Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ag teitheadh ón Úcráin: cúram sláinte

Tá an fhaisnéis seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Rochtain ar chúram sláinte san Aontas

Má thugtar cosaint shealadach duit, beidh rochtain agat ar chúram sláinte i do Bhallstát óstach. Dá bhrí sin, tar éis duit clárú agus cead cónaithe sealadach a fháil, tabharfaidh an Ballstát óstach rochtain duit ar a chóras cúraim sláinte.

Má mheasann córas sláinte poiblí an Bhallstáit óstaigh go bhfuil tú faoi árachas iomlán, beidh tú i dteideal freisin an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil a thugann an ceart duit cóir leighis riachtanach a fháil le linn duit a bheith ag fanacht go sealadach i mBallstát eile.

Cóireáil ospidéil speisialaithe

Chun cóireáil agus cúram speisialta ospidéil a chinntiú dóibh siúd atá i ngátar, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • sásra dlúthpháirtíochta a chur ar bun d’aistrithe leighis laistigh den Aontas a dhéanamh ar dhídeanaithe agus ar dhaoine easáitithe ó na Ballstáit atá ar theorainn na hÚcráine. Cuireadh 10,000 leaba ar fáil cheana féin.
  • tacaíocht a chur ar fáil do rochtain ar vacsaíniú gnáthamh do leanaí ar cheart déileáil leo mar ábhar tosaíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le meabhairshláinte agus tacaíocht tráma dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh.

Daoine ar a bhfuil galair neamhchoitianta nó riochtaí aimpléiseacha

Na 24 Líonra Tagartha Eorpacha (ERNanna) atá ann le haghaidh galair neamhchoitianta aimpléiseacha, tá siad aontaithe ina dtacaíocht d’othair uile na hÚcráine. Tá ERNanna speisialaithe i ndiagnóisiú agus i gcóireáil tinneas neamhchoitianta/an-neamhchoitianta i mbeagnach gach réimse den leigheas, lena n-áirítear ailse neamhchoitianta.

Tá na 1,600 sainionad ERN leabaithe i mbreis agus 300 ospidéal de chuid an Aontais, iad scaipthe ar fud na mBallstát uile, nó sa chuid is mó acu, (lena n-áirítear an tír chomharsanach, an Úcráin) agus san Iorua. Tá gealltanas tugtha ag ERNanna mol a chur ar fáil d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu laistigh den Úcráin agus lasmuigh di.

Féach ar shuíomh gréasáin Líonraí Tagartha Eorpacha chun tuilleadh eolais agus treorach a fháil.

Faisnéis ó aireachtaí náisiúnta agus ó gníomhaireachtaí sláinte

an Ostair
an Eastóin

Bord Sláinte
Ciste um Árachas Sláinte
An Institiúid Náisiúnta um Fhorbairt Sláinte – seirbhísí tacaíochta do dhídeanaithe

an Ungáir

An Institiúid Náisiúnta um an Oinceolaíocht – Suíomh gréasáin agus ukrbejencionkologiaatoncol [dot] hu (seoladh ríomhphoist)

an Liotuáin

An Aireacht Sláinte
Faisnéis faoi sheirbhísí sláinte +370 5 232 2222

Eolas uile-Aontais

Treatment4Ukraine’ – eolas a bhailigh Toscaireacht an Aontais san Úcráin faoin gcúram sláinte atá ar fáil san Eoraip

Doiciméid

Bileog eolais12 Aibreán 2022
Factsheet: Access to health care in EU countries for persons displaced from Ukraine