Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ag teitheadh ón Úcráin: Taisteal laistigh den Aontas Eorpach

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

An t-eolas atá de dhíth ort agus tú ag taisteal san Aontas Eorpach

Sa chuid is mó de chásanna, más ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin atá tú, beidh tú in ann taisteal go dtí tíortha eile den Aontas. I gcás muintir na hÚcráine ag a bhfuil pas bithmhéadrach, tagann an ceart sin ón gcóras saor ó víosa atá i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Más as tríú tír duit, ní mór duit a sheiceáil an bhfuil do thír dhúchais ar liosta na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith acu.

Sonraí teagmhála náisiúnta agus eolas

Trí chliceáil ar an tír ar an léarscáil seo, gheobhaidh tú eolas úsáideach faoi na húdaráis náisiúnta i dtíortha an Aontais ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo faoi chosaint shealadach, chomh maith le heolas faoi thacaíocht taistil, cúraim sláinte nó fostaíochta.