Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Cur chun feidhme na smachtbhannaí a chinntiú

Tá sé ríthábhachtach smachtbhannaí a chur chun feidhme go héifeachtach agus go dícheallach chun a chinntiú go mbainfear a gcuspóirí amach. Is ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht sin. Oibríonn an Coimisiún go dlúth chun tacú leo san obair sin tríd an méid seo a leanas:

  • cruinniú rialta den ghrúpa saineolaithe maidir le smachtbhannaí a chur chun feidhme, rud a chuirfidh ar a chumas don Choimisiún teagmháil a dhéanamh le húdaráis ábhartha uile na mBallstát
  • Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ a bhunaigh an Coimisiún i mí an Mhárta 2022, rud a chinntíonn comhordú níos fearr ar chalcadh sócmhainní i gcoinne daoine aonair agus eintitis de chuid na Rúise agus na Bealarúise
  • Grúpa Ardleibhéil, faoi chathaoirleacht an Choimisinéara Mairead McGuinness, rud a thugann deis do na 27 mBallstát uile eolas a chomhroinnt in éineacht le hionadaithe thionscal agus ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh
  • cruinnithe ad-hoc le páirtithe leasmhara arna dtionól ag an gCoimisiún, ina dtugtar treoraíocht agus ina ndéantar cur chun feidhme na smachtbhannaí a phlé le hoibreoirí

Tá smachtbhannaí an Aontais á gcomhordú aige le comhghuaillithe agus comhpháirtithe móra idirnáisiúnta eile amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Chóiré Theas, an Eilvéis, an tSeapáin, an Astráil, Ceanada, an Nua-Shéalainn agus an Iorua, ionas go mbainfidh gach tír úsáid as na bearta is éifeachtaí bunaithe ar gheilleagar na tíre féin.

Cosc a chur ar dul timpeall

Coir is ea dul timpeall ar smachtbhannaí an Aontais. Chun monatóireacht a dhéanamh air sin, tá an méid seo a leanas á dhéanamh ag an gCoimisiún:

  • leas a bhaint as a sheirbhísí trádála agus custaim chun atreorú sreafaí trádála ó thríú tíortha áirithe a aithint agus iad ag gníomhú mar thairseacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun na Rúise
  • teagmháil a dhéanamh le tríú tíortha chun teacht ar chomhaontú maidir le measúnú comhroinnte, sonraí a chur i gcomparáid le chéile agus bearta feabhais a phlé de réir mar is iomchuí
  • eolas a bhailiú ar phatrúin dul timpeall ón earnáil phríobháideach, chomh maith le moltaí maidir le conas an feiniméan sin a chosc ar bhealach níos fearr.

Mar chuid den 11ú phacáiste de smachtbhannaí a glacadh an 23 Meitheamh, thug an tAontas isteach ionstraim nua chun aon dul timpeall a sheachaint trí dhlínsí tríú tíortha. Dhíreodh an ionstraim ar earraí ardriosca sonracha a bhfuil sé cruthaithe ina leith go sroicheann siad an Rúis trí thríú tíortha, in ainneoin iad a bheith cumhdaithe le smachtbhannaí an Aontais. Cuireann an ionstraim ar chumas an Aontais cosc a chur ar easpórtáil na n-earraí sin chuig na tíortha a úsáidtear chun dul timpeall ar ár smachtbhannaí, agus chun cosc a chur ar sholáthar seirbhísí gaolmhara chomh maith.

Ní líonfar isteach liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta atá faoi réir an bhirt seo ach amháin mura féidir teacht ar réiteach eile. Ciallaíonn sé sin go mbeidh dlúth-rannpháirtíocht agus idirphlé ann le gach ceann de na tríú tíortha lena mbaineann. Tabharfaimid deis do na húdaráis i gcónaí freagra a thabhairt ar thorthaí agus ar chonclúidí an Aontais. Mar sin, is beart é seo atá le húsáid mar rogha dheiridh.

Seo a leanas roinnt beart eile lena rabhamar in ann a bheith níos déine ar an dul timpeall ar smachtbhannaí:

Eolas do pháirtithe leasmhara

Chun a chinntiú go mbíonn eolas ar fáil do pháirtithe leasmhara, tá an méid seo a leanas déanta ag an gCoimisiún:

  • na céadta sraitheanna de Cheisteanna Coitianta a fhoilsiú a bhaineann le gach earnáil tionscail a ndéanann smachtbhannaí difear dóibh, amhail an t-airgeadas agus an bhaincéireacht, trádáil agus custaim, an fuinneamh, an talmhaíocht, an t-iompar, soláthar poiblí meán, agus tá treoraíocht shonrach eisithe aige maidir le saincheisteanna daonnúla. Bhí idirphlé rialta aige le páirtithe leasmhara tionscail agus tá sé ag obair i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá inniúil chun smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme, údaruithe a dheonú agus sáruithe a ionchúiseamh.
  • eolas so-rochtana a fhoilsiú faoi na pacáistí a glacadh go dtí seo. Tugann Léarscáil Smachtbhannaí an Aontais léiriú so-úsáidte ar na córais smachtbhannaí uile atá i bhfeidhm faoi láthair, daoine atá faoi réir smachtbhannaí aonair ina measc. Ar fáil ar líne tá an Liosta Comhdhlúite Smachtbhannaí Airgeadais, ar a bhfuil gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá, faoi smachtbhannaí an Aontais, faoi réir reo sócmhainní agus a bhfuil toirmeasc orthu cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil. 
  • Uirlis Sceithire a chur i bhfeidhm chun sáruithe smachtbhannaí a thuairisciú gan ainm. Chomh maith leis sin, cuireann smachtbhannaí an Aontais de cheangal ar na Ballstáit an sárú ar smachtbhannaí a choiriúlú. 
  • an pointe teagmhála a chur ar bun don chabhair dhaonnúil ar leibhéal an Aontais, pointe a chuireann eolas praiticiúil ar fáil d’oibreoirí daonnúla maidir le maoluithe daonnúla a iarraidh faoi smachtbhannaí an Aontais. 
  • pointe teagmhála lárnach a sheoladh/a chruthú chun cabhrú le húdaráis agus oibreoirí nach den Aontas iad maidir le raon feidhme smachtbhannaí an Aontais agus a gcur chun feidhme i gcoinne na Rúise – agus go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le slándáil bia. Tá sé d’aidhm aige sin freisin deimhin a dhéanamh de nach ndéanfar difear do shreabhadh na dtáirgí agraibhia agus na leasachán chuig a dtíortha.