Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
alt=""
NA FÍRICÍ

Clúdaíonn an toirmeasc iompórtála 90% d’iompórtálacha ola an Aontais ón Rúis i láthair na huaire

Déanann an toirmeasc iompórtála ar ghual ón Rúis difear don cheathrú cuid d’easpórtálacha domhanda guail na Rúise, rud a fhágann caillteanas ioncaim €8 mbilliún in aghaidh na bliana don Rúis.

Díriú ar ioncam ola na Rúise

Tá toirmeasc curtha ag an Aontas ar amhola ar muir agus táirgí peitriliam scagtha a iompórtáil ón Rúis. Tá tionchar mór ag an toirmeasc ola ar an Rúis. Is chuig an Aontas a théann thart ar an leathchuid dá heaspórtálacha ola iomlána. In 2021 d’iompórtáil an tAontas méid ola dar luach €7.1 billiún: amhola (€48 mbilliún) agus táirgí ola scagtha (€23 bhilliún) ón Rúis. Tá tionchar struchtúrach suntasach ag cailleadh an phríomh-mhargaidh bhrabúsaigh sin ar an Rúis, tír a mbraitheann a buiséad go mór ar na hioncaim ola sin. 

Tá na caidhpeanna praghais a comhaontaíodh le Chomhghuaillíocht G7+ na Caidhpe Praghais tar éis an t-ioncam a thuilleann an Rúis ón ola a laghdú a thuilleadh, agus chuidigh siad freisin le margaí fuinnimh domhanda a chobhsú. Cuireann na caidhpeanna praghais cosc ar oibreoirí an Aontais, mar shampla, seirbhísí iompair nó árachais a sholáthar chun ola a iompar ón Rúis os cionn na caidhpe. Tá trí chaidhp praghais i bhfeidhm faoi láthair, mar atá:

  • easpórtáil amhola ón Rúis ar muir, agus í socraithe ar phraghas uasta US$60 in aghaidh an bhairille
  • táirgí peitriliam a bhfuil praghas níos airde orthu ná mar atá ar amhola, amhail díosal, ceirisín agus gásailín, agus iad socraithe ar phraghas uasta US$100 in aghaidh an bhairille
  • táirgí peitriliam a bhfuil praghas níos ísle orthu ná mar atá ar amhola, amhail ola bhreosla agus nafta, US$45 in aghaidh an bhairille
  • ina theannta sin, chun cabhrú le dul i ngleic leis an ‘scáthfhlít’ a úsáideann an Rúis chun dul timpeall ar na huasteorainneacha praghais, thug Comhghuaillíocht G7+ na Caidhpe Praghais bearta isteach le déanaí chun dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar dhíol tancaer le tríú tíortha 

Beart fuinnimh eile

  • toirmeasc ar gach cineál guail ón Rúis a iompórtáil
  • toirmeasc ar ghás peitriliam leachtaithe (GPL) a iompórtáil, rud a mbeidh tionchar aige ar iompórtálacha bliantúla dar luach níos mó ná €1 bhilliún, agus díolúine ar chonarthaí atá ann cheana ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí 
  • toirmeasc ar infheistíochtaí nua ón Aontas in earnáil mhianadóireachta na Rúise, cé is moite d’amhábhair áirithe
  • toirmeasc ar easpórtálacha teicneolaíochtaí scagtha sonracha, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra agus níos costasaí don Rúis uasghrádú a dhéanamh ar a scaglanna ola
  • toirmeasc forleathan ar infheistíocht nua ar fud earnáil fuinnimh na Rúise, cé is moite d’eisceachtaí teoranta i dtaca le fuinneamh núicléach sibhialta agus iompar táirgí áirithe fuinnimh ar ais chuig an Aontas
  • toirmeasc ar náisiúnaigh nó ar eintitis Rúiseacha toilleadh stórála gáis a chur in áirithe i mBallstáit an Aontais.
  • Deireadh leis an deis ola na Rúise a iompórtáil trí phíblíne don Ghearmáin agus don Pholainn.