Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ag teitheadh ón Úcráin: rochtain ar lóistín agus ar thithíocht

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Eolas faoi lóistín agus faoi thithíocht

Ukrainian refugees waving from a window of the Polish house where they were welcomed

Tá lóistín láithreach á cur ar fáil ag na húdaráis nó ag carthanais. Cuireann an Treoir um Chosaint Shealadach an ceart ar lóistín agus ar thithíocht oiriúnach ar fáil, agus dá bhrí sin, is gá teacht ar réitigh inbhuanaithe sa mheántéarma tríd an gcóras glactha poiblí a nascadh le tairiscintí lóistín phríobháidigh.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a n-acmhainneacht glactha a mhéadú
  • Tionscnamh nua na dTithe Sábháilte a sheoladh chun glacadh le tionscnaimh a chuirtear ar bun ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, sin agus tacaíocht a thabhairt do na tionscnaimh sin.

Cuidíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun tithíocht shóisialta a chur ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine aonair sa phobal, agus clúdaíonn sé lóistín iomchuí a cheannach agus a athchóiriú. 

Féadfaidh Ciste Sóisialta na hEorpa tacú freisin le hinfheistíochtaí i lóistín phobalbhunaithe, go háirithe dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta orthu, atá faoi mhíchumas, do leanaí agus do dhaoine scothaosta.