Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ag filleadh ar an Úcráin: ceisteanna agus freagraí

Forbhreathnú

Nuair a bheidh tú réidh chun tús a chur leis an bpleanáil le filleadh abhaile ar an Úcráin, go sealadach nó go buan, tá roinnt rudaí ann a mbeidh ort a cuimhneamh orthu. Ina measc sin, tá an tionchar a bheidh ag an bhfilleadh ar do chearta anseo san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh sé go mbeadh ábhar imní níos praiticiúla ort freisin, amhail an tionchar a bheidh aige ar chuntas bainc a d’oscail tú i do thír óstach. Gheobhaidh tú eolas ar an leathanach seo a chabhróidh leat aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin.

Ag filleadh ar an Úcráin ar feadh tréimhse ghearr

Tá mé cláraithe le haghaidh cosaint shealadach, ach is mian liom filleadh ar an Úcráin gan mhoill. An gcaillfidh mé mo chearta san Aontas Eorpach?

Leis an Treoir um Chosaint Shealadach, tugtar an deis filleadh ar bhonn deonach agus soláthraítear léi sin bearta is infheidhme tar éis deireadh a bheith curtha leis an gcosaint shealadach. Más gá duit filleadh ar an Úcráin ar feadh tréimhse ghearr ar chúiseanna amhail cuairteanna teaghlaigh, páipéir a bhailiú nó baill teaghlaigh a tharrtháil, ní chaillfidh tú do stádas cosanta sealadaí. Níor cheart do thíortha an Aontais aon chuairt ghearr ar an Úcráin a mheas mar chinneadh filleadh go deonach sula dtiocfaidh deireadh leis an gcosaint shealadach. Ciallaíonn sé sin nár cheart an cead cónaithe a chúlghairm ná na cearta a ghabhann leis an stádas a chailleadh mar thoradh ar thuras gearr ar ais go dtí an Úcráin. 

Ag aistriú ar ais chuig an Úcráin

Tá cosaint shealadach agam san Aontas Eorpach anois agus is mian liom dul ar ais go dtí an Úcráin. An mbeidh mé in ann filleadh ar an Aontas Eorpach agus an mbeidh mé in ann leas a bhaint as cosaint shealadach?

Má tá sé i gceist agat dul ar ais go dtí an Úcráin, ba cheart duit údaráis na tíre ina bhfuil cónaí ort a chur ar an eolas faoi do chuid pleananna. Má chinneann tú teacht ar ais chuig an Aontas Eorpach roimh dheireadh na staide éigeandála, beidh tú i dteideal cosaint shealadach a fháil an athuair. Moltar duit teagmháil a dhéanamh le húdaráis do Bhallstáit óstaigh chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le fógra imeachta a thabhairt/faoin gcóras fógartha atá i bhfeidhm agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann le gan fógra a thabhairt, agus faoi na coimircí is infheidhme do thairbhithe cosanta sealadaí.

Cuntais bhainc

An mbeidh mo chuntas bainc fós gníomhach má chinnim aistriú ar ais chuig an Úcráin agus má bhíonn mo chlárúchán cosanta sealadaí ‘neamhghníomhach’?

Ba cheart do chuntais bhainc fanacht ar oscailt freisin fad a bheidh do chead cónaithe fós bailí, fiú má bhíonn sé neamhghníomhach mar gheall ar do chinneadh aistriú ar ais chuig an Úcráin ar feadh tréimhse níos faide.