Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ag teitheadh ón Úcráin: tacaíocht don oideachas

   

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська |  Rúisis | русский

Tacaíocht don oideachas

Children in a school class

Is páistí atá in aois scoile iad go leor dídeanaithe ón Úcráin. Cuidíonn sé go mór an strus síceolaíoch atá orthu a mhaolú ach iad a bheith ag freastal ar scoil, sin agus tugann sé cobhsaíocht agus normáltacht dóibh, mar aon le hionchas don todhchaí.  

Tá an méid seo a leanas á dhéanamh ag an gCoimisiún:

  • tacaíocht mhaoiniúcháin a chur ar fáil do scoileanna, don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint, d’oideachas agus do chúram na luath-óige freisin trí Chistí Comhtháthaithe an Aontais, trí Erasmus+ agus tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
  • grúpa Dlúthpháirtíochta Oideachais an Aontais a chomhordú don Úcráin chun riachtanais pháistí na hÚcráine a shainaithint agus chun tacú leis na Ballstáit a dhéanann iad a óstáil, an phiarfhoghlaim agus treoir bheartais san áireamh
  • rochtain a chur ar fáil ar ábhar foghlama san Úcráinis agus acmhainní agus cúrsaí ar líne a chur ar fáil do mhúinteoirí tríd an Tairseach Oideachais Scoile
  • tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí i measc na ndídeanaithe trí rochtain ar chláir agus malartuithe de chuid an Aontais i bpobal eTwinning

mol acmhainní curtha ar bun ag an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna ina bhfuil faisnéis faoin gcaoi ar féidir le daoine a theith ón Úcráin leanúint ar aghaidh nó rochtain a fháil ar oideachas agus ar oiliúint i dtíortha an Aontais, tuiscint agus aitheantas a fháil ar a gcáilíochtaí chun críocha oibre nó staidéir, agus deiseanna fostaíochta a aimsiú.

Picteagraim san Úcráinis agus sa Bhéarla do dhaltaí agus do mhúinteoirí

alt=""

Is leabhrán praiticiúil ina bhfuil picteagraim é seo agus is féidir leis cabhrú le cainteoirí Úcráinise agus cainteoirí Béarla na chéad bhacainní cumarsáide a shárú.

Íoslódáil

Limistéar Eorpach Taighde don Úcráin

Is ionad ilfhreastail í an tairseach ‘Limistéar Eorpach Taighde don Úcráin’ d’fhaisnéis agus seirbhísí tacaíochta do thaighdeoirí atá lonnaithe san Úcráin agus do thaighdeoirí atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an tairseach, tugtar le chéile tionscnaimh ar leibhéal an Aontais, in aghaidh na tíre agus ó ghrúpaí neamhrialtasacha. Is é is aidhm dó cuidiú le taighdeoirí a ndearnadh difear dóibh tithíocht agus deiseanna fostaíochta a aimsiú, aitheantas a gcuid dioplómaí a éascú, agus seirbhísí eile a thairiscint.

Seoladh an tairseach ar líonra EURAXESS a bhí ann cheana, a thacaíonn le taighdeoirí trí níos mó ná 600 ionad agus 43 thairseach náisiúnta a nascadh ar fud Bhallstáit an Aontais agus tíortha a bhfuil baint acu le Fís Eorpach. 

I measc na dtionscnamh eile de chuid an Aontais tá rochtain ar Science4Refugees, tionscnamh de chuid EURAXESS a bhí ann cheana lena gcuirtear intéirneachtaí agus poist pháirtaimseartha agus lánaimseartha ar fáil do dhídeanaithe, chomh maith le rochtain ar Chomhphobal Eorpach Taighde, agus GMSC – Taighdeoirí atá i mbaol.

Doiciméid

4 EANÁIR 2023
Factsheet - Refugees from Ukraine: Support to school children and teachers English