Tá an fhaisnéis seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Mar fhreagairt ar ionsaí míleata Uachtarán Putin na Rúise, ar ionsaí é nach raibh aon chúis leis agus nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, tá pacáiste cuimsitheach láidir smachtbhannaí sriantacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas. Tá sé d’aidhm ag na smachtbhannaí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cumas na Creimile an cogadh a mhaoiniú a chur ó rath
- costais shoiléire eacnamaíocha pholaitiúla a ghearradh ar scothaicme pholaitiúil na Rúise atá freagrach as an ionradh
- agus bonn eacnamaíoch na tíre a laghdú
Tá na bearta sin cliste agus spriocdhírithe go mbuailfidh siad an Rúis san áit a ngoillfidh sé uirthi (leis an tionchar is mó is féidir ar scothaicme pholaitiúil na Rúise), agus tá siad comhordaithe go maith lenár gcomhghuaillithe.
Liostaítear na smachtbhannaí thíos.
Liostaí aonair de dhaoine agus d’eintitis
Toirmeasc ar chistí nó ar acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, is infheidhme iad i gcás:
Daoine
- Toirmeasc taistil
- Reo sócmhainní
- Toirmeasc ar chistí a sholáthar
Eintitis
- Reo sócmhainní
- Toirmeasc ar chistí a sholáthar
I measc na ndaoine ar ar cuireadh smachtbhannaí tá ardionadaithe polaitiúla, olagarcaí, pearsanra míleata agus lucht bolscaireachta. Na bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, tá feidhm acu anois maidir le:
- Trí na critéir a leathnú maidir le liostú, is féidir linn díriú go héasca ar rialtas iomlán na Rúise agus ar bhaill teaghlaigh na ndaoine sin, ar olagarcaí, ar lucht gnó, ar lucht na bolscaireachta, ar ghníomhaithe na bréagaisnéise agus orthu siúd atá i gceannas ar earnálacha de gheilleagar na Rúise agus a thacaíonn leis an bhfogha míleata.
- Tuairisciú a neartú, lena gceanglaítear ar dhaoine liostaithe a sócmhainní uile laistigh den Aontas a nochtadh. Cuidíonn sé sin lena chinntiú go ndéantar sócmhainní a rianú agus a reo ar bhealach níos éifeachtaí.
Bearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnó
Tá margaí caipitil an Aontais á gceilt againn ar an Rúis, tá na costais iasachtaíochta á méadú againn do na heintitis a bhfuil smachtbhannaí orthu, agus tá bonn tionsclaíoch na Rúise á chreimeadh againn de réir a chéile tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- toirmeasc a chur ar aon chineál iasachta a thabhairt do bhainc áirithe na Rúise agus do rialtas na Rúise (an Banc Ceannais san áireamh) agus ar na hurrúis a eisíonn na bainc sin a cheannach
- reonna sócmhainní agus toirmisc mhaoiniúcháin a fhorchur ar roinnt banc Rúiseach
- toirmeasc iomlán ar aon idirbheart le fiontair áirithe atá faoi úinéireacht Stáit na Rúise in earnálacha éagsúla – coimpléasc míleata-tionsclaíoch na Creimile
- soiléiriú go dtagann criptea-shócmhainní faoi raon feidhme ‘urrúis inaistrithe’
- gach airgeadra oifigiúil san Aontas a chlúdach faoi na toirmisc ar easpórtáil nótaí bainc agus ar dhíolachán urrús inaistrithe; toirmeasc ar gach tiachóg criptea-shócmhainne, gan beann ar an méid
- toirmeasc ar rátáil na Rúise agus na ngnólachtaí Rúiseacha ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an Aontais agus ar sholáthar seirbhísí rátála do chliaint na Rúise
- toirmeasc ar sheirbhísí criptea-shócmhainní ardluacha a chur ar fáil don Rúis
- toirmeasc ar chomhairle a chur ar Rúisigh shaibhre maidir le hiontaobhais, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos deacra orthu a gcuid saibhris a stóráil san Aontas
- toirmeasc ar sheirbhísí áirithe a sholáthar a bhaineann le gnó – go díreach nó go hindíreach – amhail an chuntasaíocht, an iniúchóireacht, an iniúchóireacht reachtúil, seirbhísí leabharchoimeádta agus comhairliúcháin chánach, comhairliúchán na teicneolaíochta faisnéise, comhairliúchán dlí, seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta, comhairliúchán gnó agus bainistíochta, seirbhísí caidrimh phoiblí, seirbhísí taighde margaidh agus seirbhísí déanta pobalbhreitheanna, seirbhísí tástála teicniúla agus seirbhísí anailíseacha, agus seirbhísí fógraíochta do rialtas na Rúise, agus do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá bunaithe sa Rúis
- díriú ar scothaicme na Rúise trína gcuid taiscí móra i mbainc an Aontais a chosc
Tá bac á chur againn ar chúlchistí airgeadra eachtraigh na Rúise atá á gcoinneáil san Aontas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- comhaontú chun príomhbhainc na Rúise a eisiamh ó chóras SWIFT, córas teachtaireachtaí airgeadais ceannasach an domhain
- toirmeasc a chur ar infheistiú i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise. Tá toirmeasc freisin ar nótaí bainc a ainmnítear in euro a sholáthar don Rúis.
