Earraí, seirbhísí a bhfuil cuspóir míleata agus sibhialta ag gabháil leo (‘earraí agus seirbhísí dé-úsáide’)
Tá géarú agus leathnú déanta ag an Aontas ar na rialuithe easpórtála maidir le hearraí dé-úsáide chun díriú ar earnálacha íogaire i gcoimpléasc míleata tionsclaíoch na Rúise agus chun rochtain na Rúise ar ardteicneolaíocht ríthábhachtach a theorannú, amhail:
- dróin agus bogearraí le haghaidh na ndrón
- bogearraí le haghaidh gléasanna criptiúcháin
- leathsheoltóirí agus ardleictreonaic
- innill le haghaidh na ndrón
- ceimiceáin a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh airm cheimiceacha
- nithe forfheidhmithe dlí
- ábhair speisialta agus innealra tionsclaíoch
- trealamh duaithníochta agus oibreáin smachtaithe círéibe
- tearc-chréanna
- thermostats
- ceamaraí teirmeagrafacha
- machine tools
- machinery parts
- DC motors and servomotors for unmanned aerial vehicles (UAVs)
- comhpháirteanna leictreonacha a shainaithnítear i gcórais arm (héileacaptair, diúracáin, ladrainn, agus feithiclí rothacha)
Tá leathnú déanta ag an Aontas freisin ar liosta na n-eintiteas faoi smachtbhannaí a bhfuil feidhm ag srianta níos déine ina leith, lena n-áirítear cuideachtaí atá gníomhach i réimsí míleata agus cosanta, ar cuideachtaí iad atá ag tacú leis an ionradh ó thaobh lóistíochta agus acmhainní de.
Cumhdaíonn an toirmeasc easpórtála atá ann faoi láthair breosla scairde agus breiseáin bhreosla a d’fhéadfadh arm na Rúise a úsáid.
Tá toirmeasc freisin ar ábhar ísealteicneolaíochta a úsáideann an t-arm amhail ladrainn bheaga/caithimh aimsire, gléasanna casta gineadóra, ríomhairí glúine, ceamaraí agus lionsaí, gairis um chúnamh raidió loingseoireachta agus gairis chun guth, íomhánna nó sonraí a tharchur nó a ghlacadh.
FÍORAIS
Cuireann na smachtbhannaí isteach ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí tábhachtacha lasmuigh de na hearraí dé-úsáide agus de na teicneolaíochtaí dé-úsáide, agus déanfaidh siad a gcumais theicneolaíocha a íosghrádú de réir a chéile.
Cuireann siad stop le maoiniú poiblí nó le cúnamh airgeadais chun trádáil a dhéanamh leis an Rúis nó tacaíocht infheistíochta a thabhairt sa Rúis, tacaíocht náisiúnta easpórtála san áireamh.