Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Visit of Ursula von der Leyen, President of the European Commission, to Poland

A bhuí leis an imeacht gealltanais agus leis an bhfeachtas domhanda ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’, tá €9.1 billiún tiomsaithe do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise, laistigh agus lasmuigh den Úcráin, lena n-áirítear €1 bhilliún ón gCoimisiún Eorpach. Anuas air sin, tá iasacht €1 bhilliún breise fógartha ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá easáitithe de thoradh an ionraidh.

Is ábhar sóláis é dlúthpháirtíocht na dtíortha, na gcuideachtaí agus na ndaoine ar fud an domhain le linn na tréimhse dorcha seo. Tá €9.1 billiún tiomsaithe ag an bhfeachtas ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’ do dhaoine atá ag teitheadh ó na buamaí, laistigh agus lasmuigh den Úcráin, agus tá billiún breise geallta ag BEAF. Agus tá tuilleadh le teacht fós. Leanfaimid de thacaíocht a chur ar fáil. Agus nuair a stopfaidh na buamaí de bheith ag titim, cabhróidh muid le muintir na hÚcráine a dtír a atógáil. Leanfaimid orainn ag seasamh ar son na hÚcráine.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Inniu, thiomsaíomar os cionn CAD $12.4 billiún chun leanúint de bheith ag tacú le hÚcránaigh a easáitíodh mar gheall ar chogadh leanúnach gan údar Putin. Cé acu bia, uisce, foscadh nó cúnamh leighis atá i gceist – leanfaimid de bheith ag tacú libh agus an cúnamh atá de dhíth oraibh a chur ar fáil ag an am seo. Táimid ag seasamh ar son na hÚcráine.

Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada

Leis an imeacht gealltanais ar líne ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’ cuireadh clabhsúr ar fheachtas níos leithne ar na meáin shóisialta, feachtas a sheol an Coimisiún Eorpach agus an Rialtas i gCeanada an 26 Márta, i gcomhpháirtíocht le Global Citizen. 

Leis an bhfeachtas seo tugadh freagra ar ghlao ar thacaíocht a sheol Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy. Is é an aidhm a bhí leis an bhfeachtas maoiniú agus cineálacha eile tacaíochta a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais na ndaoine a easáitíodh san Úcráin féin. Go háirithe:

  • Maidir leis na 4 mhilliún duine a bhfuil dídean lorgtha acu cheana féin san Aontas agus na daoine eile ar dócha go dtiocfaidh siad: úsáidfear an maoiniú chun freastal ar a riachtanais ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha i mBallstáit an Aontais, lena n-áirítear bia, tithíocht, cúram leighis, oideachas agus fostaíocht.
  • Maidir leis na 6.5 milliún duine, lena n-áirítear 2.5 milliún páiste, a raibh orthu teitheadh óna dtithe ach a d’fhan san Úcráin agus atá easáitithe ina dtír féin anois: úsáidfear an maoiniú agus na tabhartais chun cúram daonnúil ríthábhachtach a chur ar fáil dóibh.

Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag an bPolainn maidir le tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe atá ag teitheadh ón ionradh ar an Úcráin, is i Vársa a eagraíodh an t-imeacht gealltanais, agus bhí an tUachtarán Andrzej Duda páirteach ann.

 

Multimedia

  • Visit of Ursula von der Leyen, President of the European Commission, to Poland
  • Visit of Ursula von der Leyen, President of the European Commission, to Poland
  • Visit of Ursula von der Leyen, President of the European Commission, to Poland

Social media kit

28 MEITHEAMH 2022
Stand Up for Ukraine: social media kit