Skip to main content
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Kateryna Rodak/Global Images Ukraine via Getty Images
Páistí na hÚcráine a thabhairt ar scoil go sábháilte

Feachtas dlúthpháirtíochta de chuid an Aontais

Dochar
do chóras oideachais na hÚcráine
5.7 milliún
is é sin líon na bpáistí in aois na scoile a raibh tionchar ag ionsaí na Rúise orthu
Breis agus 2,800,
is é sin líon na saoráidí oideachais a ndearnadh damáiste dóibh nó a scroiseaadh

Feachtas dlúthpháirtíochta chun busanna a bhronnadh

Tá an Coimisiún ag iarraidh ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha san Aontas agus níos faide i gcéin teacht le chéile agus dlúthpháirtíocht a léiriú trí bhusanna a bhronnadh sna míonna amach romhainn, ar busanna iad atá riachtanach chun páistí na hÚcráine a thabhairt ar ais go dtí a scoileanna go sábháilte.

Is féidir le deontóirí féideartha é sin a dhéanamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), sásra ar baineadh úsáid chriticiúil as cheana féin chun tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir, dídean, bia, trealamh ospidéil, otharchairr, innill dóiteáin agus go leor eile ina measc.

Físeán

Conas busanna a dheonú

Más eintiteas poiblí nó cuideachta phríobháideach thú atá lonnaithe san Aontas agus más mian leat busanna a bhronnadh, iarrtar ort na ceisteanna coitianta thíos a léamh go cúramach ar dtús. Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le hIonadaíocht an Choimisiún Eorpaigh sa tír agus beidh siad in ann tuilleadh eolais a chur ar fáil duit faoin bhfeachtas.

Má tá tú réidh chun busanna a thairiscint ba chóir duit sonraí do thairisceana a ullmhú tríd an doiciméad thíos Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tairiscintí busanna a líonadh isteach agus a sheoladh chuig: EU-BUSES-UKRAINE@ec.europa.eu. Léigh go cúramach an táb Mínithe sa chomhad Excel.

13 EANÁIR 2023
Technical specifications for bus offers
English
(29.76 KB - XLSX)
Íoslódáil

Le haghaidh ceisteanna breise, tá foireann tiomnaithe ann chun cabhrú leat ag an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) sa Choimisiún Eorpach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann trí ríomhphost ag EU-BUSES-UKRAINE@ec.europa.eu.

19 SAMHAIN 2022
FAQs School buses for Ukraine campaign
Gaeilge
(223.56 KB - PDF)
Íoslódáil

An méid a bronnadh go dtí seo

Ar an iomlán, tá breis agus 300 bus ar an mbealach ón Aontas agus ó na Ballstáit cheana féin, lena n-áirítear tabhartais ó údaráis, ó chathracha, ó réigiúin agus ó eagraíochtaí iompair i 11 Bhallstát.

Tacaíocht leanúnach ón Aontas

Tá an Eoraip ag tacú leis an Úcráin ó thús ionsaí gan údar na Rúise. D’oscail muintir na hEorpa a gcroíthe agus a ndoirse do bhreis ag 8 milliún Úcránach a theith ó bhuamaí Putin, breis agus 4 mhilliún Úcránach ina measc a d’iarr cosaint shealadach i mBallstáit an Aontais. Chuir scoileanna na hEorpa fáilte roimh na céadta mílte páistí Úcránach. In ainneoin an scriosta agus na n-íobairtí, tá muintir na hÚcráine ag féachaint chun cinn le muinín agus le dóchas. Agus tosaíonn an todhchaí sin le cinnte a dhéanamh de go bhfuil scoileanna ar oscailt agus gur féidir le páistí iad a rochtain.