Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Comhaontú an Aontais um Eisiúint Víosaí a Éascú leis an Rúis ar fionraí

An 9 Meán Fómhair 2022, chomhaontaigh an Chomhairle an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú atá ag an Aontas leis an Rúis a chur ar fionraí go hiomlán. Déanann an fhionraíocht iomlán difear do gach catagóir taistealaithe a thagann isteach san Aontas le haghaidh gearrfhanachta. Fágann sé sin an méid seo a leanas:

  • Níl rochtain phribhléideach ar an Aontas Eorpach ag saoránaigh na Rúise a thuilleadh agus tá próiseas níos faide, níos costasaí agus níos deacra rompu chun cur isteach ar víosa
  • Tá discréid leathan ag na Ballstáit iarratais ar víosaí gearrfhanachta a phróiseáil ó shaoránaigh na Rúise, agus is féidir leo a chinntiú go ndéanfar grinnscrúdú níos mó ar náisiúnaigh Rúiseacha ar mian leo taisteal chuig an Aontas
  • Beidh an tAontas oscailte i gcónaí do chatagóirí áirithe iarratasóirí ar víosaí Rúiseacha a bheidh ag taisteal chun críocha bunriachtanacha, lena n-áirítear baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, iriseoirí, easaontaigh agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
  • Doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin atá faoi fhorghabháil na Rúise san Úcráin nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia, nó do dhaoine atá ina gcónaí sna réigiúin sin, ní ghlacfar leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a fháil nó chun teorainneacha limistéar Schengen a thrasnú.