Cuireann an beart sin bac ar na bainc sin idirbhearta airgeadais a dhéanamh ar fud an domhain ar bhealach tapa agus éifeachtúil.
An Earnáil Fuinnimh
Trí thoirmeasc a chur ar theicneolaíochtaí sonracha scagtha a easpórtáil, mar aon leis an gcosc ar threalamh ola atá i bhfeidhm ó bhí 2014 ann, tá sé níos deacra agus níos costasaí don Rúis a scaglanna ola a uasghrádú.
Toirmeasc ar gach cineál guail ón Rúis a iompórtáil.
Toirmeasc forleathan ar infheistíocht nua ar fud earnáil fuinnimh na Rúise, cé is moite d’eisceachtaí teoranta i dtaca le fuinneamh núicléach sibhialta agus iompar táirgí áirithe fuinnimh ar ais chuig an Aontas.
Toirmeasc iomlán ar amhola mhuiriompartha agus ar tháirgí peitriliam muiriompartha a iompórtáil ón Rúis. Tá an toirmeasc faoi réir idirthréimhsí áirithe chun go bhféadfaidh an earnáil agus na margaí domhanda oiriúnú, agus tá díolúine shealadach i bhfeidhm d’amhola phíblíne chun an céimniú amach a chinntiú. Cuireann sé sin ar chumas an Aontais agus a chomhpháirtithe soláthairtí malartacha a dhaingniú agus an tionchar ar phraghsanna domhanda ola a íoslaghdú.
Beidh toirmeasc ar infheistíochtaí nua ón Aontas in earnáil mhianadóireachta na Rúise, cé is moite d’amhábhair áirithe.
Tá caidhp phraghais socraithe ag G7 agus ag Ballstáit uile an Aontais ar amhola mhuiriompartha na Rúise a iompórtáil, é socraithe ar uasphraghas 60 USD in aghaidh an bhairille. Tá sé d’aidhm aige ioncam na Rúise a laghdú tuilleadh, margaí fuinnimh domhanda a choinneáil cobhsaí agus cuidiú le dul i ngleic le boilsciú agus costais fuinnimh a choinneáil cobhsaí.
An earnáil iompair
- Toirmeasc ar gach aerárthach, páirt aerárthaigh agus trealamh aerárthaigh a easpórtáil, a dhíol, a sholáthar nó a aistriú chuig an Rúis.
- Toirmeasc ar gach seirbhís ghaolmhar deisithe, cothabhála nó airgeadais a sholáthar.
- Aerspás an Aontais a dhúnadh ar gach aerárthach atá faoi úinéireacht na Rúise, atá cláraithe sa Rúis nó atá faoi rialú na Rúise, scairdeitleáin phríobháideacha na n-olagarcaí san áireamh.
- Srianta ar earraí loingseoireachta muirí agus teicneolaíochtaí cumarsáide raidió a easpórtáil.
- Toirmeasc iomlán ar oibríochtaí lasta na Rúise agus na Bealarúise de bhóthar a oibríonn san Aontas Eorpach (cuimseoidh eisceachtaí áirithe bunriachtanais amhail talmhaíocht agus táirgí bia, cabhair dhaonnúil agus fuinneamh).
- Toirmeasc ar shoithí ag a bhfuil bratach na Rúise ar foluain teacht isteach i gcalafoirt an Aontais (beidh feidhm ag eisceachtaí chun críocha míochaine, bia, fuinnimh agus daonnúil).
