Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaí

Fíricí agus figiúirí

Os cionn 1,900
líon na ndaoine aonair agus na n-eintiteas ar cuireadh smachtbhannaí orthu
€24 bhilliún
luach na sócmhainní príobháideacha san Aontas atá reoite

Cé orthu a bhfuil smachtbhannaí á gcur?

Tá smachtbhannaí curtha ag an Aontas Eorpach ar os cionn 1,900 duine aonair agus eintiteas. Ina measc sin tá:

  • ceannaireacht na Rúise 
  • oifigigh ardchéime 
  • foireann mhíleata 
  • Ceannasaithe Ghrúpa Wagner 
  • lucht gnó agus olagarcaí iomráiteacha 
  • lucht bolscaireachta ar son na Creimile agus i gcoinne na hÚcráine 
  • daoine agus eintitis a oibríonn in earnáil mhíleata agus in earnáil TF na Rúise
  • beartaithe na dtoghchán neamhdhleathacha le déanaí, mar a thugtar orthu, i gcríocha na hÚcráine atá faoi smacht forghabhála na Rúise go sealadach
  • daoine lárnacha a bhfuil baint acu le ‘athoideachas’ éigeantach leanaí Úcránacha nó le díbirt neamhdhleathach leanaí Úcránacha chun na Rúise

Daoine aonair faoi smachtbhannaí

  • déantar gach cuntas i mbainc an Aontais a reo
  • cuirtear toirmeasc ar thaisteal áit ar bith san Aontas
  • tá sé mídhleathach sócmhainní nó cistí ón Aontas a chur ar fáil do na daoine sin

Cuideachtaí agus eagraíochtaí faoi smachtbhannaí

  • déantar gach cuntas i mbainc an Aontais a reo
  • tá sé mídhleathach sócmhainní nó cistí a chur ar fáil dóibh, go díreach nó go hindíreach

Fíricí agus figiúirí amhail ón 18 Nollaig 2023

Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’

Tá ‘Tascfhórsa Calcadh agus Coigistiú’ curtha ar bun ag an gCoimisiún chun iniúchadh a dhéanamh ar naisc idir sócmhainní de chuid na ndaoine atá liostaithe faoi smachtbhannaí an Aontais agus gníomhaíochtaí coiriúla. Is iad na Ballstáit atá freagrach as imscrúduithe agus ionchúisimh. Is é is aidhm don Tascfhórsa an comhordú a neartú ar an leibhéal oibríochtúil chun forfheidhmiú éifeachtach smachtbhannaí an Aontais a chinntiú ar fud na mBallstát uile.

Is éard atá sa Tascfhórsa ionadaithe ón gCoimisiún, pointí teagmhála ó gach Ballstát, Eurojust agus Europol. Déanann an Tascfhórsa a chuid oibre a chomhordú leis an ‘Tascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise (REPO)’, tascfhórsa ar bhunaigh tíortha G7, an Astráil agus an tAontas Eorpach é.

Conarthaí poiblí agus maoiniú Eorpach

  • Toirmeasc iomlán ar náisiúnaigh agus ar eintitis de chuid na Rúise páirt a ghlacadh i gconarthaí soláthair san Aontas

  • Srianta ar thacaíocht airgeadais agus ar thacaíocht neamhairgeadais faoi chláir de chuid an Aontais, Euratom agus na mBallstát d’eintitis de chuid na Rúise atá faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí. Ní thabharfar aon chonradh ná comhaontú nua i gcrích le comhlachtaí poiblí Rúiseacha nó le heintitis ghaolmhara.

FÍRIC

Tá deireadh curtha ag an gCoimisiún le rannpháirtíocht chomhlachtaí poiblí na Rúise nó eintitis ghaolmhara na Rúise i ngach comhaontú deontais atá ar siúl faoi láthair, agus tá gach íocaíocht ghaolmhar faoin gclár Fís 2020, Euratom agus Erasmus+ curtha ar fionraí aige. 

I gcás Fís Eorpach (seachas an Chomhairle Eorpach um Thaighde agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach), gach eintiteas dlíthiúil (poiblí agus príobháideach) atá bunaithe sa Rúis, sa Bhealarúis nó i gcríocha neamhrialtais rialaithe na hÚcráine, níl siad incháilithe le bheith rannpháirteach. Mar mhaolú ginearálta, féadfaidh daoine nádúrtha atá bunaithe sna críocha sin a bheith rannpháirteach fós i nGníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie mura bhfuil siad ar an liosta smachtbhannaí.

Na meáin – Smachtbhannaí a chur ar ghníomhaithe na bréagaisnéise

Na heagraíochtaí bréagaisnéise atá faoi úinéireacht stáit agus atá fabhrach don Chreimil, tá ról lárnach riachtanach acu maidir le tacú le fogha na Rúise faoin Úcráin. Is bagairt shuntasach dhíreach iad ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. Is é sin an fáth ar chinn an tAontas smachtbhanna a chur ar shócmhainní na Creimile um an mbréagaisnéis agus um an gcúbláil faisnéise.

Tá fionraíocht i bhfeidhm ar na nithe seo a leanas a tharchur agus a dháileadh:

  • Sputnik agus a chuid fochuideachtaí, Sputnik in Araibis ina measc
  • Russia Today agus a chuid fochuideachtaí, Russia Today i mBéarla, Russia Today: An Ríocht Aontaithe, Russia Today: An Ghearmáin, Russia Today: An Fhrainc, Russia Today i Spáinnis, Russia Today in Araibis, Russia Today: Na Balcáin
  • Rossiya RTR/RTR Planeta
  • Rossiya 24/Russia 24
  • TV Centre International
  • NTV/NTV Mir 
  • Rossiya 1
  • REN TV
  • Pervyi Kanal
  • RIA FAN
  • Oriental Review
  • Tsargrad
  • New Eastern Outlook
  • Katehon

Gach ceadúnas, údarú agus socrú dáileacháin ábhartha, is é sin trí chábla, satailít, IPTV, ardáin, suíomhanna gréasáin agus aipeanna, tá siad ar fionraí. Baineann sé sin le craoladh i leith tríú tíortha chomh maith.

Tá cosc freisin ar fhógraíocht a dhéanamh faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí ar eagraíochtaí ar a bhfuil smachtbhannaí.

EUvsDisinfo: Bréagaisnéis maidir leis an Úcráin