Díriú ar earnáil baincéireachta na Rúise
Trí mhargaí caipitil an Aontais a cheilt ar an Rúis, tá na costais iasachtaíochta agus idirbhirt á méadú do na heintitis a bhfuil smachtbhannaí orthu, agus tá bonn tionsclaíoch na Rúise á chreimeadh de réir a chéile.
Tá an méid seo a leanas ar na bearta:
- toirmeasc a chur ar aon chineál iasachta a thabhairt do bhainc áirithe na Rúise agus do rialtas na Rúise (an Banc Ceannais san áireamh) agus ar na hurrúis a eisíonn na bainc sin a cheannach
- toirmeasc ar gach idirbheart le fiontair áirithe atá faoi úinéireacht stát na Rúise in earnálacha éagsúla – coimpléasc míleata tionsclaíoch na Creimile
- toirmeasc ar nótaí bainc a easpórtáil agus ar urrúis inaistrithe a dhíol in airgeadraí oifigiúla uile an Aontais
- toirmeasc ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa an Aontais an Rúis agus gnólachtaí Rúiseacha a rátáil, agus ar sholáthar seirbhísí rátála do chliaint na Rúise
- toirmeasc ar sheirbhísí cripteashócmhainní ardluacha a sholáthar don Rúis agus toirmeasc ar gach tiachóg cripteashócmhainní, gan beann ar an méid
- toirmeasc ar sheirbhísí gnó, go díreach nó go hindíreach, amhail seirbhísí maidir le cuntasaíocht, iniúchóireacht, iniúchóireacht reachtúil, leabharchoimeád agus comhairliúchán cánach, sainchomhairleoireacht TF, comhairle dhlí, ailtireacht agus innealtóireacht, sainchomhairleoireacht bhainistíochta, caidreamh poiblí, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna, tástáil agus anailís theicniúil, fógraíocht agus seirbhísí rátála
- toirmeasc ar chomhairle a chur ar Rúisigh shaibhre maidir le pleanáil airgeadais agus iontaobhais airgeadais agus cosc ar a dtaiscí móra i mbainc an Aontais
- toirmeasc a chur ar náisiúnaigh Rúiseacha a bheith ar chomhlachtaí rialaithe i mbonneagar criticiúil na mBallstát
Tá calcadh sócmhainní agus toirmisc mhaoiniúcháin forchurtha ag an Aontas ar roinnt bainc Rúiseacha agus tá bac á chur aige ar chúlchistí malairte eachtraí na Rúise atá á gcoinneáil san Aontas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- príomhbhainc na Rúise a eisiamh ón gcóras SWIFT, an córas teachtaireachtaí airgeadais is mó ar domhan – cuireann an beart sin cosc ar na bainc sin a n-idirbhearta airgeadais a dhéanamh ar fud an domhain ar bhealach tapa éifeachtúil
- toirmeasc a chur ar infheistiú i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise