Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Toirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálacha

Smachtbhannaí trádála idirnáisiúnta

An tAontas Eorpach, i gcomhar le tíortha G7 agus comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, stop sé de bheith ag caitheamh leis an Rúis mar náisiún barrfhabhair faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála amhail ón 15 Márta 2022. Mar gheall air sin, ceiltear buntáistí tábhachtacha trádála ar an Rúis mar bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Seachas na taraifí iompórtála a mhéadú, tá cinneadh déanta ag an Aontas gníomhú trí shraith smachtbhannaí a bhfuil toirmisc agus srianta ar iompórtálacha nó ar easpórtálacha earraí san áireamh, go háirithe:

  • toirmeasc san Aontas ar tháirgí cruach críochnaithe agus leathchríochnaithe a iompórtáil
  • toirmeasc san Aontas ar shó-earraí a easpórtáil, chun scothaicmí Rúiseacha a bhualadh go díreach
  • toirmeasc san Aontas ar dhiamaint neamhthionsclaíocha a iompórtáil, arb í an Rúis an áit a ndéantar mianadóireacht orthu nó an áit a ndéantar iad a phróiseáil nó a tháirgeadh. Tá an méid sin ina chuid de chosc G7 ar dhiamaint ón Rúis, rud atá á chomhordú go hidirnáisiúnta, darb aidhm an sruth ioncaim tábhachtach sin a bhaint den Rúis. Meastar gur €4 bhilliún in aghaidh na bliana atá san ioncam sin.
  • toirmeasc san Aontas ar amhábhar a iompórtáil le haghaidh táirgeadh cruach, earraí alúmanaim próiseáilte agus earraí miotail eile
  • síneadh a chur leis an toirmeasc ar shó-charranna a easpórtáil chun gach carr nua agus gach carr athláimhe atá os cionn méid áirithe innill (> 1,900 cm³) a chlúdach, agus gach feithicil leictreach agus hibrideach a chlúdach
  • toirmeasc iomlán ar chineálacha áirithe comhpháirteanna innealra
  • toirmisc bhreise ar earraí eile iompórtáil, ina measc sin stroighin, táirgí rubair, adhmad, biotáille, deochanna meisciúla, agus bia mara ardleibhéil
  • toirmisc spriocdhírithe ar easpórtálacha i réimsí ina bhfuil an Rúis leochaileach de bharr a spleáchais aird ar sholáthairtí ón Aontas. San áireamh leis sin, mar shampla, tá ríomhaireacht chandamach, ard-leathsheoltóirí, innealra íogair agus páirteanna íogaire, earraí a bhaineann le foirgníocht, cruach phróiseáilte, earraí copair agus alúmanaim, léasair, ceallraí, iompar agus ceimiceáin. Tá catalaígh speisialaithe san áireamh chomh maith lena n-úsáid i dtionscal na scaglann. Cuirfidh sé sin le díghrádú bhonn teicneolaíoch agus acmhainn tionsclaíoch na Rúise.
  • toirmeasc ar bhogearraí a bhaineann leis an bhfiontraíocht agus an dearadh a chur ar fáil do rialtas na Rúise nó do chuideachtaí na Rúise 
  • toirmeasc ar ór a cheannach, a iompórtáil, nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise é
  • srian ar 15 earra teicneolaíochta breise a easpórtáil, ar earraí iad a fhaightear ar an láthair chatha san Úcráin nó ar an trealamh a theastaíonn chun na nithe sin a tháirgeadh
  • toirmeasc ar chearta maoine intleachtúla agus rúin trádála a úsáidtear i ndáil le hearraí srianta a dhíol, a cheadúnú, a aistriú nó a tharchur chun cosc a chur ar na hearraí atá faoi smachtbhannaí a mhonarú lasmuigh den Aontas
  • srianta a ghéarú ar earraí iarainn agus cruach a easpórtáil trína cheangal ar iompórtálaithe earraí iarainn agus cruach atá faoi smachtbhannaí agus a próiseáladh i dtríú tír a chruthú nach ón Rúis a thagann na hionchuir a úsáideadh
  • tá eintitis nua faoi réir srianta easpórtála níos déine le haghaidh nithe ardteicneolaíochta. I dteannta eintitis na Rúise agus na hIaráine atá liostaithe cheana féin, clúdaítear leis seo anois eintiteas de chuid na Síne, na hÚisbéiceastáine, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, na Siria agus na hAirméine.
  • 29 n-eintiteas ón Rúis agus ó thríú tíortha a chur le liosta na n-eintiteas atá comhlachaithe le coimpléasc míleata tionsclaíoch na Rúise (eintitis san Úisbéiceastáin agus i Singeapór san áireamh). 

FÍORAIS

  • Ó thaobh na heaspórtála de, is é €48 mbilliún luach measta iomlán na srianta agus na dtoirmeasc easpórtála ar earraí agus teicneolaíochtaí go dtí seo. Is é sin 54% d’easpórtálacha an Aontais roimh an ionradh.
  • Cumhdaítear leis na bearta 58% de na hiompórtálacha a bhí ann roimh an gcogadh, is é sin €91.2 billiún.
  • €3.28 billiún (16% d’easpórtálacha an Aontais roimh an ionradh), sin é luach iomlán na srianta ar easpórtáil seirbhísí gnó.
  • Mar gheall ar an gcosc ar easpórtáil earraí teicneolaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, tá laghdú tagtha ar na tionscail sa Rúis a bhaineann dian‑úsáid as an teicneolaíocht. Tháinig meath mór go háirithe ar tháirgeadh carranna, ar threalamh iompair eile agus ar mhonarú ríomhairí.
  • Ní dhíríonn aon cheann de na bearta a ghlac an tAontas ar bhealach ar bith ar an trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus bia, cruithneacht agus leasacháin san áireamh, idir tríú tíortha agus an Rúis.