Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Tíortha an Aontais ag déanamh réidh chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin

Tá an fhaisnéis seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Tá na Ballstáit chun cúnamh cuimsitheach a thairiscint

Tá an tAontas ag tacú i gcónaí leis na Ballstáit chun freastal ar riachtanais na ndaoine sin atá ar a dteitheadh ó ionradh na hÚcráine. Cuireann sé cúnamh ar fáil ag an teorainn, is é sin fáilte agus cosaint shibhialta. Cuidíonn sé leis na Ballstáit rochtain ar oideachas, ar chúram sláinte, ar lóistín agus ar phoist a chinntiú dóibh siúd a thagann ón Úcráin.

Image of European flag with six different photos that are used in the "key areas for support" section surrounding it

Príomhréimsí tacaíochta

refugees arriving at border
Tacaíocht le haghaidh bainistiú teorainneacha

D’eisigh an Coimisiún treoirlínte oibríochtúla chun cuidiú le gardaí teorann na mBallstát bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar na dídeanaithe a thagann isteach ag na teorainneacha leis an Úcráin agus an t-am feithimh a laghdú agus ardleibhéal slándála a choinneáil ag an am céanna. Tá foireann bhreise agus saineolas breise á gcur ar fáil ag gníomhaireachtaí an Aontais d’fhonn tacú leis na Ballstáit.

doctor treating a young girl
Tacaíocht do chórais sláinte

Tá córas tiomnaithe Eorpach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun daoine a bhfuil cúram leighis de dhíth orthu a aistriú go tapa i measc Bhallstáit an Aontais, le tacaíocht ón Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Tá an Coimisiún ag obair i gcomhar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun treoir agus oiliúint maidir leis an tsláinte phoiblí a chur ar fáil, chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar táirgí íocshláinte agus chun tacaíocht iomchuí a thabhairt do na Ballstáit.

children playing in a room
Cosaint leanaí

Le Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh tugtar creat cuimsitheach maidir le cearta an libh a chosaint agus a chomhlíonadh. Tá príomhról le himirt ag na comhordaitheoirí náisiúnta i bhfeidhm anois faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí chun an iarracht a chomhordú agus dlús a chur léi ar an leibhéal náisiúnta agus le húdarás réigiúnacha agus áitiúla. Sa bhreis air sin tá Nósanna Imeachta Oibríochtúla Caighdeánacha tiomnaithe á n-ullmhú ag an gCoimisiún i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha a aistriú.

Solidarity for Ukraine - Italy
Rochtain ar an oideachas

Tabharfaidh an Coimisiún na Ballstáit le chéile chun taithí a roinnt agus fáil amach cad é atá ag teastáil chun leanúint ag cur oideachas ar leanaí easáitithe. Beidh Tairseach Oideachais Scoile ina ionad ilfhreastail chun ábhar oideachais ón Úcráin a nascadh le hábhar oideachais ó na Ballstáit san Úcráinis. Bainfear úsáid as an tsolúbthacht i gclár maoinithe Erasmus+ chun tacú le hoideachas na mac léinn ar dídeanaithe iad agus le lánpháirtiú na mball foirne ó institiúidí ardoideachais atá ag teitheadh ón gcogadh.

a mother doing homework with her two children
Rochtain ar lóistín agus ar thithíocht

Chun freastal ar riachtanais láithreacha le haghaidh cóiríocht oiriúnach, tacóidh tionscnamh nua ‘safe homes’ [bailte sábháilte] le hEorpaigh atá ag cur a mbailte ar fáil. Bainfear leas as an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, chomh maith le cistí an Bheartais Comhtháthaithe, chun córais ghlactha phoiblí a neartú. Go fadtéarmach, cuideoidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun tithíocht shóisialta a sholáthar do theaghlaigh agus do dhaoine aonair sa phobal. Is féidir le Ciste Sóisialta na hEorpa tacú le seirbhísí agus cóiríocht atá bunaithe ar an bpobal, go háirithe dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu nó atá faoi mhíchumas, agus do leanaí agus daoine scothaosta.

