Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ráiteas inrochtaineachta

Suíomh gréasáin maidir le Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin

Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: ‘https://eu-solidarity-ukraine.ec.europa.eu

Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.

Is í Ard-Stiúrthóireacht Chumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha ionas go mbeidh sé á úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.

Ba chóir duit a bheith in ann:

  • zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí nua-aimseartha aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)

Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549 v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.


Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 6 Márta 2023.

Ullmhúchán an ráitis seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 31 Iúil 2023.

Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht ó IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.

Aiseolas

Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht ar an suíomh gréasáin maidir le Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:

  • Fón: 00 800 6 7 8 9 10 11
  • Foirm theagmhála: Scríobh chugainn (iarrtar ort gan eolas íogair a lua san fhoirm, e.g. aon eolas a nochtfadh eolas pearsanta airgeadais, eolas a bhaineann le do shláinte, nó aon ábhar íogair eile).

Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach fiosrúchán.

Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta

Tá an suíomh gréasáin maidir le Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha seo a leanas:

  • an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome agus Apple Safari;
  • in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack.

Sonraíochtaí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht ar an suíomh gréasáin maidir le Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:

  • HTML
  • WAI-ARIA
  • CSS
  • JavaScript

Ábhar neamh-inrochtana

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht ar an suíomh gréasáin maidir le Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna atá ar eolas againn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.

Lochtanna aitheanta ar an suíomh gréasáin maidir le Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin:

  1. Seinnteoir físe – inrochtaineacht méarchláir: Táimid ar an eolas faoi roinnt fadhbanna le hinrochtaineacht méarchláir ár seinnteoir físe (agus teanga na bhfotheideal á roghnú ón roghchlár, ní féidir na saigheadeochracha a úsáid chun bogadh ó theanga go chéile. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin leis an gcnaipe TAB).
  2. Físeáin: Níl cur síos fuaime ag gabháil leis na físeáin ar an suíomh gréasáin seo.
  3. Graif agus cairteacha – úsáid dathanna: Graif agus cairteacha áirithe ar an suíomh gréasáin, braitheann siad ar dhath amháin chun faisnéis a chur in iúl, rud a chuireann mearbhall ar dhaoine a bhfuil uireasa aitheanta dathanna orthu. Nuair nach bhfuil baint amhairc ag lipéid leis an rannán comhfhreagrach daite i gcairteacha, ach cliceáil ar na lipéid sna scoráin ‘eochair eolais’ ar an líne, an barra nó an rannán comhfhreagrach chun iad a chur ar siúl nó a mhúchadh, ligtear d’úsáideoirí a sheiceáil cén lipéad a bhaineann le cén chuid den chairt. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.
  4. Foirm aiseolais: San fhoirm aiseolais, níl roinnt cnaipí raidió grúpáilte i gceart agus níl codarsnacht leordhóthanach ag roinnt codanna. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.
  5. Foirm aiseolais – teachtaireachtaí earráide: Níl baint ag teachtaireachtaí earráide san fhoirm aiseolais leis an réimse inar aimsíodh an earráid agus ní léiríonn siad go soiléir cén réimse inar braitheadh an earráid. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.
  6. Infheictheacht an naisc scipeála: Is é an nasc scipeála an chéad nasc ar an leathanach, ach ní bhíonn sé le feiceáil nuair a fhaigheann sé fócas méarchláir. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.