Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ag teitheadh ón Úcráin: rochtain ar phoist

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Rochtain ar an margadh fostaíochta

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair le gníomhaithe éagsúla, údaráis na hÚcráine agus an diaspóra san áireamh, chun a chinntiú go ndéanfar na ndaoine a fhaigheann cosaint shealadach a lánpháirtiú go tapa agus go héifeachtach i margadh an tsaothair. Mar a míníodh sa treoir chun cabhrú le daoine atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin rochtain a fháil ar phoist, ar oiliúint agus ar fhoghlaim aosach, tá roinnt uirlisí ar fáil ar leibhéal an Aontais chun tacú leis sin.

Is féidir leo a gcuid scileanna a mheaitseáil le folúntais a bhuí leis an gclár píolótach ‘Linn Tallann an Aontais Eorpaigh’ a sheol an Coimisiún i gcomhar leis an Údarás Eorpach Saothair. Ina theannta sin, is féidir leo teanga nua agus bunscileanna digiteacha a fhoghlaim tríd na líonraí sa Chomhshocrú um Scileanna.

Cuireadh an Úcráinis le hUirlis an Aontais Eorpaigh um Phróifiliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tíortha chun cabhrú le cuardaitheoirí poist na hÚcráine agus leo siúd ar mian leo leanúint dá gcuid staidéir. 

Tar éis don Choimisiún moladh a fhoilsiú chun aitheantas a éascú le haghaidh cáilíochtaí acadúla agus gairmiúla a fuarthas san Úcráin, is fusa anois d’fhostóirí agus d’institiúidí oiliúna tuiscint a fháil ar scileanna mhuintir na hÚcráine atá ag teacht isteach san Aontas. 

mol acmhainní curtha ar bun ag an gCoimisiún chun cuidiú le daoine ón Úcráin a bhfuil cabhair uathu aitheantas a fháil dá gcáilíochtaí agus dóibh siúd a bhfuil cabhair uathu iad a thuiscint. Tá comparáid déanta aige freisin idir Creat na hÚcráine um Cháilíochta agus an Creat Eorpach um Cháilíochtaí in éineacht leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna agus le Ballstáit an Aontais.

Leanann an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta sna Ballstáit, ar seirbhísí iad a bhfuil ról lárnach acu maidir le beartais ghníomhacha a leagan amach le haghaidh margadh an tsaothair chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as scileanna na ndaoine nuathagtha.

Cuireann sé tacaíocht ar fáil freisin do bhearta amhail socrúcháin oibre, cúrsaí teanga, comhairleoireacht, gairmoideachas agus gairmoiliúint, trí chistí éagsúla de chuid an Aontais. 

Linn Tallann an Aontais Eorpaigh

Sheol an Coimisiún Linn Tallann an Aontais Eorpaigh ar líne chun cabhrú le daoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin post a fháil san Aontas.

Tá scéim phíolótach Linn Tallann an Aontais Eorpaigh le fáil i mBéarla, i Úcráinis agus i Rúisis agus cuirtear chun feidhme é trí thairseach EURES. Tugtar le chéile ann seirbhísí fostaíochta náisiúnta, gníomhaireachtaí príobháideacha fostaíochta agus fostóirí ar fud an Aontais. Tá os cionn 3 mhilliún folúntas agus 4 000 fostóir ar fáil ar EURES, agus tá fáilte roimh fhostóirí iad féin a chlárú air.

Tá an tionscnamh píolótach, Linn Tallann an Aontais Eorpaigh, oscailte do na cuardaitheoirí poist uile a thairbhíonn de chosaint shealadach faoin Treoir an Aontais um Chosaint Shealadach, nó de chosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta lena dtugtar dóibh an ceart chun obair a dhéanamh.

Tar éis do chuardaitheoirí poist iad féin a chlárú, treoraíonn an uirlis iad trí phróiseas inar féidir leo na scileanna atá acu a shainaithint agus a CV a uaslódáil. Beidh na CVanna a fhoilsítear sa tionscnamh píolótach, Linn Tallann an Aontais Eorpaigh, le feiceáil ag seirbhísí fostaíochta poiblí i ngach tír rannpháirteach agus ag fostóirí cláraithe i ngach tír atá ina cuid den líonra comhair Eorpach um sheirbhísí fosaíochta (EURES). Ina theannta sin, is féidir le cuardaitheoirí poist brabhsáil trí gach folúntas a fhoilsítear ar thairseach EURES.

Linn Tallann an Aontais Eorpaigh

Faisnéis ó aireachtaí náisiúnta agus ó gníomhaireachtaí fostaíochta

an Fhrainc