Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Bí sábháilte agus tú ag taisteal san Aontas Eorpach

Tá an fhaisnéis seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Do chuid doiciméad

  • Ná tabhair do phas ná do dhoiciméad aitheantais a riamh d’aon duine seachas garda teorann nó oifigeach poiblí. Coinnigh gar do do chorp é i gcónaí.
  • Glac grianghraf de do phas nó de do dhoiciméad aitheantais le do ghuthán chun go mbeidh cúltaca agat má chailltear nó má ghoidtear é. Seol cóip de chuig cairde/gaolta leat, chuig seoladh ríomhphoist atá agat féin cuir i gcás, ionas go mbeidh rochtain agat ar do dhoiciméid fiú má chailleann tú do ghuthán.

Taisteal

Ukrainian refugees arriving at the border between Ukraine and Moldova
  • Má bhíonn tú ag taisteal i gcarr duine éigin, iarr ar an duine an bhfuiltear ag súil le rud ar bith uait i gcomaoin an iompair.
  • Sula dtéann tú isteach sa charr, glac grianghraf den phláta ceadúnais agus seol ar aghaidh chuig cairde agus gaolta leat. Déan iarracht gan dul isteach i gcarranna le daoine nach ligeann duit na grianghraif sin a ghlacadh.

Airgead

  • Bíodh airgead agat ach coinnigh i bhfolach é in aon áit amháin nó i gcúpla áit, fiú.
  • Bíodh uimhir do chárta creidmheasa/dochair ar eolas de ghlanmheabhair agat.
  • Cuir uimhreacha teileafóin de dhaoine iontaofa éagsúla de ghlanmheabhair, ar daoine iad a chuideoidh leat má chailleann tú do ghuthán.

Lóistín

Belgian and Ukrainian children playing together
  • Bain úsáid as lóistín a chuireann eagraíochtaí iontaofa ar fáil, nuair is féidir sin a dhéanamh.
  • Má chuireann tú lóistín in áirithe ar líne, déan cinnte de go léann tú an méid a bhí le rá ag daoine eile faoi agus roghnaigh lóistín a bhfuil líon mór rudaí dearfacha ráite faoi.
  • Má aimsíonn tú áit le fanacht agus mura mbraitheann tú sábháilte ann, fág é!
  • Má bhíonn tú ag fanacht in áit duine éigin, iarr orthu an bhfuiltear ag súil le rud ar bith uait i gcomaoin an lóistín.

Poist

Bí ar an airdeall i gcónaí sna cásanna seo a leanas:

  • Má dhéanann duine éigin post a thairiscint duit ach mura dtugann siad faisnéis duit, amhail seoladh agus ainm an fhostóra.
  • Má chuireann duine éigin brú ort chun an post a ghlacadh.
  • Má dhéanann duine éigin post a thairiscint duit le taisteal agus lóistín saor in aisce.
  • Má iarrann duine éigin a bhfuil post á thairiscint aige do chuid doiciméad a thabhairt dóibh ar an tuiscint go socróidh siad gach rud duit.

Bí sábháilte ó gháinneáil

Má mheasann tú go bhfuil gáinneáil nó dúshaothrú a dhéanamh ort:

Ukrainian refugees crossing the Polish border
  • Rith leat go dtí áit phoiblí le go leor daoine, cuir i gcás stáisiún póilíní, ospidéal, leabharlann, banc, oifig phoist, séipéal nó foirgneamh cathrach.
  • Déan teagmháil leis na póilíní, le heagraíocht a chabhraíonn le híospartaigh na gáinneála, le húdaráis na tíre ina bhfuil tú nó le hambasáid do thíre.