Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
From the left, Ursula von der Leyen, Volodymyr Zelensky, and Denys Shmyhal

Cruinniú comhpháirteach idir Coláiste na gCoimisinéirí Eorpacha agus Rialtas na hÚcráine

Ag seasamh taobh le muintir na hÚcráine

Le cuairt an Choláiste ar Chív, tá teachtaireacht an-soiléir á tabhairt ag an Aontas inniu chuig an Úcráin, agus chuig áiteanna níos faide i gcéin, faoinár neart agus ár ndiongbháilteacht chomhchoiteanna in aghaidh ionsaí brúidiúil na Rúise. Leanfaimid de bheith ag tacú leis an Úcráin chomh fada agus is gá. Agus leanfaimid orainn ag gearradh praghas trom ar an Rúis go dtí go gcuirfidh sí deireadh leis an ionsaí. Is féidir leis an Úcráin brath ar an Eoraip chun tír níos athléimní a atógáil, tír atá ag leanúint ar a bealach isteach san Aontas Eorpach.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Físeáin de na preasagallaimh

Na príomhthorthaí

Thaistil Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go Cív an 2 Feabhra 2023, in éineacht le 15 Choimisinéir, don chéad chruinniú riamh idir an Coláiste agus Rialtas na hÚcráine.

Chuir an cruinniú sin in iúl go láidir go bhfuil tiomantas daingean ag an Aontas seasamh leis an Úcráin chomh fada agus is gá, lena n-áirítear pacáiste cúnaimh nua €450 milliún do 2023 a fógraíodh le linn na cuairte. Leis sin, tá tuairim is €50 billiún curtha ar fáil don Úcráin ag an Aontas, ag a Bhallstáit agus ag institiúidí airgeadais na hEorpa, ó thosaigh ionsaí na Rúise. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag obair i dtreo ranníocaíocht €1 bhilliún chun téarnamh tapa a bhaint amach.

Ag an gcruinniú idir an Coláiste agus an Rialtas na hÚcráine a raibh an tUachtarán von der Leyen agus an Príomh-Aire Shmyhal ina gcomhchathaoirligh air, tugadh dá n-aire an tacaíocht leanúnach atá á tabhairt ag an Aontas don Úcráin i réimsí éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, dhaonnúil, fuinnimh, bhuiséadach chomh maith le for-rochtain taidhleoireachta. Ina theannta sin, bhreathnaíodh ar na hiarrachtaí athchóirithe atá á ndéanamh ag an Úcráin chun dul chun cinn ar a bealach isteach san Aontas, agus leagadh amach céimeanna breise chun feabhas a chur ar an gcomhar earnálach. Ag an am céanna, bhí plé ann freisin maidir le conas a d’íocfadh an Rúis as an scrios brúidiúil atá sí a dhéanamh, lena n-áirítear plé faoin deichiú pacáiste smachtbhannaí atá beartaithe.

Bhuail an tUachtarán von der Leyen leis an Uachtarán Zelensky freisin chun plé a dhéanamh ar na saincheisteanna móra ar an gclár oibre idir an tAontas agus an Úcráin.

Príomhréimsí tacaíochta agus comhair

Circular Graphic
Tacaíocht bhreise ón Aontas

Sa bhreis ar an tacaíocht mhacrairgeadais suas le €18 mbilliún do 2023, d’fhógair an tAontas €450 milliún breise chun cúnamh a thabhairt, lena n-áirítear:

  • €305 mhilliún i dtacaíocht dhéthaobhach chun athléimneacht agus athchóirithe tacaíochta na hÚcráine a mhéadú
  • €145 milliún mar chabhair dhaonnúil
Circular Graphic
Tacaíocht fuinnimh éigeandála

Tá tacaíocht ríthábhachtach á cur ar fáil ag an Aontas don Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí ar leith in earnáil an fhuinnimh. Áirítear leis sin:

  • soláthar 2,400 gineadóir breise, anuas ar an 3,000 a seachadadh cheana féin ó thús an ionsaithe
  • €157.5 milliún ón gCiste Tacaíochta Fuinnimh a bhunaigh an Comhphobal Fuinnimh
  • 35 mhilliún bolgán solais LED a cheannaigh an tAontas chun cabhrú le muintir na hÚcráine tomhaltas fuinnimh a laghdú
Circular Graphic
Comhar eacnamaíoch agus rochtain ar an Margadh Aonair

Leanann an Coimisiún de chúnamh a thabhairt don Úcráin le go mbeidh an tír in ann tairbhe iomlán a bhaint as an gComhaontú Comhlachais, lena n-áirítear an Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

