Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

An Rúis a thabhairt chun cuntais

Bucha: An comhartha de shléacht na sibhialtach

Na huafáis bharbartha

A woman threatened by her partner

Le linn fhorghabháil Bucha, choinnigh na Rúisigh timpeall 25 chailín Úcránacha, a bhí idir 14 agus 24 bliana d’aois, in íoslach agus d’éignigh siad iad gan stad. D’éirigh naonúr acu torrach. 

Russian retreat from Bucha reveals scores of civilian deaths

Fear ag brú a rothair trí smionagar agus feithiclí míleata scriosta ar shráid in Bucha an 6 Aibreán 2022, tar éis don Rúis a bheith ag loscadh agus ag creachadh.

Grianghraf le Chris McGrath / Getty Images

Visit of Ursula von der Leyen, President of the European Commission, and Josep Borrell Fontelles, Vice-President of the European Commission in charge of a stronger Europe in the World, to Ukraine

Olluaigh agus málaí corpáin curtha i líne ar an talamh, in aice le hEaglais Naomh Aindrias Pervozvannoho na Naomh Uile i gcathair Bucha, cúpla lá tar éis an fhogha Rúisigh.

Sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta

Tá an tAontas tiomanta go láidir deimhin a dhéanamh de go ngearrfar pionós as na coireanna cogaidh a dhéantar san Úcráin.

Coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh, cinedhíothú agus coir an fhogha, meastar gurb iad sin na sáruithe is tromchúisí ar an dlí idirnáisiúnta, rudaí ar a dtugtar coireanna idirnáisiúnta chomh maith.

Tá níos mó ná 69,000 coir idirnáisiúnta líomhnaithe á n-imscrúdú ag an Úcráin, agus meastar go bhfuil líon iarbhír na n-ainghníomhartha den sórt sin níos airde fós.

14 Bhallstát den Aontas Eorpach

tar éis tús a chur le himscrúduithe náisiúnta ar choireanna idirnáisiúnta a rinneadh san Úcráin

6 Bhallstát den Aontas Eorpach

Tá an Pholainn, an Laitvia, an Eastóin, an tSlóvaic, an Rómáin agus an Liotuáin ina mball den Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú lena dtacaíonn Eurojust, in éineacht leis an Úcráin agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC)

Cad is coir an fhogha ann?

Is gnách gurb í an cheannaireacht pholaitiúil agus mhíleata is airde i dtír a dhéanann coir an ionsaithe i gcoinne cheannasacht, iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil tíre eile. I measc na gcoireanna foghacha tá ionradh, forghabháil mhíleata, ionghabháil trí fhorneart a úsáid, buamáil, agus imshuí míleata ar chalafoirt, agus tá an Rúis tar éis iad sin go léir a dhéanamh.

Ós rud é nár ghlac an Rúis le dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, tá roghanna malartacha á moladh ag an gCoimisiún chun a chinntiú go dtabharfar coir an fhogha chun láimhe freisin.

Coireanna na Rúise san Úcráin a ionchúiseamh

Agus an Coimisiún ag tacú le hobair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta leis, tá sé ag obair i gcomhar leis an gcomhphobal idirnáisiúnta le binse a chruthú chun coir fhoghach na Rúise a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Chun cuidiú le comhordú a dhéanamh ar bhailiú na fianaise, bhunaigh an Coimisiún Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Ionsaithe in aghaidh na hÚcráine sa Háig, é leabaithe san Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú lena dtacaíonn Eurojust. Tacóidh an Lárionad le comhordú imscrúduithe agus bailiú breise fianaise maidir leis na coireanna cogaidh a rinneadh san Úcráin.

Leanann an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na sásraí atá ann cheana tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú le hacmhainneachtaí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta le breis agus €10 milliún ó thús an ionraidh
  • Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí san Úcráin a neartú, le breis agus €6 mhilliún do TF agus do threalamh
  • Eurojust a chur in oiriúint don chúram: Leis an Rialachán leasaithe Eurojust, tá an Ghníomhaireacht in ann fianaise a bhaineann le coireanna idirnáisiúnta a chaomhnú, a stóráil agus a anailísiú go slán i mbunachar sonraí nua
  • tacú le Eurojust agus Europol, a fheidhmíonn mar mhoil chomhordúcháin le haghaidh imscrúduithe náisiúnta arna ndéanamh ag Ballstáit an Aontais
  • comhordú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun cuntasacht agus freagairt dhomhanda a chinntiú 

Costais an damáiste a íoc

Ní mór don Rúis agus olagarcaí na Rúise an Úcráin a chúiteamh as an damáiste agus an léirscrios atá á dhéanamh.

I mí an Mhárta 2022, tar éis thús fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chuir an Coimisiún Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ ar bun. Is é is aidhm don Tascfhórsa a chinntiú go ndéanfar comhordú níos fearr ar smachtbhannaí an Aontais i gcoinne daoine agus cuideachtaí ón Rúis agus ón mBealarúis.

Is é an Coimisiún a reáchtálann an Tascfhórsa agus cuireann sé ar a gcumas do na Ballstáit, Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, Eurojust agus Europol oibriú le chéile chun sócmhainní na Rúise a shainaithint, a chalcadh agus, i gcás inar féidir, a choigistiú.

Oibríonn an Tascfhórsa go dlúth le comhpháirtithe idirnáisiúnta, údaráis na hÚcráine agus na Stát Aontaithe ina measc. Ar leibhéal G7+ comhoibríonn an Tascfhórsa go rialta leis an Tascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise (REPO).

alt=""
FÍRIC

Calcadh sócmhainní príobháideacha dar luach breis agus €28 mbilliún go dtí seo san Aontas

Tá oibleagáidí níos déine tugtha isteach ag an Aontas maidir le calcadh sócmhainní freisin. Chomhaontaigh sé critéar nua maidir le liostú chun daoine a chur san áireamh a bhaineann tairbhe as aistriú éigeantach úinéireachta nó rialú ar fhochuideachtaí Rúiseacha de chuid chuideachtaí an Aontais. Leis sin beifear in ann a chinntiú nach ndéanfaidh aon duine aon bhrabús as na caillteanais a mbíonn ar chuideachtaí an Aontais aghaidh a thabhairt orthu nuair a fhaigheann úinéirí nó bainisteoirí ón Rúis a bhfochuideachtaí in aghaidh a dtola. 

An Úcráin a atógáil

A bhuí leis an Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ tá sócmhainní dar luach níos mó ná €28 mbilliún ar le holagarcaí agus cuideachtaí de chuid na Rúise agus na Bealarúise iad calctha ag Ballstáit an Aontais.

Tá breis agus €200 billiún de shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise díluailithe san Aontas.

Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na cistí sin agus chun tús a chur le hatógáil na hÚcráine, mhol an Coimisiún roghanna éagsúla do na Ballstáit. Orthu sin tá struchtúr nua a chruthú chun sócmhainní poiblí Rúiseacha calctha agus doghluaiste a bhainistiú, agus chun iad a infheistiú agus na fáltais a úsáid don Úcráin.

Bealaí éalaithe dlíthiúla a dhúnadh

Agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin ar siúl faoi láthair, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear smachtbhannaí an Aontais chun feidhme ina n-iomláine, agus nach aici a bheidh an lámh in uachtair i ngeall ar a sárú sin. Tá dlí an Aontais á neartú againn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Is é an aidhm atá ann éifeacht dhíspreagthach smachtbhannaí an Aontais a threisiú agus na huirlisí dlíthiúla a thabhairt do na Ballstáit chun líon méadaitheach sócmhainní a choigistiú, nuair a nasctar iad le cion coiriúil.