Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin

Líne tharrthála do gheilleagar na hÚcráine agus beart ríthábhachtach don tslándáil bhia ar fud an domhain

Tá sé ríthábhachtach don Úcráin a bealaí trádála a choinneáil ar oscailt ionas gur féidir le hearraí sreabhadh sa dá threo. Ó bhí Feabhra 2022 ann tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ag cur bac ar an sreabhadh sin.

I mí na Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún Plean Gníomhaíochta na Lánaí Dlúthpháirtíochta chun bealaí malartacha lóistíochta a bhunú d’iarnród, de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre, bealaí ar a dtugtar Lánaí Dlúthpháirtíochta.

Tábhacht na Lánaí Dlúthpháirtíochta

alt=""
Tá siad ríthábhachtach chun slándáil bia an domhain a chosaint
Agricultural goods
Tá siad ríthábhachtach chun earraí talmhaíochta a easpórtáil ón Úcráin
Fuel, humanitarian aid
Is iad an príomhbhealach iad ar féidir leis an Úcráin na hearraí go léir atá de dhíth uirthi a iompórtáil (breosla, cabhair dhaonnúil)

Tá an Úcráin ar na heaspórtálaithe gráin is mó ar domhan

Barley
An tríú táirgeoir eorna is mó ar domhan
Maize
An ceathrú táirgeoir arbhair Indiaigh is mó ar domhan
Wheat
An cúigiú táirgeoir cruithneachta is mó ar domhan

Is é an táirgeadh gráin bunchloch gheilleagar na hÚcráine agus cuirtear bia ar fáil leis do chuid mhór tíortha ar fud an domhain.

Cén chabhair a cuireadh ar fáil a bhuí leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta?

Idir mí na Bealtaine 2022 agus mí Eanáir 2024, chuir na Lánaí Dlúthpháirtíochta ar chumas na hÚcráine tuairim agus 122 mhilliún tona earraí a easpórtáil, timpeall 64 mhilliún tona gráin, barr olashíl, agus táirgí gaolmhara ina measc. Bhíothas in ann timpeall 58% de ghrán na hÚcráine a easpórtáil tríothu ó thús an chogaidh. Easpórtáladh thart ar 42% de ghrán na hÚcráine trí chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh.

Chuir na Lánaí Dlúthpháirtíochta ar chumas na hÚcráine thart ar 45 milliún tona earraí atá de dhíth uirthi a allmhairiú freisin: ó chabhair mhíleata agus cabhair dhaonnúil go breosla agus táirgí eile.

Meastar gur thart ar €139 mbilliún luach iomlán na trádála trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta, níos mó ná €46 bhilliún le haghaidh easpórtálacha na hÚcráine agus os cionn €93 bhilliún le haghaidh iompórtálacha na hÚcráine.

Easpórtálacha gráin ón Úcráin 2022-2024

88.1 milliún tona gránaigh
a d’easpórtáil an tAontas go tríú tíortha idir mí an Mhárta 2022 agus mí na Nollag 2023

Ranníocaíochtaí airgeadais

Tá an Coimisiún Eorpach, in éineacht le hinstitiúidí airgeadais comhpháirtíochta, ag infheistiú i méaduithe acmhainneachta, i ndeisiúcháin, agus i leachtacht d’oibreoirí. Go dtí seo, slógadh níos mó ná €2 bhilliún le haghaidh na Lánaí Dlúthpháirtíochta chun an tslándáil bia a fheabhsú ar fud an domhain agus líne tharrthála a thabhairt do gheilleagar na hÚcráine. 

Na forbairtí is tábhachtaí

  1. Meán Fómhair 2023

    Chuir an tAontas €7 mbilliún ar fáil do thionscadail thábhachtacha bhonneagair. Osclaíodh an glao d’eintitis de chuid na hÚcráine agus na Moldóive den chéad uair.

  2. Mí Iúil 2023
    • Chuir an Rúis deireadh le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe
    • Moladh i staidéar nua faoi naisc iarnróid an Aontais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv nasc den leithead Eorpach a bhunú mar chéad chéim ó Kraków/Katowice na Polainne go Lviv na hÚcráine, agus ó Iași na Rómáine go Císineá na Moldóive.
  3. Meitheamh 2023
    • Infheistíodh €250 milliún i 9 dtionscadal Lánaí Dlúthpháirtíocht chun na naisc trasteorann a fheabhsú idir an Úcráin, an Mholdóiv agus an tAontas.
    • Comhlachú na hÚcráine le clár maoinithe bonneagair an Aontais – an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, trínar féidir leis an Úcráin cur isteach ar mhaoiniú ón Aontas i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus cúrsaí digiteacha – ar mhaithe le feabhsú na nasc idir an tAontas agus an Úcráin. Síníodh comhaontú den chineál céanna idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive i mí Bhealtaine 2023.
  4. Eanáir 2023

    Cuireadh €226 mhilliún ar fáil ó ghlao Soghluaisteachta Míleata lena gcuirtear feabhas ar nascacht fhadtéarmach leis an Úcráin agus leis an Moldóiv agus lena dtreisítear na Lánaí Dlúthpháirtíochta sa Pholainn, sa Rómáin agus sa Ghearmáin.

  5. Nollaig 2022

    Infheistíodh €240 milliún breise i dtionscadail soghluaisteachta míleata, rud a chuir feabhas ar an mbonneagar ar na Lánaí Dlúthpháirtíochta sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa Rómáin.

  6. Mí Iúil 2022

    Moladh an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) a shíneadh go dtí an Úcráin agus an Mholdóiv.

  7. Meitheamh 2022

    Tuilleadh iompair de bhóthar ceadaithe mar gheall ar chomhaontuithe nua sa réimse sin idir an tAontas, an Úcráin agus Poblacht na Moldóive. Bhí tarlóirí in ann idirthurais agus oibríochtaí a dhéanamh idir na críocha sin feasta, gan ceadanna a bheith ag teastáil uathu.

Bileoga eolais

15 LÚNASA 2023
Factsheet EU-Ukraine Solidarity Lanes – Lifeline for Ukrainian economy, key for global food security
11 MEÁN FÓMHAIR 2023
Factsheet on EU-Ukraine Solidarity Lanes Joint Coordination Platform