Ukrainian doctor working in the refugee camp of Burgas, Bulgaria
Rochtain ar phoist

Iarrtar ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cuidiú leis na daoine sin atá ag teacht a gcearta chun obair agus gairmoiliúint a dhéanamh a fheidhmiú go mear. Tá an Coimisiún tar éis an Úcráinis a chur le hUirlis an Aontais Eorpaigh um Phróifíliú Scileanna do náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid an Aontais iad agus déanfaidh sé Linn Tallann nua a thriail ar bhonn phíolótach chun scileanna a mheaitseáil le folúntais. Ina theannta sin tá an Coimisiún ag obair ar threoirlínte nua a fhorbairt chun gur fusa cáilíochtaí gairmiúla a fuarthas san Úcráin a aithint agus comhoibriú le comhpháirtithe sóisialta chun an earnáil phríobháideach a chur ar an eolas faoi na cearta atá ann faoin treoir um chosaint shealadach agus na cláir atá ar fáil.

Treoir oibríochtúil

Cuideoidh treoirlínte oibríochtúla nua maidir leis an Treoir um Chosaint Shealadach leo siúd a thagann chuig an Aontas Eorpach leibhéal comhsheasmhach agus éifeachtach ceart a bheith acu. Cuideoidh sé leis na Ballstáit a gcuid freagrachtaí nua a ghlacadh. Tabharfar na treoirlínte cothrom le dáta go rialta chun tacú leis na Ballstáit dul i ngleic le dúshláin ó lá go lá agus leis na staideanna nua a mbeidh rompu.

Tuilleadh eolais

 

I mbun dlúthpháirtíochta

Ardán Dlúthpháirtíochta curtha ar bun ag an gCoimisiún, ardán lena dtugtar na Ballstáit agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais le chéile chun tacaíocht a chomhordú do na Ballstáit a bhfuil sí de dhíth orthu.

Commissioner Johannson at the Estonian border

Cuideoidh an t-ardán chun aistrithe daoine a eagrú laistigh den Aontas Eorpach chuig na Ballstáit a bhfuil cumas glactha acu. Ina theannta sin, féadfaidh sé cuidiú chun bealaí a bhunú i dtreo tíortha nach bhfuil san Aontas a bhfuil pobail mhóra de mhuintir na hÚcráine iontu cheana féin, mar shampla Ceanada nó an Ríocht Aontaithe. Tabharfar aird ar leith ar na cásanna is leochailí, go háirithe leanaí.

Réitigh thapa sholúbtha chun an dlúthpháirtíocht a mhaoiniú

Tá beart déanta ag an gCoimisiún láithreach bonn chun cuidiú le tacaíocht airgeadais a shlógadh do na Ballstáit atá ina n-óstach do na daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh in aghaidh na hÚcráine.

Tá breis agus €3.5 billiún i réamhíocaíochtaí íoctha ag an gCoimisiún leis na Ballstáit ón gCúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU). Cuirfidh an t-instealladh láithreach leachtachta sin dlús leis an rochtain atá acu ar chistí is féidir leo a chaitheamh ar bhonneagar, ar thithíocht, ar threalamh agus ar sheirbhísí fostaíochta, ar oideachas, ar chuimsiú sóisialta, ar chúram sláinte agus ar chúram leanaí.

Cuirfidh cistí Gnóthaí Baile an Aontais do 2021-27 acmhainní suntasacha ar fáil do na Ballstáit chun saoráidí glactha leordhóthanacha agus nósanna imeachta tearmainn éifeachtacha a chinntiú do dhaoine atá ag teitheadh ón ionsaí.

Tar éis an togra ón gCoimisiún ‘Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip’ (CARE), tá an deis ag na Ballstáit freisin na cistí atá fágtha ó chistí comhtháthaithe na clárthréimhse 2014-2020 a úsáid chun tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin agus ag teacht go dtí a gcríoch. Áirítear leis sin infheistíochtaí san oideachas, san fhostaíocht, sa tithíocht, sa tsláinte agus i seirbhísí cúraim leanaí, agus cúnamh ábhartha bunúsach mar bhia agus éadaí.

Ina theannta sin ghlac an Coimisiún Creat Sealadach Géarchéime lena gcuirtear ar chumas na mBallstát úsáid a bhaint as an tsolúbthacht a cheadaítear faoi na rialacha maidir le Státchabhair chun tacú leis an ngeilleagar i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair á cosaint san am céanna.