosanta a chur ar fáil don Úcráin. 

Cuirfidh an tAontas lena acmhainneacht táirgeachta armlóin agus diúracán freisin, tar éis ghlacadh an Ghnímh chun Tacú le Táirgeadh Armlón (‘ASAP’). A bhuí le ‘ASAP’, beidh tionscal cosanta an Aontais in ann níos mó a tháirgeadh agus ar bhealach níos tapúla toisc go dtacóidh an Rialachán leis an atreisiú tionsclaíoch ar fud na slabhraí soláthair armlóin agus diúracán san Aontas. Is freagairt dhíreach é ar an nglao chun armlón a sheachadadh go práinneach, chomh maith le diúracáin má iarrtar sin, chuig an Úcráin agus cuidiú leis na Ballstáit a gcuid stoc a athlíonadh trí bhearta spriocdhírithe a thabhairt isteach.