Earraí dé-úsáide agus ítimí ardteicneolaíochta
Géarú ar na rialuithe easpórtála maidir le hearraí dé-úsáide agus iad a leathnú chun díriú ar earnálacha íogaire i gcoimpléasc míleata tionsclaíoch na Rúise, agus teorainn a chur le rochtain na Rúise ar ardteicneolaíocht ríthábhachtach, amhail:
- dróin agus bogearraí le haghaidh na ndrón
- bogearraí le haghaidh gléasanna criptiúcháin
- leathsheoltóirí agus ardleictreonaic
- innill le haghaidh na ndrón
- ceimiceáin a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh airm cheimiceacha
- nithe forfheidhmithe dlí
- ábhair speisialta agus innealra tionsclaíoch
- trealamh duaithníochta agus oibreáin smachtaithe círéibe, comhpháirteanna leictreonacha a sainaithníodh in armra Rúiseach
Liosta na n-eintiteas faoi smachtbhannaí a bhfuil feidhm ag srianta níos déine ina leith a leathnú, lena n-áirítear cuideachtaí atá gníomhach i réimsí míleata agus cosanta, ar cuideachtaí iad atá ag tacú leis an ionradh ó thaobh lóistíochta agus acmhainní de.
Cuireann na smachtbhannaí isteach ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí tábhachtacha lasmuigh de na hearraí dé-úsáide agus de na teicneolaíochtaí dé-úsáide agus déanfaidh siad a gcumais theicneolaíocha a íosghrádú de réir a chéile
Cuireann na smachtbhannaí stop le maoiniú poiblí nó le cúnamh airgeadais chun trádáil a dhéanamh leis an Rúis nó tacaíocht infheistíochta a thabhairt sa Rúis, tacaíocht náisiúnta easpórtála san áireamh
Bearta sriantacha trádála: toirmisc easpórtála agus iompórtála
An tAontas Eorpach, i gcomhar le tíortha G7 agus comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, stop sé de bheith ag caitheamh leis an Rúis mar náisiún barrfhabhair faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála ón 15 Márta 2022. Mar gheall air sin, ceiltear buntáistí tábhachtacha trádála ar an Rúis agus í mar bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Seachas na taraifí iompórtála a mhéadú, tá cinneadh déanta ag an Aontas gníomhú trí shraith smachtbhannaí lena gcuimsítear toirmisc ar iompórtálacha earraí nó ar easpórtálacha earraí, go háirithe:
- toirmeasc san Aontas ar tháirgí cruach críochnaithe agus leathchríochnaithe a iompórtáil
- toirmeasc san Aontas ar shó-earraí a easpórtáil, chun scothaicmí Rúiseacha a bhualadh go díreach
- toirmisc bhreise iompórtála, lena n-áirítear stroighin, táirgí rubair, adhmad, biotáille, deochanna meisciúla, bia mara ardleibhéil
- toirmisc spriocdhírithe bhreise ar easpórtálacha – ar fiú €10 mbilliún iad – i réimsí ina bhfuil an Rúis leochaileach de bharr a spleáchais aird ar sholáthairtí ón Aontas. Áirítear leo sin, mar shampla, ríomhaireacht chandamach agus ard-leathsheoltóirí, innealra íogair, iompar agus ceimiceáin. Bhí catalaígh speisialaithe le húsáid i dtionscal na scaglann san áireamh chomh maith. Cuirfidh sé sin le díghrádú bhonn teicneolaíoch agus acmhainn tionsclaíoch na Rúise
- breosla scairde agus breiseáin bhreosla a d’fhéadfadh arm na Rúise a úsáid a chur leis an toirmeasc easpórtála atá ann cheana
- toirmeasc ar ór a cheannach, a iompórtáil, nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise é
- toirmisc ar ítimí ardteicneolaíochta níos ísle a úsáideann an t-arm a easpórtáil amhail dróin bheaga/caithimh aimsire, gléasanna casta gineadóra, ríomhairí glúine, ceamaraí agus lionsaí, gairis um chúnamh raidió loingseoireachta agus gairis chun guth, íomhánna nó sonraí a tharchur nó a ghlacadh
FÍRIC
- Leis an toirmeasc ar shó-earraí a easpórtáil ón Aontas, ceiltear earraí amhail gluaisteáin, uaireadóirí agus seodra ar scothaicmí na Rúise. Clúdaíonn an toirmeasc iompórtála saintáirgí Rúiseacha cosúil le vodca agus caibheár.
- Déanann an toirmeasc iompórtála ar ghuail ón Rúis difear don cheathrú cuid d’easpórtálacha domhanda guail na Rúise, agus fágann sé sin caillteanas ioncaim €8 mbilliún in aghaidh na bliana don Rúis.
- Ó thaobh na heaspórtála de, is é €32.5 billiún luach measta iomlán na srianta easpórtála ar earraí agus teicneolaíochtaí go dtí seo. Is ionann é sin agus 36% d’easpórtálacha an Aontais roimh an ionradh.
- Cumhdaítear 57% d’iompórtálacha réamhchogaidh le bearta, arb ionann é agus €89.9 billiún.