  • Togra maidir le síneadh a chur le fionraí dleachtanna iompórtála ar easpórtálacha na hÚcráine tar éis mhí an Mheithimh 2023
  • Plean Gníomhaíochta Tosaíochta do 2023-2024 – treochlár chun rochtain na hÚcráine ar an Margadh Aonair a fheabhsú
  • Fánaíocht – síneadh sé mhí a chur leis na bearta deonacha a dhéanann oibreoirí an Aontais agus na hÚcráine le haghaidh glaonna inacmhainne nó saor in aisce idir an tAontas agus an Úcráin
Circular Graphic
Comhpháirtíocht Straitéiseach maidir le Bithmheatán, Hidrigin agus Gáis Shintéiseacha Eile

Leis an gComhpháirtíocht sin, leathnófar an comhar leanúnach fuinnimh idir an tAontas agus an Úcráin chuig gáis in-athnuaite amhail bithmheatán, hidrigin agus gáis shintéiseacha eile a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe. Athdhearbhaítear tiomantas an dá thaobh an spleáchas ar iompórtálacha breosla iontaise a laghdú, go háirithe gás na Rúise, agus oibriú i dtreo na haeráidneodrachta.

Circular Graphic
Tacaíocht d’athchóirithe agus d’ailíniú níos dlúithe leis an Aontas

Pléadh freisin na tosaíochtaí don athchóiriú agus na céimeanna is gá chun cabhrú leis an Úcráin a reachtaíocht a ailíniú tuilleadh le acquis an Aontais.

D’fhógair an Coimisiún freisin go nglacfaidh an Úcráin páirt i bpríomhchláir de chuid an Aontais:

  • shínigh an Coimisiún agus an Úcráin comhaontú comhlachais le Clár an Mhargaidh Aonair, lena dtugtar tacaíocht do ghnólachtaí na hÚcráine, lena n-éascaítear an rochtain ar mhargaí, timpeallacht fhabhrach ghnó, an fás inbhuanaithe agus an t-idirnáisiúnú.
  • Cuirfear tús leis an bplé go luath maidir leis an Úcráin a bheith páirteach i bpríomhchláir eile de chuid an Aontais amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, rud a thacóidh leis an Úcráin a bonneagar fuinnimh, iompair agus digiteach a nascadh leis an Aontas Eorpach.

Cuirfidh an tionscnamh nua ‘Phoenix’ borradh faoin obair atá á déanamh ag an mBauhaus Eorpach Nua chun tacú leis an Úcráin a cathracha a atógáil ar bhealach inbhuanaithe ionchuimsitheach. Cuirfidh sé €7 milliún ar a laghad ar fáil láithreach, go háirithe chun saineolas ceannródaíoch i réimse na hatógála a fhorbairt agus a chomhroinnt ar mhaithe le cathracha na hÚcráine.

Circular Graphic
Comhar feabhsaithe i réimse an taighde

Comhlachas na hÚcráine le Fís Eorpach agus le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom, is uirlis thábhachtach é chun a héiceachóras taighde agus nuálaíochta a chaomhnú agus a chothú.

Ina theannta sin, osclóidh an Coimisiún oifig Fís Eorpach i gCív chun deiseanna cistiúcháin an Aontais a chur chun cinn, agus chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do thaighdeoirí agus do nuálaithe ón Úcráin.

Circular Graphic
Téarnamh agus atógáil

Seoladh an tArdán Ilghníomhaireachta Comhordaithe Deontóirí i mí Eanáir 2023 chun comhordú a dhéanamh ar an tacaíocht ghearrthéarmach agus ar an tacaíocht níos fadtéarmaí ó dheontóirí agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta chun tacú le geilleagar na hÚcráine.

Scéalta na ndaoine

Lyudmilla in Moldova with her cousin

B’éigean do Lyudmilla teitheadh óna baile in Mykolaiv agus fuair sí tearmann sa Mholdóiv, áit a raibh a col ceathrair Tatiana ann roimpi.

Civilian infrastructure including power plants, radio towers and bridges, has been destroyed in the war. The impact of such attacks will have long-lasting consequences.

Mná agus páistí easáitithe atá ag súil go géar le filleadh abhaile lá amháin, is é People in Need a bhailigh a scéalta.

 

Zina and a group of kids in the metro station in Karkhiv, Ukraine

Agus iad ar foscadh i stáisiún meitreo Kharkiv, chabhraigh Zina le páistí a bhí i bhfolach ar an gcogadh trí bhréagáin agus ábhair oideachais a thabhairt dóibh.

Doiciméid

  • Factsheet
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Factsheets related to EU-Ukraine College to Government meeting