Ionsaí ar an tsíocháin agus ar an daonlathas
Bliain ó shin, an 24 Feabhra 2022, chuir fórsaí na Rúise tús le hionradh dearg ar an Úcráin. Go dtí seo, is é an bás agus an scrios is toradh do chogadh foghach na Rúise.
Is í an Úcráin croílár ár mór-roinne anois. An áit a seastar lenár luachanna, an áit a gcosnaítear ár saoirse, an áit a bhfuil todhchaí na hEorpa á scríobh.
Nuair a d’ionsaigh trúpaí na Rúise an Úcráin, bhí eagla fhorleathan ann nach mbeadh an tír in ann fogha na n-ionróirí a sheasamh ar feadh i bhfad agus go gcloífí í. Ach is é a mhalairt glan atá tar éis titim amach le bliain anuas. Tá crógacht éachtach mhuintir na hÚcráine ag dul i bhfeidhm ar an domhan ar fad agus tá siad fós ag seasamh an fhóid i gcoinne na n-ionróirí, frithbheartaíocht dá dtugann an tAontas Eorpach a thacaíocht dhiongbháilte.
Mar gheall ar ionsaithe barbaracha na Rúise ar bhonneagar agus ar dhaonra sibhialta na hÚcráine, b’éigean do chuid mhór Úcránach dul ar foscadh in íoslaigh gan leictreachas, gás ná uisce reatha. Chomh maith leis sin, rinneadh buamáil mhór ar scoileanna ar fud na tíre, rud a chuir bac ar pháistí freastal ar na ranganna.
Tionchar an chogaidh ar an saol laethúil
Ar dtús, nuair a thosaigh buamaí na Rúise ag titim anuas ar bhailte agus ar chathracha fud fad na hÚcráine, rinne na sibhialtaigh a ndícheall leanúint leis an ngnáthshaol. Ach tar éis cúpla mí, d’fhág an foréigean gan stad nach rabhthas in ann gnáthghníomhaíochtaí an tsaoil laethúil a dhéanamh a thuilleadh, dul chuig an mbácús áitiúil, cuir i gcás, nó rud chomh simplí leis na páistí a thabhairt ar scoil.
Moladh a thabhairt do mhisneach na nÚcránach
Ní leor uimhreacha agus staitisticí chun an scéal iomlán a insint. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an staid ar an talamh, tá scéalta bailithe againn ó chuid de na daoine is mó atá thíos le hainghníomhartha na Rúise.
- Léigh scéal Nina Biletska, a choinnigh dialann le linn don chogaíocht a bheith faoi lán seoil in Chernihiv
- Cónaí a dhéanamh sa scoil. Kharkiv in aimsir chogaidh
- Léigh scéal Viktor Tkachov, úinéir an bhácúis ar éirigh leis cuid dá arán a thabhairt saor in aisce do na hospidéil, do dhaoine scothaosta, agus don arm
- Theith Tonya ó Odesa agus fuair sí tearmann san Aontas. Tugann sí cuntas ar an tacaíocht a fuair sí le bliain anuas agus comhroinneann sí an dóchas atá aici maidir leis an Úcráin a atógáil

Nuair a thosaigh an cogadh, bhí Yulia sa 36ú seachtain den tréimhse thoirchis. Bhí sé deacair di cinneadh a dhéanamh faoi aslonnú agus í ag céim chomh déanach den toircheas. Chomh maith leis sin, chuaigh a fear céile isteach sna fórsaí cosanta críche agus níor theastaigh uaithi é a fhágáil ina diaidh. Bhí sí ag iarraidh go mbeadh sé in ann a dhá lámh a chur timpeall ar a leanbh nuabheirthe, uair amháin ar a laghad.
Ag seasamh leis an Úcráin a fhad is gá
An chéad lá de chogadh neamhdhleathach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rinne an tAontas Eorpach agus a chomhghuaillithe cinneadh comhchoiteann tacú leis an Úcráin. Ó cuireadh tús leis an gcogadh, tá tacaíocht eacnamaíoch, dhaonnúil agus mhíleata dar luach €67 mbilliún tugtha ag an Aontas Eorpach don Úcráin.
Agus leanfar de chúnamh a chur ar fáil do Chív fad a mhairfidh an cogadh agus ina dhiaidh sin.
Léigh tuilleadh faoi chúnamh ón Aontas Eorpach don Úcráin
Ag an am céanna, coinneoidh an tAontas Eorpach an brú ar rialtas na Rúise trí mheascán den taidhleoireacht agus de shraith dhian smachtbhannaí.
Léigh tuilleadh faoi smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise
Dlúthchomhar polaitiúil
Thaistil Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go Cív an 2 Feabhra 2023, in éineacht le 15 Choimisinéir, don chéad chruinniú riamh idir Coláiste Coimisinéirí an Aontais Eorpaigh agus Rialtas na hÚcráine, rud a chuir in iúl go soiléir go bhfuil an tAontas tiomanta diongbháilte sa chuidiú atá sé a thabhairt don Úcráin.
Tá an comhar polaitiúil leis an Úcráin níos láidre ná riamh:
- obair leanúnach ar an aontachas
- rochtain ar an Margadh Aonair
- sioncrónú le heangach leictreachais na hEorpa
- fánaíocht
- cosaint leanaí
Tionchar an chogaidh san Eoraip agus níos faide i gcéin
Tá éifeachtaí domhanda ag cogadh foghach na Rúise, agus is iad na daoine is leochailí is mó atá thíos leis. An damáiste atá déanta do bhonneagar na hÚcráine, is contúirteach an tionchar atá aige sin ar shlándáil an tsoláthair bia do na milliúin daoine ar fud an domhain.
Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas Eorpach lena chinntiú go ndéanfar slándáil bia ar fud an domhain a athbhunú tríd an gcomhar idirnáisiúnta. Tá cabhair dhaonnúil agus tacaíocht dhaonnúil á slógadh aige freisin do na feirmeoirí is mó atá thíos leis.
Ullmhú do thodhchaí níos gile san Úcráin
Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin agus lena muintir, leanfaidh sin de bheith daingean diongbháilte. Tuigimid go maith nach é todhchaí mhuintir na hÚcráine amháin atá i mbaol, ach todhchaí mhór-roinn na hEorpa ar fad. Tá an tsaoirse agus an daonlathas i gcroílár spiorad na hEorpa, agus ní ghéillfimid i dtaca leo sin choíche.
Creidimid go láidir go mbeidh an bua ag an Úcráin mar gurb í atá ar thaobh an chirt. Agus nuair a thiocfaidh an lá sin, beidh an tAontas Eorpach ina sheasamh taobh leis an Úcráin chun cabhrú leis an tír bonn a chur fúithi arís agus chun tacú lena téarnamh agus lena hatógáil.
Tá an toil pholaitiúil againn déantóirí na gcoireanna a thabhairt chun cuntais, lena n-áirítear maidir le coir an ionsaithe. Agus an tAontas ag leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, táimid réidh chun oibriú leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun binse idirnáisiúnta ad hoc nó binse speisialaithe ‘hibrideach’ a bhunú chun coireanna ionsaithe na Rúise a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Le cuidiú chun comhordú a dhéanamh ar bhailiú na fianaise, bunóimid sa Háig Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Ionsaithe san Úcráin.