- €3.28 bhilliún, sin é luach iomlán na srianta easpórtála ar sheirbhísí (16% d’easpórtálacha seirbhísí an Aontais).
- Aon cheann de na bearta a ghlac an tAontas, ní dhíríonn siad ar bhealach ar bith ar an trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus bia, cruithneacht agus leasacháin san áireamh, idir tríú tíortha agus an Rúis.
An Rúis a eisiamh ó chonarthaí poiblí agus ó airgead na hEorpa
- Toirmeasc iomlán ar náisiúnaigh agus ar eintitis de chuid na Rúise páirt a ghlacadh i gconarthaí soláthair san Aontas.
- Srianta ar thacaíocht airgeadais agus ar thacaíocht neamhairgeadais faoi chláir de chuid an Aontais, Euratom agus na mBallstát d’eintitis de chuid na Rúise atá faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí. Ní thabharfar aon chonradh ná comhaontú nua i gcrích le comhlachtaí poiblí Rúiseacha nó le heintitis ghaolmhara.
FÍRIC
Tá deireadh á chur ag an gCoimisiún le rannpháirtíocht chomhlachtaí poiblí na Rúise nó eintitis ghaolmhara i ngach comhaontú deontais atá ar siúl faoi láthair, sin agus tá gach íocaíocht ghaolmhar faoin gclár Fís 2020, Euratom agus Erasmus+ á cur ar fionraí aige.
I gcás Fís Eorpach (seachas an Chomhairle Eorpach um Thaighde agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach), gach eintiteas dlíthiúil (poiblí agus príobháideach) atá bunaithe sa Rúis, sa Bhealarúis nó i gcríocha neamhrialtais rialaithe na hÚcráine, níl siad incháilithe le bheith rannpháirteach.
Bearta maidir le víosaí
An 9 Meán Fómhair 2022, chomhaontaigh an Chomhairle an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú atá ag an Aontas leis an Rúis a chur ar fionraí go hiomlán. Fágann sé sin nach bhfuil rochtain phribhléideach ar an Aontas Eorpach ag saoránaigh na Rúise a thuilleadh agus go mbeidh próiseas níos faide, níos costasaí agus níos deacra rompu chun cur isteach ar víosa. Tá discréid leathan ag na Ballstáit iarratais ar víosaí gearrfhanachta a phróiseáil ó shaoránaigh na Rúise, agus is féidir leo a chinntiú go ndéanfar grinnscrúdú níos mó ar náisiúnaigh Rúiseacha ar mian leo taisteal chuig an Aontas. Beidh an tAontas oscailte i gcónaí do chatagóirí áirithe iarratasóirí ar víosaí Rúiseacha a bheidh ag taisteal chun críocha bunriachtanacha, lena n-áirítear go sonrach baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, iriseoirí, easaontaigh agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
Chuir an Coimisiún i láthair togra reachtach freisin maidir le neamhaitheantas pasanna Rúiseacha a eisíodh i réigiúin faoi fhorghabháil na hÚcráine. Is faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle atá sé anois cinneadh a dhéanamh maidir leis an togra.
Smachtbhannaí a chur ar ghníomhaithe na bréagaisnéise
Na heagraíochtaí bréagaisnéise atá faoi úinéireacht stáit agus atá fabhrach don Chreimil, tá ról lárnach riachtanach acu maidir le tacú le fogha na Rúise faoin Úcráin. Is bagairt shuntasach dhíreach iad ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. Is é sin an fáth ar chinn an tAontas smachtbhanna a chur ar shócmhainní na Creimile um an mbréagaisnéis agus um an gcúbláil faisnéise.
Tarchur agus dáileadh Russia Today, Sputnik, Rossiya RTR/RTR Planeta, Rossiya 24/Russia 24, TV Centre International, NTV/NTV Mir, Rossiya 1, REN TV agus Pervyi Kanal, iad sin a chur ar fionraí – mar shampla, thar chábla, satailít, IPTV, ardáin, suíomhanna gréasáin agus aipeanna. Gach ceadúnas, údarú agus comhshocrú dáileacháin ábhartha, tá siad sin curtha ar fionraí. Baineann sé sin freisin le craoladh i leith tríú tíortha.
Tá cosc freisin ar fhógraíocht a dhéanamh faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí ar eagraíochtaí ar a bhfuil smachtbhannaí.
