Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
alt=""
FÍRIC

Is san Aontas, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada a tógadh trí cheathrú d’aerloingeas trádála reatha na Rúise. Fágann sé sin nach mbeidh an Rúis in ann a haerloingeas a chothabháil i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

Díriú ar earnáil iompair na Rúise

Chun srian a chur ar chumas thionscal na Rúise príomhearraí a fháil agus cur isteach ar a chuid earnálacha bóithre, eitlíochta agus muirí, tá an tAontas tar éis an méid seo a leanas a fhorchur:

  • toirmeasc ar gach aerárthach, páirt aerárthaigh agus trealamh aerárthaigh a easpórtáil, a dhíol, a sholáthar nó a aistriú chuig an Rúis
  • toirmeasc ar gach seirbhís ghaolmhar deisithe, cothabhála nó airgeadais a sholáthar
  • aerspás an Aontais a dhúnadh ar gach aerárthach atá faoi úinéireacht na Rúise, atá cláraithe sa Rúis nó atá faoi rialú na Rúise, scairdeitleáin phríobháideacha na n-olagarcaí san áireamh
  • srianta ar earraí loingseoireachta muirí agus teicneolaíochtaí cumarsáide raidió a easpórtáil
  • toirmeasc iomlán ar oibríochtaí lasta na Rúise agus na Bealarúise de bhóthar a oibríonn san Aontas Eorpach (cuimseoidh eisceachtaí áirithe bunriachtanais amhail talmhaíocht agus táirgí bia, cabhair dhaonnúil agus fuinneamh)
  • toirmeasc iomlán ar thrucailí le leantóirí agus leathleantóirí Rúiseacha earraí a iompar chuig an Aontas. Cuirfidh sé sin bac ar dhul timpeall an toirmisc atá ar oibreoirí bóithre lasta na Rúise earraí a iompar san Aontas.
  • toirmeasc ar shoithí ag a bhfuil bratach na Rúise ar foluain teacht isteach i gcalafoirt an Aontais (tá feidhm ag eisceachtaí chun críoch míochaine, bia, fuinnimh agus daonnúil)
  • aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise a tharraingt siar agus toirmeasc iontrála a chur ar gach long atá deimhnithe faoin gClár, gan beann ar an mbratach atá ar foluain acu
  • toirmeasc ar sheirbhísí muirí ag oibreoirí uile an Aontais maidir leis an trádáil ola idir an Rúis agus tríú tíortha mura dtagann sé faoin uasteorainn ar phraghsanna ola
  • rochtain theoranta ar sheirbhísí airgeadais d’iarnróid na Rúise
  • smachtbhannaí ar roinnt daoine aonair a bhfuil baint acu leis an earnáil iompair, Aire Iompair na Rúise san áireamh
  • toirmeasc ar rochtain a fháil ar chalafoirt an Aontais le haghaidh soithí a bhíonn ag gabháil d’aistrithe ó long go long a sháraíonn, nó a bhfuil amhras ann go sáraíonn siad, an toirmeasc ar ola na Rúise a iompórtáil nó caidhp phraghais Chomhghuaillíocht G7
  • toirmeasc ar rochtain a fháil ar chalafoirt an Aontais i gcás soithí mura dtugann soitheach fógra don údarás inniúil 48 uair an chloig ar a laghad roimh ré maidir le haistriú ó long go long laistigh de Limistéar Eacnamaíoch Eisiach Ballstáit nó laistigh de 12 mhuirmhíle ó bhonnlíne chósta an Bhallstáit sin
  • toirmeasc ar rochtain a fháil ar chalafoirt an Aontais le haghaidh soithí a dhéanann a gcóras rianaithe loingseoireachta a chúbláil nó a mhúchadh agus ola na Rúise á hiompar acu atá faoi réir an toirmisc ar ola a iompórtáil nó faoi réir chaidhp phraghais G7.