Dhá bhliain ó shin, chuir Putin tús le cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus leis sin, thug sé dúshlán do mhianta mhuintir na hÚcráine todhchaí níos fearr a bhaint amach, agus teacht níos gaire don Aontas. Ionsaí a bhí ann, ní i gcoinne na hÚcráine amháin, ach i gcoinne na saoirse, an fhéinchinntiúcháin agus an daonlathais.
Tá athléimneacht shuntasach léirithe ag an Úcráin i bhfianaise an ionsaithe bhrúidiúil sin. Is éard atá i gceist leis seo an neart atá ag náisiún, agus é ag troid ar son a chearta agus a mhianta. Sa lá atá inniu ann, is gné dóchais é frithbheartaíocht na hÚcráine do dhaoine ar fud an domhain a sheasann ar son na saoirse. Tá an chreidiúint sheasmhach ann go mbeidh an lámh in uachtar ag an Úcráin, agus seasfaidh an Eoraip léi a fhad is gá.
I bhfocal na nÚcránach
‘Gach uair, cuirim ina luí orm féin go bhfuil an baol ann nach bhfillfidh mé choíche i ngeall ar a dhéine atá an scaoileadh airtléire agus aerfhórsa’, arsa Lilia. D’fhill Lilia ar Oblast Donetsk chun cabhrú le sibhialtaigh agus leis an arm araon le linn an chogaidh. Tá sí ag cuidiú chun cabhair a éascú, agus tá sí gníomhach ag tiomsú airgid freisin.
Is eagraíocht neamhbhrabúis í ‘Bake for Ukraine’ agus le blaiseadh arán na hÚcráine, tá sé i gceist aici a chur i gcuimhne do dhaoine ar fud an domhain gur cogadh leanúnach atá ann, sin agus an tionchar atá aige ar na daoine.
Leanaí atá ag tabhairt aghaidh ar thráma cogaidh, foghlaimíonn siad conas aislingí agus spriocanna a bhaint amach le cumhacht a gcuid cruthaitheachta féin. Tá an méid sin ag tarlú san Úcráin a bhuí leis an tionscadal ‘Behind Blue Eyes’ lena gcumhachtaítear leanaí a saol a thaifeadadh ar cheamara, sin agus lena dtugtar inspioráid dóibh todhchaí níos fearr a shamhlú dóibh féin agus an bhreis ina n-aghaidh.
Tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais
Le dhá bhliain anuas, chuir an tAontas ar fáil tacaíocht shuntasach ar fiú beagnach €98 mbilliún í don Úcráin, lena gcuimsítear cabhair eacnamaíoch, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil, mar aon le cúnamh in earnálacha éagsúla. Leanann sé de bheith ag obair gan staonadh le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun a chinntiú go bhfaighidh an Úcráin tacaíocht agus chun an Rúis a thabhairt chun cuntais as a cuid gníomhaíochtaí. Tá teachtaireacht na hEorpa soiléir: seasaimid leis an Úcráin inniu agus seasfaimid léi amach anseo.
sin an méid a chuir Team Europe ar fáil chun tacú le hathléimneacht fhoriomlán eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine
sin an méid a cuireadh ar fáil le haghaidh bearta cúnaimh mhíleata, a bhfuil €11.1 billiún de curtha ar fáil faoin tSaoráid Eorpach Síochána
sin an méid a cuireadh ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit freastal ar riachtanais mhuintir na hÚcráine atá ag teitheadh ón gcogadh chuig an Aontas
sin méid an mhaoiniúcháin nua atá le cur isteach sa tSaoráid don Úcráin le haghaidh 2024-2027
Tá tacaíocht leanúnach don Úcráin ríthábhachtach. Tá an tAontas réidh chun a chion féin a dhéanamh agus tá sé ag obair le comhpháirtithe chun a chinntiú go gcoinneofar tacaíocht fhorleathan don Úcráin ar bun.
I dtreo na todhchaí
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin chun ballraíocht san Aontas a bhaint amach, rud a léiríonn toil a muintire athchóirithe daonlathacha a dhéanamh. I mí na Nollag 2023 chinn ceannairí an Aontais tús a chur le cainteanna aontachais leis an Úcráin, agus iad ag freagairt ar thiomantas na hÚcráine athchóirithe a shaothrú. Fiú le linn cogaidh, lean an tír uirthi ag déanamh dul chun cinn agus ag tabhairt isteach athchóirithe, cuir i gcás reachtaíocht nua chun cearta náisiúnta na mionlach náisiúnta a leathnú, an córas breithiúnach a fheabhsú agus seiceálacha agus ceartúcháin ar chumhacht a chinntiú.