EUvsDisinfo: Bréagaisnéis maidir leis an Úcráin
Tá na bearta sin sa bhreis ar na smachtbhannaí a comhaontaíodhan 23 Feabhra2022 maidir le Donetsk agus Luhansk, go háirithe an méid seo a leanas:
- toirmeasc ar earraí a iompórtáil ó na limistéir sin
- srianta ar thrádáil agus infheistíochtaí a bhaineann le hearnálacha eacnamaíocha áirithe
- toirmeasc ar sheirbhísí turasóireachta a chur ar fáil
- toirmeasc ar earraí agus teicneolaíochtaí áirithe a easpórtáil
An Bhealarúis
Pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise lena gcuirtear isteach ar na hearnálacha is tábhachtaí agus ar na daoine aonair is tábhachtaí a thacaíonn le hiarracht chogaidh na Rúise.
Smachtbhannaí chun bealaí éalaithe atá ann cheana a dhúnadh agus srianta breise iompórtála agus easpórtála a fhorchur ar phríomhearnálacha eacnamaíocha:
- Deireadh a chur leis an díolúine do chonarthaí a tugadh i gcrích sula nglacfar na smachtbhannaí atá ann cheana.
- Toirmisc nua iompórtála ar photais, adhmad, stroighin, iarann, cruach agus táirgí rubair, agus toirmisc easpórtála ar chineálacha áirithe innealra, earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide, agus ar earraí agus teicneolaíochta ardfhorbartha eile a d’fhéadfaí a úsáid chun cur le forbairt mhíleata, theicneolaíoch, chosanta agus slándála na Bealarúise.
- bearta sriantacha dírithe ar chomhaltaí ardchéime de phearsanra míleata na Bealarúise.
- Toirmisc SWIFT amhail na cinn don Rúis agus na srianta airgeadais atá ann cheana a leathnú tuilleadh, i gcomhréir leis na bearta atá i bhfeidhm cheana i dtaca le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.
Cuireadh síneadh leis na smachtbhannaí sin an 6 Deireadh Fómhair 2022 chun gach limistéar neamhrialtais rialaithe de chuid na hÚcráine a chumhdach sna réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson.
Próiseas aontachais na hEagraíochta Domhanda Trádála
I bhfianaise thacaíocht ábharach na Bealarúise d’ionradh na Rúise, cuireadh a próiseas aontachais ar fionraí agus ní bheidh an tAontas rannpháirteach in aon obair a bhaineann le haontachas. Dearbhaíodh an méid sin i ráiteas comhpháirteach le comhaltaí eile den Eagraíocht Dhomhanda Trádála atá ar aon intinn an 22 Márta 2022.
Leis na smachtbhannaí, neartaítear go mór na bearta earnála atá ann faoi láthair, lena ndírítear ar 5 cinn de na 10 n-earnáil easpórtála is mó i ngeilleagar na Bealarúise agus ar na heaspórtálacha is tábhachtaí ón Aontas chuig an mBealarúis. Leis na bearta sin, clúdófar anois beagnach 70% d’easpórtálacha uile na Bealarúise chuig an Aontais.
Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’
Tá ‘Tascfhórsa Calcadh agus Coigistiú’ curtha ar bun ag an gCoimisiún chun iniúchadh a dhéanamh ar na naisc idir sócmhainní de chuid na daoine atá liostaithe faoi smachtbhannaí an Aontais agus gníomhaíochtaí coiriúla. Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as imscrúduithe agus ionchúisimh, is é is aidhm don Tascfhórsa an comhordú a bhfuil gá leis a neartú ar an leibhéal oibríochtúil chun forfheidhmiú éifeachtach smachtbhannaí an Aontais a chinntiú ar fud na mBallstát uile.
Ionadaithe ón gCoimisiún, pointí teagmhála ó gach Ballstát, Eurojust agus Europol atá sa Tascfhórsa. Déanfaidh sé a chuid oibre a chomhordú leis an ‘Tascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise (REPO)’, tascfhórsa a bhunaigh tíortha G7, an Astráil agus an tAontas Eorpach. Tiocfaidh sé le chéile go seachtainiúil agus beidh sé i mbun oibríochta ar feadh an ama is gá.
Sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú
Chun cuidiú le bearta sriantacha an Aontais a chur i bhfeidhm, tá sé molta ag an gCoimisiún sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chur le liosta choireanna an Aontais, sin agus treisiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú. Cé go bhfuil fogha na Rúise faoin Úcráin fós ag dul ar aghaidh, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfear bearta sriantacha an Aontais chun feidhme ina n-iomláine agus nach gceadófar do shárú na mbeart sin. Is é is aidhm do na tograí sin deimhin a dhéanamh de gur féidir sócmhainní daoine aonair agus eintiteas a sháraíonn na bearta sriantacha a choigistiú go héifeachtach amach anseo.