Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ullmhúchán a dhéanamh leis an Úcráin a fhágáil

Forbhreathnú

Sula bhfágfaidh tú an Úcráin agus sula gcinnfidh tú taisteal chuig Ballstáit de chuid an Aontais, más féidir, tabhair leat doiciméid taistil bhailí agus tú ag imeacht. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh bac ort teacht isteach san Aontas mura bhfuil doiciméid taistil nó doiciméid leighis (deimhniú vacsaínithe, tástáil COVID-19) agat.

Na tíortha ar fad san Aontas a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin, tá cead isteach á thabhairt acu do gach duine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin ar fhorais dhaonnúla, gan beann ar phas bithmhéadrach a bheith agat. Baineann an méid sin le páistí chomh maith. Má tá náisiúntacht Úcránach agus pas bithmhéadrach agat, is féidir leat teacht isteach san Aontas ach do phas a thaispeáint ag an teorainn. I ngach cás eile, tabharfaidh tíortha den Aontas cead isteach duit ar fhorais dhaonnúla.

Conas is féidir liom cruthúnas a thabhairt ar mo náisiúntacht?

Seo thíos liosta táscach de dhoiciméid is féidir leat a úsáid mar chruthúnas ar náisiúntacht na hÚcráine fiú má tá a dtréimhse bailíochta imithe in éag:

  • pasanna d’aon chineál (pasanna náisiúnta, pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse, comhphasanna agus pasanna ionadacha, lena n-airítear pasanna leanaí)
  • cártaí aitheantais náisiúnta (cártaí sealadacha agus cártaí coinníollacha san áireamh)
  • leabhair seirbhíse míleata agus cártaí seirbhíse míleata
  • leabhair clárúcháin mairnéalach, cártaí seirbhíse scipéirí agus pasanna mairnéalach
  • teastais saoránachta
  • doiciméid oifigiúla eile a luann nó a léiríonn saoránacht

Má tá náisiúntacht eile agat agus má theastaíonn víosa uait le teacht isteach san Aontas, ba cheart duit do víosa ghearrfhanachta a thaispeáint má tá ceann agat. Mura bhfuil víosa ghearrfhanachta agat, ba cheart go dtabharfaidh tíortha den Aontas cead isteach mar sin féin, d’fhonn d’aisdúichiú a éascú go dtí do thír dhúchais.

An mbeidh mé faoi réir seiceálacha teorann?

I ngeall ar an staid mar atá faoi láthair san Úcráin, féadfaidh tíortha den Aontas seiceálacha teorann a dhéanamh ag a dteorainneacha, agus ag áit shábháilte eile amach ón teorainn chomh maith. Féadfar na seiceálacha sin a dhéanamh agus tú á iompar chuig an áit shábháilte sin, nó agus tú ann. D’fhéadfadh sé go mbeadh ort a bheith ar fáil do na húdaráis san áit shábháilte sin agus na seiceálacha sin á ndéanamh.

Cad iad na cearta agus na hoibleagáidí atá agam?

Gan beann ar do náisiúntacht, tá tú i dteideal cúnamh láithreach a fháil chomh maith le faisnéis láithreach maidir le do chearta. Ina measc sin tá dídean sealadach agus comhlíonadh do chuid riachtanas bunúsach ar nós bia agus leighis. Braitheann comhlíonadh ceart breise ar an stádas a fhaigheann tú san Aontas Eorpach agus d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ag baint leo dá bhrí sin.

Féadfar seiceálacha póilíneachta agus seiceálacha riaracháin eile a dhéanamh tráth ar bith laistigh de chríocha na mBallstát ar chúinsí slándála agus imirce. Tá sé tábhachtach comhoibriú leis na seiceálacha sin agus na doiciméid agus an fhaisnéis a theastaíonn a chur ar fáil do phóilíní, do ghardaí teorann nó d’údaráis inniúla eile. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeidh ort a bheith ar fáil do na húdaráis le linn na seiceálacha sin i saoráidí ainmnithe.

I gcás leanaí atá ag trasnú na dteorainneacha seachtracha leo féin, i.e. gan tuismitheoirí nó daoine fásta eile atá freagrach astu a bheith á dtionlacan nó gan iad a bheith ag súil leo, ba cheart duit na húdaráis a chur ar an eolas agus treoróidh siad chuig seirbhísí cosanta leanaí thú.